Soiléiriú déanta ag an OPW ar scéal na léarscáile lochtaí

Tá sé ráite ag Oifig na nOibreacha Poiblí gur úsáideadh ríomhchlár uathoibríoch le léarscáil dá gcuid a aistriú go Gaeilge ach gur fostaíodh aistritheoirí gairmiúla nuair a tugadh na botúin faoi deara

OPW

Tá soiléiriú déanta ag Oifig na nOibreacha Poiblí ar an méid a thug siad le fios do Tuairisc.ie faoi bhileog eolais inar aistríodh ‘superb views’ go ‘tuairimi superb’.

Ina bhfreagra ar cheist ó Tuairisc.ie a bhain leis an mbileog eolais sin, dúirt an OPW gur aistritheoirí gairmiúla a bhí fostaithe acu chun Gaeilge agus teangacha eile a chur ar cháipéisí dá gcuid.

Mar shoiléiriú ar an méid sin, dúirt urlabhraí na hOifige le Tuairisc.ie nach raibh na haistritheoirí gairmiúla sin fostaithe ag an OPW nuair a céadaistríodh ábhar na bileoige ‘Heritage Sites of Ireland,’ a cuireadh i gcló i mí Mhárta na bliana seo.

“Tugadh na botúin faoi deara nuair a bhí an cháipéis sin i gcló agus is ansin a cinneadh an tseirbhís aistriúcháin a fhostú le cáipéisí a aistriú ó Bhéarla go teangacha eile,” a dúirt an t-urlabhraí le Tuairisc.ie.

D’admhaigh an OPW go mbíodh ríomhchlár uathoibríoch aistriúcháin in úsáid acu chun Gaeilge a chur ar bhileoga eolais agus ar fhoilseacháin eile de chuid na hoifige san am a chuaigh thart, ach dúirt siad go bhfuiltear tar éis éirí as an gcleachtas sin ó tugadh seirbhís ghairmiúil aistriúcháin isteach le cúpla mí anuas.

Dúirt an t-urlabhraí le Tuairisc.ie go bhfuil uasdátú á dhéanamh ag an OPW ar a gcuid cáipéisí uile agus go mbeidh Gaeilge chruinn cheart le feiceáil ar gach uile cheann acu as seo amach.

“Tá an suíomh idirlín www.opw.ie úrnua agus tá an Ghaeilge ceart air sin. Beidh muid ag uasdátú na gcáipéisí agus suíomhanna eile idirlín freisin, cuid acu nár athraíodh ó bhí lár na náideacha ann, agus beidh an Ghaeilge chomh glan orthu sin is atá ar na cáipéisí nuafhoilsithe eile,” a dúradh.

Fág freagra ar 'Soiléiriú déanta ag an OPW ar scéal na léarscáile lochtaí'