Soilíos agus stuaim Hugh Kelly a thuill grá a mhuintire  

Ag Aifreann sochraide Hugh Kelly, 59,  ar an Chraoslach inniu iarradh ar dhaoine atá suaite cuidiú a lorg 

Soilíos agus stuaim Hugh Kelly a thuill grá a mhuintire  

I Séipéal Naomh Micheál ar an Chraoslach inniu a dúradh an cúigiú aifreann sochraide do dhaoine a maraíodh sa phléasc thubaisteach ar an Chraoslach an tseachtain seo caite.  

“Fear sona le meangadh an rógaire” a raibh grá mór ag a mhuintir agus a chairde dó, an cur síos a rinneadh ar Hugh Kelly as Caisleán na dTuath ag a aifreann sochraide inniu. Ba é Hugh an duine ba shine a bhásaigh sa tubaiste. 

Dúradh le pobal na sochraide nach raibh ach cúpla seachtain ann ó bhí Hugh ag ceiliúradh nuair a fuair sé amach go raibh maolú ar an tinneas a d’fhág faoi chúram lucht leighis i nGaillimh é le tamall blianta.  

Is é inniu an ceathrú lá ag muintir an Chraoslaigh garda onóra a dhéanamh ar shráid an bhaile lena gcomhbhrón agus a dtacaíocht a léiriú dóibh siúd a buaileadh sa tubaiste a d’fhág deichniúr dá bpobal marbh. 

Bhain Hugh Kelly slí bheatha as an bhfeirmeoireacht agus an tógáil agus go brónach ina dhiaidh tá a pháirtí Linda, a hiníon agus a gariníon chomh maith le deartháir amháin agus beirt deirféar.  

Dúirt an tAthair John Joe Duffy. sagart paróiste an Chraoslaigh, le Linda go raibh siad ar fad “ag smaoineamh uirthi” ag an tráth crua seo.  

Dúirt an sagart gur duine ab ea Hugh a bhféadfá brath air le tabhairt faoi aon saothar.  

“Ba chuma an clár sciorta nua a bhí le cur isteach nó seilf a chrochadh do phictiúr, thabharfadh Hugh 100% don obair sin agus chaithfeadh sé am leis lena chinntiú go mbeadh sé gan cháim agus ar ndóigh ní raibh aon duine in ann ag Hughie.”  

Mheabhraigh an tAthair John Joe Duffy do phobal an Chraoslaigh a bhí ag an tsochraid inniu cuidiú a lorg tráth a raibh daoine suaite agus faoi bhrón.  

“Dea-ghuí agus tacaíocht ó dhaoine sa phobal seo, daoine lasmuigh den phobal agus daoine ar fud na cruinne a choinnigh ag imeacht muidne sna laethanta duairce seo. Mothú na bpaidreacha, na mbeannachtaí is an dea-ghuí sin atá ár n-iompar ar an aistear anacrach seo. 

“Tá barróg sin na tíre ag teastáil uainn go fóill mar atá na paidreacha agus an cuidiú gairmiúil atá ar fáil dúinn.” 

Sa Chraoslach ar an Mháirt a bhí sochraidí Jessica Gallagher, 24, agus Martin McGill, 49. Ar an gCéadaoin sa bhaile sin bhí Catherine O’Donnell, 39, agus a mac James Monaghan, 13. 

Sna Doirí Beaga maidin Dé Céadaoin a bhí an tseirbhís do James O’Flaherty, 48. 

Sa Chraoslach ar an Déardaoin a bhí sochraid Martina Martin, 49, a bhí ag obair sa siopa. 

Maidin amárach i Séipéal Naomh Micheál a déarfar aifreann sochraide don duine is óige a maraíodh sa timpiste, Shauna Flanagan Garwe, cailín beag nach raibh ach cúig bliana d’aois, agus dá hathair Robert Garwe, a bhí 50 bliain d’aois.  

Fág freagra ar 'Soilíos agus stuaim Hugh Kelly a thuill grá a mhuintire  '