Soiléiriú á lorg ag an NUJ ón Taoiseach faoi ráiteas i dtaobh Trump agus na meáin

Tuairiscítear go ndúirt an Taoiseach ag lón i Nua-Eabhrac go raibh dearcadh Trump i leith na meán ar cheann den chúpla rud a bhféadfadh sé aontú leis faoi

Soiléiriú á lorg ag an NUJ ón Taoiseach faoi ráiteas i dtaobh Trump agus na meáin

Tá soiléiriú á lorg ag an NUJ ón Taoiseach faoi ráiteas a thuairiscítear a rinne sé ag cáineadh na meán in Éirinn agus ag léiriú bá le dearcadh Uachtarán Mheiriceá Donald Trump i leith na hiriseoireachta.

Tuairiscítear go ndúirt an Taoiseach ag lón a d’eagraigh Ardchonsal na hÉireann i Nua-Eabhrac gur spéis leis na meáin an scéal seachas an fhírinne.

Tuairiscítear go bhfuair sé locht ar chuid den iriseoireacht imscrúdaithe a bhíonn ar bun in Éirinn agus go ndearna sé cáineadh ar leith ar RTÉ.

De réir tuairiscí, dúirt Varadkar go raibh dearcadh Trump i leith na meán ar cheann den chúpla rud a bhféadfadh sé aontú leis faoi.

Tá ráite ag Donald Trump gurb ionann na meáin i Meiriceá agus ‘namhaid na ndaoine’ agus bíonn sé síoraí ag caitheamh anuas ar leithéidí an New York Times, ABC, CBS agus CNN agus á chur ina leith gur nuacht bhréige a bhíonn acu.

Dúirt Seamus Dooley, Rúnaí Ginearálta an NUJ, nár mhór don Taoiseach soiléiriú a thabhairt faoin méid a dúirt sé agus gur údar imní na tuairiscí.

Dúirt Seamus Dooley gur údar imní ar leith na tuairiscí gur cháin an Taoiseach RTÉ agus Prime Time go sonrach de bharr gur ag brath ar thacaíocht an Rialtais a bhíonn RTÉ mar chraoltóir seirbhíse poiblí.

Thagair Bainisteoir Stiúrtha Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ Jon Williams don chonspóid chomh maith.

Dúirt urlabhraí de chuid an Taoisigh go raibh míléamh á dhéanamh ar an méid a dúirt sé ag lón príobháideach.

 

Fág freagra ar 'Soiléiriú á lorg ag an NUJ ón Taoiseach faoi ráiteas i dtaobh Trump agus na meáin'