Sonraí pearsanta rúnda custaiméirí Gaeltachta caillte ag AIB i nGaillimh

Seoladh litir chuig custaiméirí de chuid chraobhacha AIB i mBóthar na Trá agus sa Spidéal le cur in iúl dóibh gur cailleadh sonraí pearsanta dá gcuid

Sonraí pearsanta rúnda custaiméirí Gaeltachta caillte ag AIB i nGaillimh

Tá sonraí pearsanta rúnda a bhaineann le 550 custaiméir de chuid AIB i gContae na Gaillimhe caillte ag an mbanc. Custaiméirí a bhfuil cuntais acu sa chraobh Ghaeltachta den bhanc, AIB an Spidéil, agus in AIB Bhóthar na Trá atá i gceist.

Tuairiscíodh ar an gclár Adhmhaidin  ar RTÉ Raidió na Gaeltachta inniu gur cailleadh na cáipéisí atá i gceist nuair a bhí oibrí de chuid an bhainc ag taisteal ó chraobh amháin go craobh eile i gcomhair cruinniú i gcathair na Gaillimhe, agus nach bhfuarthas ó shin iad.

Seoladh litir chuig custaiméirí de chuid an bhainc le cur in iúl dóibh gur cailleadh scarbhileog, a raibh eolas pearsanta na gcustaiméirí uirthi, Déardaoin an 31 Lúnasa. Dúradh sa litir go bhfuil “gach iarracht is féidir” á dhéanamh teacht ar an gcáipéisíocht ach nach bhfuil sí faighte go fóill.

Bhí eolas sa scarbhileog faoi ainm na gcustaiméirí, iarmhéideanna cuntas agus iasachtaí, táillí bliantúla, láimhdeachas na gcuntas agus códanna a bhaineann le hobair oifige an bhainc.

 

Deimhníodh do na custaiméirí nach raibh a seoladh baile ná sonraí eile teagmhála i measc an eolais a cailleadh.

“Tá do chuntais fós faoi chosaint mar is gnáth agus ní féidir d’aon duine eile seachas tú féin teacht ar an airgead atá iontu ach ar na gnáthbhealaí, le do chártaí, do PIN, do cháipéis aitheantais, nó le deimhniú do shíniú,” a dúradh sa litir.

Ghabh an banc leithscéal as an eachtra agus tugadh le fios go bhfuil AIB “an-dáiríre” faoi chosaint sonraí agus go bhfuil Oifig an Choimisinéara Cosanta Sonraí curtha ar an eolas faoin scéal.

Fág freagra ar 'Sonraí pearsanta rúnda custaiméirí Gaeltachta caillte ag AIB i nGaillimh'