Soiléiriú ón Áras — Ní dúirt an tUachtarán gur bhotún a bhí sa Ghaeilge éigeantach

Dúirt urlabhraí de chuid an Uachtaráin le Tuairisc.ie anocht nach ndúirt an tUachtarán gur bhotún a bhí ann ábhar ‘éigeantach’ a dhéanamh den Ghaeilge, mar a tuairiscíodh níos túisce inniu

Soiléiriú ón Áras  — Ní dúirt an tUachtarán gur bhotún a bhí sa Ghaeilge éigeantach

Tá soiléiriú déanta ag urlabhraí de chuid an Uachtaráin Mícheál D Ó hUigínn faoi thuairiscí inniu maidir le ráiteas a rinne an tUachtarán in Auckland na Nua-Shéalainne faoin nGaeilge ‘éigeantach’.

De réir tuairisce ar The Irish Times inniu, dúirt an tUachtarán gur “bhotún” a bhí ann ábhar scoile ‘éigeantach’ a dhéanamh den Ghaeilge. Tuairiscíodh freisin gur cháin an tUachtarán “tiarnúlacht” chur chuige na Gaeilge éigeantaí agus gur mhol sé go meallfaí daoine óga chun na teanga seachas í a bhrú orthu.

Foilsíodh alt ar an suíomh seo inniu bunaithe ar an tuairisc sin, alt inar dúradh nárbh léir dúinn an raibh dearcadh á nochtadh ag an Uachtarán faoi pholasaí reatha an stáit i leith na Gaeilge sa chóras oideachais agus inar tugadh le fios gur lorg Tuairisc.ie soiléiriú ó Áras an Uachtaráin faoin scéal.

Dúirt urlabhraí de chuid an Uachtaráin, atá ag taisteal in éineacht leis ar a chuairt oifigiúil ar an Nua-Shéalainn, le Tuairisc.ie ó shin nach ndúirt an tUachtarán gur bhotún a bhí ann ábhar ‘éigeantach’ a dhéanamh den Ghaeilge.

Dúirt an t-urlabhraí gurb é a dúirt an tUachtarán ná “go ráineodh” gur “bhotún” a bhí “i bplean” Dhubhghlais de hÍde an Béarla a ruaigeadh agus an Ghaeilge a chur ina áit.

Dúirt an t-urlabhraí go ndúirt an tUachtarán gur “thuig sé cén fáth ar scríobh de hÍde The Necessity for De-Anglicising Ireland , mar go raibh an Béarla á bhrú leis an lámh láidir agus gur measadh ag an am go raibh an Béarla riachtanach don té a bhí ag dul ar imirce”.

Dúirt urlabhraí de chuid an The Irish Times Tuairisc.ie go raibh an ceart ag urlabhraí an Uachtaráin agus go raibh leagan leasaithe den alt le foilsiú dá réir.

“Cuireadh ceist ar an Uachtarán cé acu bua nó bac ar an teanga a bhí sa Ghaeilge éigeantach. Ba é a spreag an cheist a cuireadh ná ráiteas ó pholaiteoir áitiúl go raibh ‘a sort of Brussels sprout of languages’ déanta ag an nGaeilge éigeantach den teanga .

“Thug an tUachtarán freagra fada inar thagair sé do ráitis ó de hÍde. Níor aontaigh sé le modhanna áirithe a úsáideadh leis an nGaeilge a mhúineadh san am a caitheadh, ach ní ag caint ar Ghaeilge éigeantach ár linne a bhí sé,” a dúirt urlabhraí an Irish Times le Tuairisc.ie.

Ba le linn dó ceisteanna ón lucht féachana a fhreagairt in Ollscoil Auckland a labhair an tUachtarán faoin nGaeilge. 

Tá díospóireacht ann sa Nua-Shéalainn le tamall faoi stádas theanga na Maorach, Te Reo Māori, sa chóras oideachais.

Dúirt an tUachtarán in Auckland nach gá “go seasfadh an Ghaeilge don uile thuairim thiarnúil sheanchaite a ceapadh ná a samhlaíodh riamh i nGaeilge an tseansaoil”.

“Is cuimhin liom tréimhsí eile inar bhrúigh daoine dearcaí ar an teanga nach raibh aon bhaint acu ar chor ar bith dáiríre lena sainspiorad. Teanga bheo bheathach í agus, ar ámharaí an tsaoil, bíonn sí á labhairt anois ag níos mó agus níos mó daoine óga.”

Dúirt sé gur “brúdh an Béarla ar Éirinn ar bhealaí éagsúla” agus luaigh sé nós an bhata scóir sna scoileanna.

“Le mo linnse, deireadh daoine faoin mBéarla gurb é a theastaigh don ‘bhád’ mar go raibh ar ár muintir Béarla a fhoghlaim chun dul thar lear mar gheall ar an imirce.”

Dúirt sé chomh maith go raibh tráth ann nuair a d’aistríodh na státseirbhísigh go léir a n-ainm go Gaeilge “amhail” is go ndéanfadh sin an Ghaeilge a athbheochan.

Thug an tUachtarán le fios gur chum sé dán faoin ábhar seo agus nach bhféadfadh sé an dán sin a fhoilsiú toisc go raibh sé ina Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta ag an am.

Fág freagra ar 'Soiléiriú ón Áras — Ní dúirt an tUachtarán gur bhotún a bhí sa Ghaeilge éigeantach'

  • Sean

    Tá fadhb le gaeilge éigeantach mar níl teacht ar mhúinteoirí gaeilge. Mar sin beidh leithscéal ag príomhoidí a maide a ligint le sruth. Tá 12 phoist ag muineadh gaeilge sna meánscoileanna i mbac nach bhfuil líonta. Troiblóid!

  • Gabriel Rosenstock

    Is é an Béarla éigeantach a chuireann isteach ormsa. Ar ndóigh, is domhan mór leathan é agus tá slite ann chun éalú ón Anglasféar.

  • Éibhear Neff

    Cén fáth go ndeirtear “éigeantach” agus duine ag caint faoin nGaeilge? Má tá Gaeilge “éigeantach” tá Béarla agus matamaitic “éigeantach”. Tá Gaeilge, Béarla, matamaitic, ina dtrí, i gcroí oideachas na hÉireann, agus gach ceann acu cóthábhachtach.

  • Mánus

    Is é an Béarla atá éigeantach go deimhin. Ní féidir éalú ón Anglasféir má tá cónaí ort in Éirinn. Cúpla sciurd go sléibhte Rif a theastaíonn.