Is ait an mac an cultúr. Cuir Adhlacadh mo Mháthar le Seán Ó Ríordáin – “Agus thit an Meitheamh siar isteach sa Gheimhreadh/Den úllghort deineadh reilig bhán cois abhann” – i gcomparáid le The Lights of Pointe-Noire (Serpent’s Tail) le hAlain Mabanckou, agus a scéal féin faoina mháthair.
D’éag máthair Mabanckou le linn dó a bheith ina chónaí i bPáras: “I heard my mother had died … I was expected back in the Congo for the funeral and the telephone rang endlessly. A cousin urged me to come back. My aunt Dorothée threatened to kill herself if I didn’t show up. My cousin Kihouari yelled that we’d be cursed if I didn’t get on the next plane … I didn’t go.”
An dtabharfá duine fuarchúiseach air sin? Seans go dtabharfá. Seans go dtugann sé sin míniú ar a dhrogall pilleadh ar Pointe-Noire sa Chongó seal mór fada i ndiaidh bhás a mháthar. B’fhéidir gur sampla é de chroí crua an imircigh. Níl dlí ar an riachtanas. Éalaíonn tú mar nach mbíonn tú sásta cur suas lena bhfuil thart ort; ní philleann tú mar gur fearr leat a bhfuil agat ná ar fhág tú taobh thiar díot.
Éiríonn le Mabanckou úrscéalaí a dhéanamh de féin agus é sa Fhrainc. Baineann sé duaiseanna as a chuid scríbhneoireachta sa Fhraincis; tugtar aitheantas dó. Is i Los Angeles atá sé anois lonnaithe; ag teagasc ar UCLA.
Scéal faoinar fhág sé ina dhiaidh atá i gceist le The Lights of Pointe-Noire – a mháthair, a ghaolta, a chairde, a óige, an bochtanas: “I add it up in my head: I’ve come back to this town seventeen years after my mother’s death, seven years after my father’s and twenty-three years after I left for France.”
Ní leabhar é The Lights of Pointe-Noire a thugann ardú croí duit. Tá pobal an bhaile beo bocht, chomh bocht go santaíonn siad airgead ón údar mór le rá. Is iomaí sin lámh a shíntear i dtreo Mabancko. Tá airgead uathu agus tá airgead aige agus tá an t-airgead ag dul dóibh, ó cheart, ó ghaol fola, ó thraidisiún. Bíonn a dhaoine muinteartha ag súil le hairgead; bíonn strainséirí ag súil le hairgead. An strainséir féin, insíonn sé bréaga le go bhfaigheadh sé lón ón scríbhneoir – agus ansin imíonn sé leis, a ghoile lán, ag insint tuilleadh bréag gur goideadh a sparán; go gceannódh sé an lón an lá dár gcionn…
Níl uaisleacht ar bith ag baint leis an bhochtanas seo. Cruann an croí de réir a chéile. Roinneann tú ar do mhuintir féin ar dtús, más féidir leat é, ach bainfidh do mhuintir féin an chuid as do bhéal má thig leo é. Goidfidh an chomharsa béal dorais do chuid talaimh má thig leis é; rachaidh do chéile fir le bean eile más féidir leis é. Ní féidir leat do mhuinín a chur i mórán daoine nó is in iomaíocht, in iomaíocht laethúil, leo a bhíonn tú – leis an phost is lú tábhacht a fháil, le bia a fháil, le deis a fháil, le rud éigin a fháil nach mbeidh acusan. Éiríonn daoine éadmhar.
Ní le fearg ná le déistin a chuireann Mabanckou síos ar an phobal. Murab ionann agus mórán scríbhneoirí Éireannacha, ní thógann sé a n-iompar orthu ná ní fhaigheann sé locht ar an stair ná níl sé ar lorg díoltais. Tuigeann sé dá phobal; is den phobal é. Tuigeann sé féin é sin – bíodh is go gcuireann sé as dó anois agus arís. Faoi chroí mór maith a thugann sé cúpla punt d’iarmhúinteoir dá chuid; go drogallach a thugann sé airgead do ghaolta eile dá chuid.
Braitheann tú go nglacann sé lena chás; tá costas ag baint leis an philleadh; tá costas ann bheith i do scríbhneoir mór le rá sa Fhrainc agus, ar ball, sna Stáit Aontaithe. Tá costas le híoc as an scéal, as an dúchas, as an athnuachan chultúrtha.
Ar cuairt atá sé ina thír féin, cuairt atá faoi chúram an ghrúpa chultúrtha, Institiúid na Fraincise. Tagann scríbhneoirí eile chuige, ní de bharr go bhfuil spéis acu ann, ach de bharr gur féidir leis cuidiú leo: “Here, everyone is a poet! And they have been watching out for you for days! You must see them, and have a few words, it’s important to them. There are over a dozen of them down there…”
(Nach gcuireann sé Éire i gcuimhne duit agus arm seasta filí Kavanagh? An bhfeiceann tú do mhuintir féin i scáthán an scéil?)
Is é is tábhachtaí leis agus é ag pilleadh ar an Fhrainc ná a leabhar nótaí, síol an chéad scéil eile. Ní thagann an leabhar sin ar ais gan chuideachta: “I also packed the self-published books which had been given me by various local authors. I promised myself I would read them in Europe or America…”
Tá imní air faoi na leabhair chéanna, imní an údair a thuigeann “that many books are not made to travel, and disintegrate as soon as the plane crosses over borders. These are books that can be read only in the place where they were written. They have no passport, can’t tolerate changes in climate…”
Is fíor dó ach, ar an dea-uair, tagann leabhar nó dhó slán as an aistriú thar teorainneacha.
The Lights of Pointe-Noire, le Alain Mabanckou
Fág freagra ar 'Soilse an bhaile: an t-údar ag déanamh a anama ar aistear chun a bhaile'