Sochtheangeolaí aitheanta ceaptha ag Foras na Gaeilge chun plé le pleanáil agus taighde

Tá John Walsh ag fágáil Ollscoil na Gaillimhe, mar a raibh sé ina léachtóir le 18 bliain anuas, chun dul ag obair leis an eagraíocht teanga trasteorann

Sochtheangeolaí aitheanta ceaptha ag Foras na Gaeilge chun plé le pleanáil agus taighde

Tá an sochtheangeolaí agus léachtóir Gaeilge aitheanta John Walsh ceaptha ag Foras na Gaeilge chun plé le cúrsaí straitéise agus taighde.

Tá John Walsh ag fágáil Ollscoil na Gaillimhe, mar a raibh sé ina léachtóir le 18 bliain anuas, chun dul ag obair leis an eagraíocht teanga trasteorann.

Tá aithne mhór ar John Walsh mar dhuine de na scoláirí agus taighdeoirí is bisiúla agus is cumasaí i saol na Gaeilge.

Iar-iriseoir é atá ar dhuine de dhornán beag de lucht léinn a bhíonn sásta tuairim a thabhairt sna meáin faoi cheist na teanga agus faoi chur chuige an stáit ina leith.

‘Clárbhainisteoir – Pleanáil Chorparáideach’ an teideal a bheidh ar John Walsh ina ról nua le Foras na Gaeilge.

Beidh sé ag plé ina phost nua le pleanáil institiúideach agus straitéise na heagraíochta.

I measc na gcúram eile a bheidh air, beidh sé freagrach as clár taighde Fhoras na Gaeilge, réimse a mheastar gá a bheith lena fhorbairt.

Ar na hábhair thaighde a bhfuil saineolas aige orthu, tá nuachainteoirí teangacha, an Ghaeilge sna meáin agus cearta agus reachtaíocht teanga.

Tá sé ar dhuine de na mór-shaineolaithe ar stair pholasaí teanga an stáit, ábhar a ríomh sé sa leabhar deireanach óna pheann, One Hundred Years of Irish Language Policy: 1922-2022.

Cuirfidh John Walsh tús lena phost nua mí Lúnasa.

Fág freagra ar 'Sochtheangeolaí aitheanta ceaptha ag Foras na Gaeilge chun plé le pleanáil agus taighde'