Tá Seachtain na Gaeilge faoi lánseol, féile idirnáisiúnta Gaeilge a dhéanann ceiliúradh ar an teanga, a stair, agus a todhchaí. Beidh imeachtaí ar siúl ag eagraíochtaí, comhlachtaí, cumainn agus daoine aonair ar fud na cruinne leis an nGaeilge a cheiliúradh as seo go Lá Fhéile Pádraig.
Tá clúdach speisialta ar Tuairisc.ie dírithe ar an bhféile agus foilseofar gailearaithe, scéalta agus ár rogha imeachtaí i gcaitheamh Sheachtain na Gaeilge. Is é ‘Seachtain na Gaeilge’, nó #SnaG17, an téama a bheidh ag sraith ghrianghraf Tuairisc.ie, Pictiúir an Phobail (#picphobail), go ceann coicíse freisin. Cuirigí againn bhur bpictiúir!
Cúig Imeacht SnaG inniu
Ceardlann líníochta le Aidan Courtney
Áit: Leabharlann De Valera, Inis, Co. an Chláir
Am: 13.15 -15.00
Cur síos: Ceardlann líníochta bunaithe ar fhocail spéisiúla Gaeilge ag an gcartúnaí aitheanta Aidan Courtney, údar agus cartúnaí na sraithe Gaeilge Ruaille Buaille
Eolas: mailbox@clarelibrary.ie
Féile Ghaeilge Rann na Feirste
Áit: Rann na Feirste
Am: 19.00
Cur síos: Tús oifigiúil le Seachtain na Gaeilge i Rann na Feirste. Dráma ó Scoil Oilibhéar Pluincéid agus Ceolchoirm le páistí an Chlub Óige chomh maith le dráma le Niall Mac Eamharcaigh agus Mary Aggie ina ndiaidh.
Eolas: 074 956 2222
Ionad Turas Siar
Áit: Ionad Turas Siar, Iorras, Maigh Eo
Am: Ón 10.00
Cur síos: Taispeántas mór pictiúr agus cáipéisí, caint faoi Michael Davitt, an Gorta Mór agus na mainistreacha a bhí sa cheantar fadó.
Eolas: 0876990505
Tráth na gCeist agus Oíche Cheoil
Áit: Sweeno McGinty’s, An Srath Bán, Tír Eoghain
Am: 21.00-00.30
Cur síos: Tráth na gceist agus seisiún ceol Gaelach ar an Srath Bán
Eolas: gaelphobal@btconnect.com
Ceol le ‘Sult’ sna Solláin
Áit: Bridgewater Inn, Na Solláin, Cill Dara
Am: 21.30
Cur síos: Seisiún ceoil leis an ngrúpa áitiúil ‘Sult’. Míle fáilte roimh cheoltóirí agus amhránaithe ar mhaith leo suí isteach.
Eolas: imeachtaí@sultnasollan.ie
Cúig phictiúr ó imeachtaí Sheachtain na Gaeilge
Tá raon mór leabhair ó @LoveLeabharG ar fail sa siopa – agus táimid ag baint 10% ó gach leabhar as Gaeilge do Seachtain na Gaeilge #snag17 pic.twitter.com/kdBWafICZW
— Waterstones Cork (@WaterstonesCrk) 2 Márta 2017
Iomaitheoir #4 Gary Ó Cinnéide ag labhairt i gcoinne an rúin?? #MaidensnaG17 #Gaeilge #SnaG17 pic.twitter.com/lF5Oj8FrkR
— Cumann Gaelach UCD (@CumannG_UCD) 2 Márta 2017
Tá @JamesKavanagh_ ag úsáid cúpla focal! Bí cosúil le James..bain triail asti! #SnaG17 pic.twitter.com/2uyvrTGTGS
— Raidió Rí-Rá (@RaidioRiRa) 1 Márta 2017
Ar chonaic tú a leithéid ríomh? Dotey! Don @popupgael ag “Bricfeasta Ghnó” amárach do @SnaGaeilge @CnaG @globalirish #SnaG17 #CácaMilis pic.twitter.com/4DE2L3jhyQ
— ConradhnaGaeilgeHC (@cnaghongcong) 2 Márta 2017
Tá #Gaeilge tábhachtach dúinn & do @Niallmacaoidh ó @officialdonegal BAIN triail aisti anois do @SnaGaeilge https://t.co/UB2TotPvof #SnaG17
— The GAA (@officialgaa) 2 Márta 2017
Fág freagra ar 'SnaG17: Lá 3, imeachtaí agus pictiúir'