Snáthaid AstraZeneca le tabhairt do dhaoine os cionn 60 amháin feasta

Tuairiscítear go bhfuil cinneadh déanta ag an NIAC moladh a dhéanamh gan an vacsaín a thabhairt do dhaoine faoi bhun 60

Snáthaid AstraZeneca le tabhairt do dhaoine os cionn 60 amháin feasta

Tá an Coiste Comhairleach Náisiúnta um Imdhíonacht le moladh nach dtabharfaí an tsnáthaid AstraZeneca ach do dhaoine os cionn 60 amháin.

De réir tuairisce ó RTÉ déanfaidh an NIAC a moladh go hoifigiúil níos déanaí inniu nuair a chuirfear an Leas-Phríomhoifigeach Leighis, an Dr Ronan Glynn, ar an eolas faoina gcinneadh. 

Cuirfidh an Dr Glynn an moladh faoi bhráid an Rialtais agus Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte. 

Fuair an Ghníomhaireacht Leigheasra Eorpach amach “go bhféadfadh” go bhfuil nasc idir an tsnáthaid agus cásanna “fíor-annamha” de théachtáin fola neamhghnácha agus pláitíní fola a bheith íseal.

Formhór na gcásanna a tuairiscíodh bhain siad le mná faoi bhun 60 bliain d’aois a raibh an vacsaín AstraZeneca faighte acu taobh istigh de choicís roimhe sin.

Dúirt an EMA an tseachtain seo caite gur chóir leanacht ar aghaidh ag tabhairt na vacsaíne AstraZeneca do gach aoisghrúpa ach téachtáin fola as an ngnáth a lua léi mar fho-iarmhairt annamh.

Dúradh gur mó na buntáistí atá ag baint leis an vacsaín ná an riosca beag a bhaineann léi.

Dúradh gur chóir daoine a chur ar an eolas faoin líon íseal cásanna de théachtáin fola neamhghnácha agus gur chóir a leithéid a liostú i measc na bhfo-iarmhairtí annamha a bhaineann leis an tsnáthaid.

233,700 dáileog den vacsaín AstraZeneca atá tugtha amach sa stát go nuige seo.

Dúirt an tÚdarás Rialála Táirgí Sláinte an tseachtain seo caite go raibh cás amháin de théachtán fola á fhiosrú acu, bean sna daichidí i mBaile Átha Cliath.

Idir an dá linn, dúirt an tAire Sláinte Stephen Donnelly nach bhféadfaí “gach áit ar dhroim an domhain” a chur ar liosta na dtíortha a mbaineann coraintín éigeantach óstáin leo.

Chaithfeadh slat tomhais réasúnta a bheith ann, a dúirt Donnelly.

Chuir an Rialtas 16 tír leis an liosta an tseachtain seo caite, an Fhrainc, an Iodáil agus Stáit Aontaithe Mheiriceá san áireamh. 

Fág freagra ar 'Snáthaid AstraZeneca le tabhairt do dhaoine os cionn 60 amháin feasta'