Socrú déanta chun ‘An Cailín Ciúin’ a thaispeáint i bpictiúrlanna i Meiriceá

Tá scannán eile de chuid Cine4, ‘Róise & Frank’, le taispeáint i bpictiúrlanna ar fud na hÉireann ón Aoine bheag seo

Socrú déanta chun ‘An Cailín Ciúin’ a thaispeáint i bpictiúrlanna i Meiriceá

Tá an scannán Gaeilge is mó rath riamh le taispeáint i bpictiúrlanna i Meiriceá agus na cearta dáileacháin do An Cailín Ciúin ceannaithe.

An comhlacht Super a dhéanfaidh an scannán, atá le dul san iomaíocht do ghradam Oscar, a dháileadh ar phictiúrlanna i Meiriceá. Craobh é Super de chuid an chomhlachta Neon, a rinne scannán mór le rá ar nós I, Tonya agus Parasite a dháileadh sna Stáit Aontaithe.

An Cailín Ciúin tar éis dul i bhfeidhm go mór ar lucht féachana in Éirinn agus thar sáile i mbliana agus scata gradam bainte amach aige.

Is é An Cailín Ciúin an scannán Gaeilge is fearr ar éirigh leis riamh ag oifig na dticéad in Éirinn agus sa Bhreatain agus thart ar €900,000 gnóthaithe ag an scannán ó cuireadh amach i lár mhí Bealtaine é.

An Cailín Ciúin, an chéad fhadscannán ag Colm Bairéad, roghnaithe ag IFTA le dul in iomaíocht ar son na hÉireann do na gradaim Oscar. Is é an tríú bliain as a chéile a bhfuil scannán Gaeilge a rinneadh faoin scéim Cine4 roghnaithe. Foscadh agus Arracht a roghnaíodh in 2021 agus 2022.

Tá súil ann go rachaidh An Cailín Ciúin céim níos faide ná an dá scannán sin agus áit a fháil ar an ngearrliosta d’ainmniúcháin na ngradam a bheidh ar siúl an t-earrach seo chugainn. Fógrófar na gearrliostaí do na gradaim mí na Nollag.

Chomh maith leis sin, tá go leor duaiseanna buaite ag An Cailín Ciúin, ina measc ocht ngradam IFTA, An Grand Prix agus Duais Speisialta an Ghiúiré Idirnáisiúnta sa Roinn ‘Generation KPlus’ ag an Berlinale, Féile Scannán Bheirlín, Gradam Lucht Féachana Virgin Media, agus duais don Scannán is Fearr as Éirinn ag Féile Scannán Idirnáisiúnta Bhaile Átha Cliath.

Cleona Ní Chrualaoi ó Inscéal a léirigh an scannán agus tá ardmholadh faighte ag an aisteoir óg Catherine Clinch, atá sa phríomhpháirt ann.

Tá scannán eile de chuid Cine4, Róise & Frank, le taispeáint i bpictiúrlanna ar fud na hÉireann ón 16 Meán Fómhair.

Tá an scannán, a bhfuil gradaim idirnáisiúnta buaite aige, á eisiúint ag Breakout Pictures.

Bhuaigh Róise & Frank an gradam don Ensemble is Fearr ag Féile Scannán Idirnáisiúnta Bhaile Átha Cliath agus gradam Rogha an Lucht Féachana ag Féile Scannán Idirnáisiúnta Santa Barbara agus ag Féile Scannán Idirnáisiúnta Sonoma.

Scéal é Róise & Frank faoin mbaintreach Róise (Bríd Ní Neachtain) atá ina cónaí i mbaile beag cois farraige in Éirinn. Tá sí ag streachailt tar éis bhás a fir chéile, Frank. Ach nuair a thosaíonn madra seachráin á leanúint gach áit, tosaíonn Róise ag creidiúint in athionchollú a fir chéile agus aimsíonn sí dóchas in ainneoin a bhfuil tarlaithe.

Tá an scannán suite i Rinn Ua gCuanach i nGaeltacht na nDéise, áit a ndearnadh an scannánú.

Dúirt stiúrthóirí Róise & Frank, Peter Murphy agus Rachael Moriarty:  “Tá an-áthas orainn go mbeidh Róise & Frank le feiceáil i bpictiúrlanna na hÉireann san Fhómhar i mbliana. Thaitin scéal Róise, an mhadra agus na hiomána go mór leis an lucht féachana idirnáisiúnta, agus mar sin, tá súil againn go dtaitneoidh sé le lucht féachana na tíre seo chomh maith!”

Cúán Mac Conghail ó Mhacalla Teoranta a léirigh an scannán. Fís Éireann, TG4 agus Údarás Craolacháin na hÉireann a mhaoinigh an scannán seo mar chuid de scéim Cine4.

Fág freagra ar 'Socrú déanta chun ‘An Cailín Ciúin’ a thaispeáint i bpictiúrlanna i Meiriceá'

  • Amergín

    Ardmholadh tuilte ag na haisteoirí 7 an lucht léiriúcháin as an scannán iontach so.