Soiléiriú le déanamh ar cad is brí le líofacht Ghaeilge i reachtaíocht iontrála scoile

Tá leasú déanta ar an mBille Oideachais (Ligean Isteach i Scoileanna), 2016 ar mhaithe le cosaint a thabhairt do cheart Gaelscoileanna tús áite a thabhairt do chainteoirí dúchais

Soiléiriú le déanamh ar cad is brí le líofacht Ghaeilge i reachtaíocht iontrála scoile

An tAire Richard Bruton. Pictiúr: Sam Boal/Rollingnews.ie

Tá sé i gceist ag an Aire Oideachais soiléiriú a thabhairt faoi cén caighdeán líofachta a theastódh ó pháiste le go dtabharfaí tús áite dó i bpolasaí iontrála Gaelscoile.

Tá leasú déanta ar an mBille Oideachais (Ligean Isteach i Scoileanna), 2016 ar mhaithe le cosaint a thabhairt do cheart Gaelscoileanna tús áite a thabhairt do chainteoirí dúchais.

De réir an leasaithe sin, beidh cead ag Gaelscoileanna tús áite a thabhairt ina bpolasaithe iontrála do pháistí a bhfuil líofacht sa teanga acu a bheadh ag teacht leis an leibhéal líofachta a bheadh ag páiste a mbeadh an Ghaeilge “mar ghnáthmhodh cumarsáide” acu “i dtimpeallacht neamhoideachasúil”.

Thug an tAire Bruton le fios sa Seanad an tseachtain seo go ndéanfaidh sé soiléiriú faoi cén bhrí ba cheart a bhaint as an sainmhíniú sin ar líofacht na Gaeilge sa chás go ndéanfaí achomharc i gcoinne cinneadh Gaelscoile diúltú do pháiste ar bhonn líofachta.

Dúirt an tAire go mbeadh an soiléiriú seo mar threoir ag Gaelscoileanna.

“Leagfaidh an córas achomhairc amach cad lena mbeifí ag súil ó leanbh a bhfuil an leibhéal sin líofachta bainte amach aige. Is é is aidhm leis seo ná a chinntiú go dtugtar tús áite i nGaelscoileanna do pháistí a thagann ó theaghlaigh ina bhfuil an Ghaeilge á labhairt mar ghnáthchuid den saol, ionas nach rachadh líofacht na bpáistí sin ar gcúl.

“Shíl mé gur rud inmhianta a bhí anseo nuair a tháinig sé chun tosaigh sa Dáil agus tá soláthar déanta agam dó gan sárú a dhéanamh ar chearta bunreachtúla. Mar a phléamar cheana, dá dtosóimis ag fiosrú faoin tuismitheoir nó a chúlra nó faoi cibé an raibh nó nach raibh sé ag labhairt Gaeilge lena pháiste, bheadh leithcheal á dhéanamh againn. Tá foráil dhaingean roghnaithe agam agus oibríonn sí,” a dúirt an tAire Oideachais sa Seanad.

Ghlac an Rialtas an mhí seo caite le leasú ar an mBille Oideachais (Ligean Isteach i Scoileanna), 2016 ar mhaithe le cosaint a thabhairt do chearta Gaelscoileanna tús áite a thabhairt ina bpolasaithe iontrála do pháistí atá á dtógáil le Gaeilge, ach chuir an grúpa Cearta Oideachais agus polaiteoirí de chuid an fhreasúra i gcoinne an leasaithe sin ar an mbonn, dar leo, nach dtabharfadh sé cosaint cheart don chainteoir dúchais.

Cuireadh athrú i bhfeidhm ar an leasú ó shin agus chuir Cearta Oideachais fáilte roimh an bhfoclaíocht nua.

“Tagann an méid seo [an fhoclaíocht nua] le spriocanna Cearta Oideachais go mbeadh tosaíocht shonrach sa bhille ag páistí atáthar a thógáil le Gaeilge, agus nach mbeifí ag déanamh tástáil ar líofacht Ghaeilge na bpáistí nach bhfuiltear á dtógáil le Gaeilge,” a dúradh i ráiteas ó Chearta Oideachais.

Vótáladh sa Seanad chomh maith an tseachtain seo ar son leasú ar an mBille a chosnódh an ceart atá ag iarbhunscoileanna lán-Ghaeilge tús áite a thabhairt do dhaltaí a d’fhreastail ar Ghaelscoil.

Fág freagra ar 'Soiléiriú le déanamh ar cad is brí le líofacht Ghaeilge i reachtaíocht iontrála scoile'

  • Mártan Ó Náraigh

    Comhchúram do chlainn uile an náisiúin (Forfhógra na Saoirse 1916) ach amháin sna Gaelscoileanna a thabharfaidh tús áite do chainteoirí dúchais ? Saoirse shibhialta, comhchearta agus comhdheiseanna, dá saoránaigh uile, ach amháin leannaí sna Gaeltachtaí a labhraíonn an Bearla sa bhaile? Cad is brí le Forfhógra na Saoirse 1916? Nó le Bunreacht ne hÉireann?
    Ceart Gaelscoileanna tús áite a thabhairt do chainteoirí dúchais, cúis náire duinn uile agus do leannaí na Béarlóirí go háirithe.