Snáthaid AstraZeneca i gcoinne an Covid-19 ceadaithe do dhaoine atá os cionn 18 bliain d’aois

Bhí dea-scéal inniu ann chomh maith faoi vacsaín Novavax agus vacsaín Johnson & Johnson

Snáthaid AstraZeneca i gcoinne an Covid-19 ceadaithe do dhaoine atá os cionn 18 bliain d’aois

Tá an Ghníomhaireacht Leigheasra Eorpach tar éis vacsaín AstraZeneca/Ollscoil Oxford i gcoinne an Covid-19 a cheadú do dhaoine atá os cionn 18 bliain d’aois. 

Tá trí vacsaín ceadaithe anois i mballstáit an Aontais Eorpaigh –Pfizer, Moderna agus AstraZeneca.

Tá cúpla buntáiste ag an vacsaín is déanaí seo – tá sí saor, is furasta í a iompar, is féidir í a stóráil i gcuisneoir agus beidh dochtúirí teaghlaigh, fiaclóirí agus poitigéirí in ann an tsnáthaid a thabhairt. 

Is í an vacsaín seo bunús chlár vacsaínithe an Rialtais do dhaoine atá os cionn 70 bliain d’aois.

Níor tháinig an Ghníomhaireacht Leigheasra Eorpach le cinneadh na Gearmáine nach dtabharfaí an vacsaín do dhaoine atá amach sna blianta toisc a deir siad nach raibh dóthain sonraí trialach ar fáil san aoisghrúpa sin.

Mhol Institiúid Robert Koch, príomh-ghníomhaireacht sláinte phoiblí na Gaermáine, inné nár chóir vacsaín in aghaidh an COVID-19 a rinne AstraZeneca agus Ollscoil Oxford a thabhairt d’aon duine atá os cionn 65 bliain.

Dar leis an EMA nach bhfuil dóthain torthaí taighde ar fáil go fóill ar dhaoine atá os cionn 55 bliain ach ós rud é gur oibrigh sé ar chóras imdhíonachta daoine a bhí amach sna blianta, glactar leis go dtabharfaidh an vacsaín cosaint dóibh. 

Dúirt an EMA go raibh diantástáil déanta acu ar éifeachtúlacht agus sábháilteacht na vacsaíne agus go raibh 24,000 páirteach sna ceithre thriail chliniciúil a rinneadh ar an vacsaín. Rinneadh péire de na trialacha sin sa Ríocht Aontaithe, ceann sa Bhrasaíl agus ceann eile san Afraic Theas. 

64 duine as an 5,200 duine a fuair an vacsaín cheart a raibh comharthaí an Covid-19 orthu i gcomparáid le 154 as an ngrúpa cóimheasa – rud a fhágann gur éifeachtaúlacht nó cosaint 60% ón víreas atá aici. 

Ceaptar go mbeidh soláthar na hÉireann de vacsaín AstraZeneca 300,000 dáileog gann de bharr an easnaimh atá ar chuid an Aontais Eorpaigh.

Bhí sé socraithe sa gconradh idir AstraZeneca agus an tAontas Eorpach go seachadfaí 600,000 dáileog faoi dheireadh an Mhárta.

Fágann an t-easnamh go bhféadfadh gur 1.1 milliún dáileog a thiocfadh chun na tíre seo sa gcéad ráithe seachas an 1.4 milliún vacsaín a bhí geallta.

Bhí sprioc an Rialtais 700,000 duine a bheith vacsaínithe faoi dheireadh an Mhárta ag brath ar chomhlíonadh an chonartha le AstraZeneca.

Vacsaín eile is féidir a choinneáil i gcuisneoir is ea an ceann ó Novavax, vacsaín a mhaíonn comhlacht as Meiriceá ata 89% éifeachtúil i gcoinne an Covid-19 ach nach bhfuil chomh héifeachtúil céanna in aghaidh an chineáil a thosaigh san Afraic Theas. Táthar ag súil go mbeidh vacsaín Novavax ar an margadh faoi cheann sé mhí eile.

D’fhógair an comhlacht Johnson & Johnson inniu gur léirigh na trialacha is déanaí dá gcuid go raibh a vacsaín féin 66% éifeachtúil mar chosaint i gcoinne ráig mheasartha nó ráig dhona den Covid-19 ceithre seachtaine i ndiaidh do dhuine an tsnáthaid a fháil. 

Ach ceadúnas a bheith faighte aici, ní bheidh ag teastáil den vacsaín seo ach dáileog amháin. Tá an comhlacht ag súil go bhfaighidh siad ceadúnas i Meiriceá laistigh de chúpla seachtain.  

Fág freagra ar 'Snáthaid AstraZeneca i gcoinne an Covid-19 ceadaithe do dhaoine atá os cionn 18 bliain d’aois'