Sonas, ort, a Sonaí! Tá séasúr an aoibhnis agus an tsonais linn…

Is cosúil eolaithe na linne seo a bheith ar aon intinn le haithreacha móra ár gcolúnaí i dtaobh an tsonais de

Sonas, ort, a Sonaí! Tá séasúr an aoibhnis agus an tsonais linn…

Sonas ort, a Sonaí.  ’Sé mo ghéarchuimhne é.  M’athair mór ag guí sonais ar m’athair mór eile.  Ba é Cóilín Choilm Seoige m’athair mór ar thaobh mo mháthar agus ba é Sonaí Josie m’athair mór ar thaobh m’athar.  Ní beannacht Nollag a bhí ann fiú agus gur dóigh go raibh muid istigh i ngearróga beaga na Nollag sna hoícheanta fada sin.  Bhíodh Sonaí ag cuartaíocht agus nuair a d’fhágadh sé slán againn ag teannadh le huair an mheáin oíche chuireadh Cóilín slán leis ar an gcaoi sin.  ‘Sonas ort, a Sonaí’.  Bhí sort nádúr beag filíochta ag baint leis mar a tharla  – sona agus sonaí!  Is dóigh gur ar an gcúis sin a d’fhan sé i gcónaí i m’intinn.  Sonas orthu uilig anois; tá siad gaibhte ar chosán na síoraíochta le fada an lá.

Níl a fhios agam cén uair a tháinig an leagan ‘Nollaig Shona’ isteach sa gcaint ach is dóigh go bhfuil sé scaitheamh maith ó shin.  Ach, níor chuala mé an leagan sin a bhíodh sa gcaint idir mo chuid seanaithreacha mórán ó shin:  ‘Sonas ort’.

Seo é séasúr an tsonais agus na mbeannachtaí agus na dea-mhéine.  Tá an sonas agus dea-rath dá ghuí ar chuile dhuine.  Is aoibhinn an t-am de bhliain é ar an gcaoi sin.   

Ach cén bhrí go díreach atá leis an bhfocal sonas agus céard a chruthaíonn agus a cothaíonn sonas sa duine?

D’airigh mé sagart ag caint air sin ag Aifreann i gConamara an oíche cheana.  Sagart Polannach atá lonnaithe sa gceantar anois. Bhí sé ag cíoradh na ceiste móire seo agus soilse ornáideacha na Nollag ag scaladh air sa gclapsholas.   Taobh istigh sa duine féin atá aoibhneas agus sonas, arsa an sagart seo.  Bhí an dá shaol feicthe aige sna hOileáin Fhilipíneacha agus i réigiúin bhochta eile.  Dúirt go raibh daoine sona feicthe aige scaití sna háiteacha ba mhó a bhí buailte ag cruatan an tsaoil.  Ar an taobh eile den scéal bhí an duairceas agus an ísle brí feicthe aige i measc chuid de na daoine ba dheisiúla sa domhan.  An chiall a bhí leis seo, a deir an Sagart Polannach ná gur as do chroí féin a thagann sonas; ní airgead ná maoin an tsaoil a thugann sonas do dhaoine.

D’fhéadfaí a dhul domhain sa scéal seo agus ní bheadh chuile dhuine ar aon intinn leis an Sagart Polannach i  gConamara.  Ach, san am céanna, tá a chuid cainte ag teacht go mór leis an tuairim atá ag cuid de na saineolaithe.  Ní bhraitheann sonas ar shaibhreas – agus ní bhaineann sé le heaspa sólaistí an tsaoil ach an oiread.

Tá sonas an duine bunaithe ar a thréithe géineolaíochta – na tréithe, nó easpa tréithe, a thugann sé leis ón mbroinn.  Sin é atá déanta amach ag an Ollamh Meike Bartels, cathaoirleach na rannóige taighde in Ollscoil Vrije in Amsterdam.  D’fhoilsigh sise torthaí staidéir scaitheamh ó shin a thaispeánann ceangal idir nádúr bunúsach (DNA), géineolaíocht an duine agus an sonas.  Ar an taobh eile den scéal taispeánann na ceangail ghéineolaíochta freisin go bhfuil baint shuntasach ag nádúr bunúsach an duine leis an ísle brí.

Rinne Bartels agus a comhghleacaithe staidéar ar 300,000 duine; fuaireadar amach go bhféadfadh trí shnáth géineolaíochta a bheith sa gcolainn – agus eireabaillíní  go leor orthu – a chuireadh duine i dtreo an tsonais agus na pearsantachta sásta.   (Tá péire eile tugtha faoi deara acu a chuirfeadh duine i dtreo na hísle brí).

Glacann Bartels leis go bhfuil baint ag saol an duine agus a thimpeallacht leis an leibhéal sonais freisin.  San am céanna, dúirt sí gur minic go mbíonn “timpeallacht” an duine múnlaithe go pointe de bharr an bhunmhianaigh atá sa duine féin.

Ach an bhféadfaí athrú a chur ar an DNA sa duine lena chinntiú go mbeadh sé/sí níos sonasaí?   ‘Bheadh sé ró-chasta,’ a deir an tOllamh Bartels.  ‘Tá an oiread sin de bhunchreatlach an DNA i gceist agus nach dóigh go mbeadh sé praiticiúil i dtéarmaí leighis.’ 

Ní raibh a leithéid de chaint, ná d’eolaíocht ann, nuair a bhíodh athair mór amháin liom ag guí sonais ar m’athair mór eile.  Ach chuile sheans go rabhadar den bharúil go raibh mórán chuile shórt ag rith le nádúr an duine; bhí an tuairim sin an-choitianta tráth den saol.   Tá an tOllamh Mieke Bartels mórán ar an intinn chéanna anois.

Ach tá roinnt le déanamh ag an timpeallacht leis freisin agus is deas an rud go gcloisfeá duine éigin ag guí sonais ort.  Agus guímse Nollaig Shona oraibh uilig … beag beann ar mo DNA féin ná an DNA sin agaibhse. 

‘Sonas oraibh’.

Fág freagra ar 'Sonas, ort, a Sonaí! Tá séasúr an aoibhnis agus an tsonais linn…'

  • Pól Réamonn

    Is sonas an méid atá fágtha ann, nuair nach chreidimid na scéalta inár n-intinn.