Soiléiriú á lorg faoi dhualgais teanga comhlacht nua bus i mBaile Átha Cliath

Tá deimhniú á lorg ón Aire Iompair Shane Ross go mbeidh na dualgais chéanna teanga agus atá ar Bhus Átha Cliath ar an gcomhlacht Go-Ahead

Soiléiriú á lorg faoi dhualgais teanga comhlacht nua bus i mBaile Átha Cliath

Tá deimhniú á lorg ag Conradh na Gaeilge ón Aire Iompair Shane Ross go mbeidh na dualgais chéanna teanga agus atá ar Bhus Átha Cliath ar an gcomhlacht Go-Ahead a bhuaigh conradh ón Roinn 24 bealach bus i mBaile Átha Cliath a bhainistiú le deireanas.

Scríobh Ard-Rúnaí an Chonartha, Julian de Spáinn, chuig an Aire Ross ag an deireadh seachtaine le “briseadh síos’ a fháil ar na coinníollacha Gaeilge a bhain leis an gconradh a bronnadh ar an gcomhlacht Sasanach an mhí seo caite, “go háirithe ó thaobh ticéad, comharthaíochta, aipeanna gutháin, agus suíomh gréasáin de”.

Tá dualgais reachtúla faoi Acht Iompair 1950 le comhlíonadh ag Bus Átha Cliath maidir le comharthaíocht, ticéid agus eile. In imscrúdú a rinne Oifig an Choimisinéara Teanga le linn 2014, chinn an Coimisinéir nach raibh na dualgais teanga sin á gcomhlíonadh ag an gcomhlacht.  Ba i mBéarla amháin a bhí ticéid Bhus Átha Cliath á gclóbhualadh in ainneoin an riachtanais gur i nGaeilge amháin nó sa dá theanga a chuirfí ar fáil iad.

“Ba mhaith linn a chinntiú go mbeidh na dualgais chéanna ar Go-Ahead, agus go mbeidh siad toilteanach agus díograiseach ó thaobh na Gaeilge de, le freastal ar phobal Gaeilge Átha Cliath atá ag fás ó lá go lá,” a scríobh de Spáinn.

D’fhógair an tÚdarás Náisiúnta Iompair comórtas tairisceana do 10% de bheal bus Bhaile Átha Cliath. Fógraíodh an mhí seo caite gur chaill Bus Átha Cliath an comórtas sin agus gurb é Go-Ahead a bheidh i mbun na mbealaí an bhliain seo chugainn.

Ar na bealaí bus atá i gceist tá an 184 ó Bhré go Baile an Chinnéidigh, an 76a a théann idir ionaid siopadóireachta Bhaile Bhlainséir agus Thamhlachta, agus an 220 ó Bhaile Munna i dtuaisceart na cathrach agus Mullach Eadrad ar theorainn na Mí.

Beidh bealach nua bus á thabhairt isteach ag Go-Ahead an bhliain seo chugainn, an 175, a thabharfaidh paisinéirí ó iarthar na cathrach go Coláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath.

Tá an comhlacht príobháideach Transdev i mbun bainistíochta ar an LUAS i mBaile Átha Cliath faoi láthair agus tá dualgais teanga ar an gcomhlacht sin.

Fág freagra ar 'Soiléiriú á lorg faoi dhualgais teanga comhlacht nua bus i mBaile Átha Cliath'