Solas ag deireadh an tolláin, an mbeidh an saol mar a bhí roimh an bpaindéim?

Tá vacsaíní ar fáil. Tiocfaidh deireadh, de réir a chéile, le srianta dianghlasála. Ach an mbeidh an saol mar a bhí roimh an bpaindéim? Tá súil ag ár gcolúnaí nach mbeidh!

Solas ag deireadh an tolláin, an mbeidh an saol mar a bhí roimh an bpaindéim?

Mura bhfuil dul amú mór millteach orm, ní raibh paindéim á tuar ag aon tráchtaire nuachta an t-am seo anuraidh. Is cinnte nach raibh agamsa – in ainneoin go raibh an coróinvíreas ag scaipeadh go rábach i gcathair Wuhan na Síne nuair a bhí ‘Súil chun cinn ar 2020’ á scríobh agam.

Aisteach go leor, déanann an phaindéim mo jab níos éasca i mbliana: tá an scáil a chaith an coróinvíreas ar an mbliain 2020 chomh mór sin go ndorchóidh sí cuid mhór den bhliain 2021 chomh maith.

Cinnte, tá vacsaíní ar fáil agus is dóichí ná a mhalairt go bhfaighidh an chuid is mó againn sáiteán sa ngualainn roimh dheireadh na bliana. Tiocfaidh deireadh de réir a chéile leis na srianta dianghlasála. Eagrófar an Comórtas Eoraifíse i gcathair Rotterdam i mí na Bealtaine, an mhí ina dhiaidh sin imreofar Corn UEFA i staideanna ar fud na hEorpa, agus an mhí ina dhiaidh sin arís beidh Cluichí Oilimpeacha an tsamhraidh ar siúl i dTóiceo na Seapáine.

Ach an é sin é?

An mbeidh chuile shórt mar a bhí roimh an bpaindéim?

Tá súil agam nach mbeidh!

Bhí tráchtairí ann, le linn na bliana 2020, a mhaígh gur muide, an cine daonna, an víreas atá ag tachtadh an phláinéid seo. Ní rachaidh mise chomh fada leis sin, ach d’aontóinn leis an dearcadh gur galar í ár stíl bheatha, is é sin le rá, an caipitleachas.

Nuair a deirim go bhfuil súil agam gur casphointe a bhí sa bhliain 2020 agus go gcuirfear tús le ré úr in 2021, ní hionann sin is a rá go bhfuil súil agam go dtarlóidh réabhlóid: i bhfad uainn doirteadh fola agus anachain den sórt sin. Ach ba mhaith liom a cheapadh gur fhoghlaim muid rud éigin nuair a bhí muid ar fad faoi ghlas inár gcuid tithe.

Is léir do na heolaithe go bhfuil dlúthbhaint idir scaipeadh an choróinvíris agus ionradh a bheith á dhéanamh againn ar ghnáthóga nádúrtha na bhfrídíní. Más fíor, tá na céadta víreas marfacha nár aimsíodh go fóill ag fanacht linn sa dufair atá á baint againn agus sa talamh síorshioctha atá á leá againn.

Is ea: againn. Tá tusa agus mise agus chuile dhuine beo a ghlacann páirt i bhfáinne fí an tomhaltachais ciontach as an gcreach atá á déanamh ar acmhainní nádúrtha na cruinne. An litiam i gcadhnra an ghutháin chliste nó an ríomhaire ar a bhfuil an t-alt seo á léamh agat, nó i gcadhnra an chairr leictrigh a cheapann tú ba chóir duit a cheannacht anois agus olltubaiste aeráide ag druidim linn, truaillíodh uisce ar a shon sa tSile, sa Bholaiv, sa Chongó. Chuile sheans gur cuireadh pobal bundúchasach as seilbh.

Dar leis an bhfealsamh bundúchasach as an mBrasaíl, Ailton Krenak, a scríobh leabhar gairid ach cumhachtach faoi phaindéim na bliana 2020, is éard atá sa choróinvíreas ná uirlis de chuid an dúlra chun muidne a ‘chasadh as’ sula gcasfaimidne an pláinéad ‘as’. Ach tá dóchas ar fáil i leabhar Krenak, A vida não é útil (‘Níl an saol in ainm is a bheith tairbheach’), leis.

‘Is féidir linn maireachtáil ar an bpláinéad seo, ach ní mór dúinn tabhairt faoi ar bhealach eile,’ a scríobhann Krenak. ‘Mura ndéanfaimid sin, bheadh sé chomh maith againn iarracht a dhéanamh na Himiléithe a dhreapadh agus ár dteach, an cuisneoir, an gadhar, an phearóid agus an rothar a thabhairt linn ar ár ndroim.’

Éirí as an tsíorcheannacht, i bhfocail eile. Fanacht san áit a bhfuil muid oiread agus is féidir. Iarracht a dhéanamh an áit sin a dhéanamh níos cothroime (ní hí an tírdhreach atá i gceist agam, ar ndóigh, ach an tsochaí) agus a choinneáil glan.

