‘Soiléiriú’ faoi phacáistí iomarcaíochta ‘an rud is lú is féidir a dhéanamh’ do dhaoine a chaill a bpostanna i Fintrax

Tá iarrtha ag an Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh ar lucht bainistíochta Fintrax insint d’oibrithe atá le scaoileadh chun siúil i gConamara ‘cá seasann siad ó thaobh íocaíochtaí iomarcaíochta de’

fintrax-office

Is é “an rud is lú is féidir a dhéanamh” d’oibrithe a chaill a bpostanna le déanaí sa chomhlacht Fintrax ná “soiléiriú a thabhairt” dóibh cén sórt pacáiste iomarcaíochta a gheobhaidh siad, dar leis an Seanadóir de chuid Shinn Féin, Trevor Ó Clochartaigh.

D’fhógair an comhlacht Fintrax le déanaí go gcaillfí 35 post ina mhonarcha i nGaeltacht na Gaillimhe

Dúirt an Seanadóir do Ghaillimh Thiar gur “mór an trua” go bhfuil comhlacht ag scaoileadh leis na hoibrithe sa tír seo toisc go bhfuil an costas saothair sa Pholainn níos saoire.

Tá sé anois ag iarraidh ar lucht bainistíochta Fintrax insint do na hoibrithe sin atá le scaoileadh chun siúil i lár na míosa seo “cá seasann siad ó thaobh íocaíochtaí iomarcaíochta de”.

“Tuigtear dom go dtosófar ag ligean na n-oibrithe chun bealaigh ar an 23 Meán Fómhair agus go mbeidh siad uilig scortha faoin 28 Deireadh Fómhair. Is beag idirbheartaíocht a bhí ag an gcomhlacht seo, nach gceadaíonn dá gcuid oibre a bheith páirteach i gceardchumann, leis na hoibrithe maidir leis na pacáistí scoir agus níl aon rud dearbhaithe fós.

“Tá comhlacht chomh mór agus chomh rathúil leis seo breá ábalta pleanáil chun cinn agus ba chóir go dtabharfaidís an deis chéanna do na hoibrithe an rud céanna a dhéanamh ina saol féin,” a dúirt sé.

Dúirt sé go bhfuil sé ag iarraidh ar Fintrax “níos mó ómóis” agus “aitheantas cuí” a thabhairt dá n-oibrithe as “na blianta fada seirbhíse den scoth” a thug siad.

Fógraíodh an tseachtain seo caite go ndearnadh an cinneadh na seirbhísí próiseála sonraí atá ar bun ag Fintrax i mBaile na hAbhann i nGaeltacht na Gaillimhe a athlonnú sa Pholainn.

Rinneadh an cinneadh tar éis próiseas comhairliúcháin i gceannáras an chomhlachta i bPáirc Gnó na Tulaí, próiseas a mhair dhá mhí.

Dúradh i ráiteas a d’eisigh an comhlacht gurbh í an ‘provisional conclusion’ faoi láthair gur cheart an tseirbhís phróiseála “a lárú” i bpríomhchathair na Polainne, Warszawa.

Dúradh go raibh sé i gceist, mar sin féin, ag Fintrax daoine eile a earcú i nGaillimh a bheidh ag plé le cúrsaí teicneolaíochta faisnéise agus airgeadais sa Pháirc Gnó ar an Tulaigh agus sa pháirc gnó sa Daingean i gcathair na Gaillimhe.

Díoladh an comhlacht Fintrax leis an gcomhlacht infheistíochta Eurazeo, atá lonnaithe sa Fhrainc, ag deireadh na bliana seo caite.

Bunaíodh Fintrax sa bhliain 1985. Cheannaigh an comhlacht Sasanach Exponet Private Equity é sa bhliain 2012 ar €170m. Tá fás 20% agus 31% tagtha ar a ioncam agus a tuilleamh faoi seach ó 2011.

Fág freagra ar '‘Soiléiriú’ faoi phacáistí iomarcaíochta ‘an rud is lú is féidir a dhéanamh’ do dhaoine a chaill a bpostanna i Fintrax'