Sólás don scríbhneoir nach mbíonn sásta lena shaothar féin…

LÉAMH AGUS SCRÍOBH: Colún faoin litríocht agus faoin scríbhneoireacht chruthaitheach. An tseachtain seo: líne de chuid Clarice Lispector a thabharfaidh

Sólás don scríbhneoir nach mbíonn sásta lena shaothar féin…

Ar tharla sé duit riamh go raibh ort leabhar a bhí á léamh agat a dhúnadh agus a leagan uait ar feadh tamaill toisc go raibh an iomarca gaoise ann? Gurbh éigean duit tamall a chaitheamh ag stánadh amach romhat chun dul i ngleic le léargas nua sularbh fhéidir leat coinneáil ort leis an léitheoireacht?

Tarlaíonn sé sin dom an t-am ar fad le saothair Clarice Lispector, údar Brasaíleach a luaigh mé an tseachtain seo caite agus a luafaidh mé arís amach anseo gan dabht – tá sí ag barr liosta mo laochra liteartha faoi láthair.

Um Nollaig, bhí orm an chéad úrscéal aici, Near to the Wild Heart, a leagan uaim ar feadh cúpla nóiméad nuair a tháinig mé ar líne a chuireann síos go beacht ar mhothúchán brónach a thagann orm chuile uair dá gcríochnaím féin togra scríbhneoireachta; mothúchán nár shíl mé a d’fhéadfaí a chur i bhfocail ar chor ar bith go dtí gur tháinig mé ar an líne seo ó phríomhcharachtar Near to the Wild Heart, Joana:

‘… an nóiméad a dhéanaim iarracht rud éigin a rá, ní hamháin nach n-éiríonn liom an rud a mhothaím a chur in iúl, ach – go mall – claochlaíonn an rud a mhothaím sa rud a deirim.’

An fhís a bhíonn ag an scríbhneoir sula gcuireann sé peann le páipéar ar chor ar bith, ní fhíorófar go brách í.

An leabhar a theastaíonn uaidh a scríobh sula gcuireann sé tús leis an gcéad abairt, ní scríobhfar go brách é. A luaithe is a thosaíonn sé ag scríobh, tagann claochlú ar an bhfís. Nuair a bhíonn an togra scríbhneoireachta críochnaithe, ní hé an toradh a bhí uaidh a bhíonn roimhe ach malartán, scéal máchaileach a chuir lucht sí na scríbhneoireachta sa chliabhán a raibh leagan scríofa den bhunfhís ceaptha a bheith ann.

Mar bharr ar an donas, ní fheicfidh léitheoirí ach an malartán sin; scéal nach é, go baileach, an scéal a theastaigh ón scríbhneoir a scríobh an chéad lá riamh. Bíonn an scríbhneoir fágtha leis an saothar a scríobhadh an chuid eile dá shaol, mar a bheadh duine a mbeadh tatú ar a chraiceann nár oibrigh amach i gceart.

Agus an bhunfhís, ní bheidh teacht aige uirthi go brách arís: beidh urú déanta uirthi ag an scéal a cuireadh ar pháipéar.

Ba shólás mór dom an líne sin thuas ag Clarice Lispector. Ní hamháin gur éirigh léi friotal a chur ar mhothúchán a thagann orm go rialta agus nár thuig mé i gceart riamh, ach más rud é go mbíodh an mothúchán céanna ag cur as do scríbhneoir chomh cumasach sin agus Lispector féin (úrscéal thar a bheith dírbheathaisnéiseach é Near to the Wild Heart agus is féidir talamh slán a dhéanamh de gur uirthi féin a bhunaigh Lispector príomhcharachtar an scéil, Joana) tá dóchas ann fós! 

Agus cinnte, éiríonn sé níos fusa peann a chur le páipéar nuair a ghlacann duine leis, roimh ré, go mbeidh máchail éigin ar thoradh a chuid scríbhneoireachta.

– Sa bhunleagan Portaingéilise a léigh mé féin saothar Clarice Lispector, ach tá tóir as cuimse ar aistriúcháin a saothair go Béarla.

Fág freagra ar 'Sólás don scríbhneoir nach mbíonn sásta lena shaothar féin…'

  • Mise Áine

    @ ‘scéal nach é, go baileach, an scéal a theastaigh ón scríbhneoir a scríobh an chéad lá riamh.’

    Tuigim do chás, ach glactar leis, ceapaim, go bhfuil cuid den bhunfhís i dtoradh na hoibre, i ngan fhios, b’fhéidir. Fiú más ‘máchaileach’ fhéin an scéal, i dtuairim an scríbhneora, bainfidh an léitheoir ‘tuiscint an léitheora’ as an saothar atá á léamh aige/aici, is cuma cén bhunfhís a bhí ag an scríbhneoir.

    @’Ar tharla sé duit riamh go raibh ort leabhar a bhí á léamh agat a dhúnadh agus a leagan uait ar feadh tamaill toisc go raibh an iomarca gaoise ann?’

    Go mion minic..:-)