Athrú radacach buan a bheidh ag teastáil seachas sos sealadach ón scrios, mar a thug muid don phláinéad nuair a chuir muid srianta dianghlasála i bhfeidhm orainn féin ar feadh cúpla mí.

An dtarlóidh a leithéid d’athrú thar oíche, nó fiú amháin in imeacht bliana? Ní tharlóidh. Ach ba mhaith liom a cheapadh go mbeimid in ann breathnú siar as seo go ceann deich mbliana agus a rá gur thosaigh ré úr tar éis phaindéim an choróinvíris, agus nach bhfuair 1.6 milliún duine bás in aisce.

Má léirigh taithí dianghlasála na bliana seo caite rud amháin, léirigh sí go bhfuil muid in ann, mar chine daonna, athruithe móra a chur i bhfeidhm nuair is gá.

Más den phráinn é athruithe móra a chur i bhfeidhm san fhíorshaol, tá géarghá le hathruithe móra inár saol fíorúil, leis. Ghéaraigh na srianta dianghlasála paindéim uaignis a bhí faoi lán seoil cheana féin. Ár ndeighilt óna chéile seachas ár dtabhairt le chéile a bhíonn na meáin shóisialta: chuile dhuine á shú isteach níos doimhne agus níos doimhne ina dhomhan beag féin – ina fhírinne féin – ag algartaim uilechumhachtacha. Tá ár n-aigne, an tsochaí agus an daonlathas féin á scrios. Ach más fianaise na cásanna dlí in aghaidh trustaí atá á dtabhairt i gcoinne Facebook sna Stáit Aontaithe faoi láthair agus a bhfuil sé mar aidhm acu cumhacht impireacht Mark Zuckerberg a bhriseadh, d’fhéadfadh cor cinniúnach a bheith inár gcaidreamh leis an idirlíon a bheith i ndán dúinn in 2021.

Ós ag caint ar na Stáit Aontaithe muid, ceann de na hathruithe polaitiúla is mó a tharlóidh i mbliana, ar ndóigh, ná go mbogfaidh Joe Biden isteach sa Teach Bán ar an 20 Eanáir. An dúshlán is mó a bheidh roimhe, agus roimh a leathbhádóir Kamala Harris, ná iarracht a dhéanamh na créachtaí a d’fhág Donald Trump i sochaí na Stát Aontaithe a leigheas. Chuile sheans go mbeidh gá le ceannaireacht láidir ón mbeirt sa Mhárta, nuair a chuirfear tús le triail David Chauvin, an póilín geal a mharaigh an fear dubh George Floyd i gcathair Minneapolis anuraidh, eachtra a spreag oll-léirsithe ar fud na Stát agus go deimhin ar fud an domhain.

Duine a léirigh ceannaireacht láidir, thuisceanach, stuama agus dhaonna le blianta fada ná Angela Merkel, atá i gceannas sa Ghearmáin ó bhí 2005 ann. Fágfaidh sí slán leis an bpolaitíocht i mbliana; beidh toghchán don Bundestag san Fhómhar. Aireoimid uainn í.

Cén ceannaire Eorpach a thógfaidh a háit mar réalta eolais in am an ghátair? Beidh toghchán parlaiminte san Ísiltír Lá ’le Phádraig agus mura mbeidh casadh gan choinne sa scéal beidh an liobrálach Mark Rutte, atá ina phríomhaire ó bhí 2010 ann, sa diallait go ceann ceithre bliana eile. Tá Rutte ar dhuine de na ceannairí Eorpacha is mó taithí faoin am seo, ach tá sé i bhfad ródheighilteach le go dtabharfaí an éisteacht chéanna dó, ar bhonn Eorpach, agus a tugadh do Merkel le blianta fada.

Faraor, beidh fíorcheannaireacht ag teastáil san Eoraip i mbliana thar aon bhliain eile agus an Ríocht Aontaithe ag fágáil an Aontais. Iontas na n-iontas, ní raibh ceist an Bhreatimeachta réitithe go fóill agus bailchríoch á cur ar an alt seo.

An mbeidh tionchar ag an mBreatimeacht céanna ar COP26 i nGlaschú na hAlban, comhdháil bhliantúil na Náisiún Aontaithe maidir le hathrú na haeráide, a cuireadh ar athló in 2020 agus atá le heagrú i dtús mhí Samhna na bliana seo?

Nó an gcuirfear an chomhdháil sin ar ceal arís toisc go gcuirfidh frídín éigin eile an saol as a riocht idir seo agus sin?

Ar chaoi ar bith, níor chóir fanacht go dtí mí na Samhna chun athruithe a chur i bhfeidhm, inár nduine agus inár nduine agus mar shochaí, a choinneoidh an domhan seo inmharthana.

Fág freagra ar 'Solas ag deireadh an tolláin, an mbeidh an saol mar a bhí roimh an bpaindéim?'

  • Donal O Bearra

    Alt maith. Ná cáil do mhisneach. Teastaíonn daoine agus iriseoirí chun an gaol idir an nádúr agus an paindéim a dhéanamh. Caifear an saol a athrú.