Soiléiriú tugtha ag Joe McHugh faoina thacaíocht do Gaillimh2020

Tá soiléiriú déanta ag an Aire Stáit Gaeltachta maidir lena fhógra go raibh sé ag tacú ‘100%’ le hiarratas Gaillimh2020

Street-Feast1-1024x739

Tá soiléiriú déanta ag an Aire Stáit Gaeltachta Joe McHugh ar an tacaíocht a gheall sé do chathair na Gaillimhe agus a hiarracht an teideal Príomhchathair Chultúrtha na hEorpa 2020 a bhaint amach di féin.

Dúirt an tAire McHugh ag Féile na nGael i Milwaukee an tseachtain seo caite go raibh a thacaíocht “100%” ag iarratas na Gaillimhe ar stádas mar Príomhchathair Chultúrtha na hEorpa 2020. Dúirt an tAire Stáit le Galway Bay Fm Dé Luain seo caite go raibh sé sásta tacú ‘go poiblí’ le Gaillimh2020.

Dúirt urlabhraí na Roinne Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta le Tuairisc.ie inné go mbeadh an tAire McHugh ‘lánsásta’ dá n-éireodh le Cathair na Gaillimhe ach go n-aithíonn sé go mbeidh tairiscintí “fiúntacha” ann ó chathracha eile in Éirinn freisin.

“Tá sé deimhnithe ag an Aire Stáit McHugh go mbeadh sé lánsásta dá n-éireodh le Cathair na Gaillimhe aitheantas a fháil mar Phríomhchathair Chultúrtha na hEorpa 2020 i bhfianaise na mbuanna láidre atá ag an chathair cheana mar lárionad ealaíon agus cultúir chomh maith lena ról tábhachtach i gcomhthéacs na Gaeilge agus na Gaeltachta.

“Aithníonn an tAire Stáit, ar ndóigh, go mbeidh próiseas roghnaithe foirmiúil neamhspleách ann agus go mbeidh tairiscintí fiúntacha ag teacht chun cinn ó chathracha eile in Éirinn fosta,” a dúirt an t-urlabhraí le Tuairisc.ie.

Joe McHugh

Tá ceithre iarratas ó Éirinn san iomaíocht don teideal i mbliana: Baile Átha Cliath, Gaillimh, Luimneach agus ‘Na Triúr Deirfiúracha’, Cill Chainnigh, Port Láirge agus Loch Garman. Tá ocht gcathair sa Chróit san iomaíocht freisin: Dubrovnik, Osijek, Pula, Dakovo, Split, Varazdin, Zadar agus Zagreb.

Ainmneoidh Éire agus an Chróit cathair amháin faoi lár na bliana seo chugainn agus rachaidh an dá chathair sin in iomaíocht dhíreach lena a chéile chun Príomhchathair Cultúrtha na hEorpa a bhaint amach don bhliain 2020.

Beidh imeachtaí cultúrtha ar siúl sa chathair a ghnóthóidh an comórtas i gcaitheamh na bliana sin ina leagfar béim ar an Eoraip agus ina ndéanfar naisc le tíortha eile Eorpacha.

Bhain dhá chathair in Éirinn aitheantas aitheantas amach mar Phríomhchathair Chultúrtha na hEorpa roimhe seo, Corcaigh sa bhliain 2005 agus Baile Átha Cliath sa bhliain 1991.

Fág freagra ar 'Soiléiriú tugtha ag Joe McHugh faoina thacaíocht do Gaillimh2020'