‘So, you wanna play?’ – an bhfuil tú ábalta do thrí huaire an chloig de cheol ar Raidió na Gaeltachta?

Bhain ár gcolúnaí súp as Cuireadh Chun Ceoil agus lucht fidle san iomaíocht do Bhonn Óir Sheáin Uí Riada ar RnaG, ach ní hin le rá gur éirigh leis an cúrsa a sheasamh gan sos....

‘So, you wanna play?’ – an bhfuil tú ábalta do thrí huaire an chloig de cheol ar Raidió na Gaeltachta?

Éistim le RnaG ar an raidió sa chistin, sa charr nó, go minic, ar an teilifís sa tseomra suite. Sea, moltar an teicneolaíocht agus an tolg. Ní bhíonn an rud atá uait i bhfad uait ach an cnaipe ceart a aimsiú.

Oíche Aoine is ar an tolg a bhí mé agus cluas le héisteacht orm le Cuireadh Chun Ceoil, clár beo as Corcaigh agus lucht fidle san iomaíocht do Bhonn Óir Sheáin Uí Riada. Ag 7 p.m. a thosaigh an clár agus ní thiocfadh leat gan suntas a thabhairt do chaighdeán ard an cheoil. Bhuel, shíl mise go raibh an caighdeán ard ach níl ceol ar bith agam. Theip, fadó fadó, ar na hiarrachtaí a rinne mé le cúpla port a bhualadh as an fheadóg stáin. (Agus ‘bualadh’ atá i gceist agam.)

Cibé, bhí rud inteacht thar a bheith draíochtach faoi cheol na fidle aonair ag sní as an raidió chugat. B’ionann é agus suantraí as an lios oíche dhubh dhorcha. Bhí mórán daoine in iomaíocht sa chomórtas agus iad breá ábalta dúshlán an ghléis a thabhairt.

Ach is duine measartha mífhoighneach mise. Bhí na Breatnaigh agus na Francaigh le haghaidh a thabhairt ar a chéile sa rugbaí i bPáras ag 8 p.m. Thóg mé sos beag ón chuireadh chun ceoil le héisteacht le hamhráin náisiúnta na dtíortha sin, beirt de na hamhráin náisiúnta is fearr ar domhan.

Mheall ‘La Marseillaise’ agus ‘Hen Wlad Fy Nhadau’ chun an chluiche mé. Is fíor go bhfuil mé chomh haineolach ar rugbaí agus atá mé ar cheol. Ach spórt atá ann. Fir. Liathróid. Aicsean. Tógadh beoir as an chuisneoir agus fágadh Corcaigh ar feadh tamaill, agus ar feadh tamaill eile, agus seal beag eile agus, gan choinne, leath ama a bhí ann agus an ceol fágtha i mo dhiaidh.

Níor chóir go mbeadh eagla orm; bhí na fidléirí i mbun ceoil go fóill agus muid ag druidim lena naoi a chlog. Bhí an ceol chomh draíochtach céanna agus a bhí sé ag 7 p.m. Ach bhí na cluasa aineolacha seo ag éirí tuirseach agus is beag rud a chuireann cathú orm.

Spréach réamhfhógra ar an teilifís go raibh Kick-Ass le tosú ag 9 p.m. Is maith liom Kick-Ass – ‘So, you wanna play?’. Sea, sea, scannán lán droch-chainte agus thar a bheith mí-aibí. Foirfe domsa.

Idir an rugbaí agus Kick-Ass a bhí coimhlint na gcnaipí anois. Rinne mé dearmad de cheoltóirí Chorcaí diaidh ar ndiaidh. Thréig mé mo dhúchas mar mhaithe le Hit Girl agus hits an rugbaí. Bhí tuilleadh beorach ann agus thosaigh mé a chur ceisteanna tromchúiseacha orm féin: cad é an sórt bainisteora a bheadh ann mar Big Daddy?

Thug mé ruathar beag gasta ar RnaG le fáil amach cé a bhain an comórtas. Fógraíodh an buaiteoir, Rebecca McCarthy-Kent, agus fuair sí bualadh mór bos faoina 10 p.m. Is aici a bhí an gradam tuillte nó bhí caighdeán ar dóigh ceoil aici.

Ach trí huaire a mhair an comórtas. Trí huaire. Moltar a raibh páirteach sa chlár; lucht ceoil, lucht cainte, lucht eagraithe. Tá an comórtas tábhachtach. Ach trí huaire? Ní chaithfinn trí huaire i mbun léitheoireachta, i mbun scríbhneoireachta, sa ghiom, ag amharc ar chluiche rugbaí ná scannán fiú.

Cad chuige a gcreideann RnaG go gcaithfinn trí huaire ag éisteacht le clár ceoil?

Fág freagra ar '‘So, you wanna play?’ – an bhfuil tú ábalta do thrí huaire an chloig de cheol ar Raidió na Gaeltachta?'

  • Bean na gCeoldrámaí

    D’éist pobal iomlán an tsráidbhaile seo leis an gclár sin ar Raidiú na Gaeltachta – sórt warm-up a bhí ann i gcomhair Met Opera: Die Walkure sa Phálás i nGaillimh (30 Márta, 321 nóiméad). Tá bus curtha in áirithe againn agus beidh lascaine 50% i bhfeidhm ar an turas do sheandaoine agus páistí faoi 6.

    Bhí sé leath ar intinn againn freastal ar Carmen san áit chéanna (10 Feabhra) ach ní raibh ach 221 nóiméad i gceist ansin. Cén sórt luach ar airgead é sin?