Inniu an chéad lá de Sheachtain na Gaeilge, féile idirnáisiúnta na Gaeilge a dhéanann ceiliúradh ar an teanga, a stair, agus a todhchaí. Beidh imeachtaí ar siúl ag eagraíochtaí, comhlachtaí, cumainn agus daoine aonair ar fud na cruinne leis an nGaeilge a cheiliúradh as seo go Lá Fhéile Pádraig.
Beidh clúdach speisialta ar Tuairisc.ie ar an bhféile agus foilseofar gailearaithe, scéalta agus ár rogha imeachtaí i gcaitheamh Sheachtain na Gaeilge. Is é ‘Seachtain na Gaeilge’, nó #SnaG17, an téama a bheidh ag sraith ghrianghraf Tuairisc.ie, Pictiúir an Phobail (#picphobail), go ceann coicíse freisin. Cuirigí chugainn bhur bpictiúir!
5 Imeacht SnaG inniu:
Taispeántas: Scéal na Gaeilge
Áit: Leabharlann na Cathrach, Doire
Am: 9.30am go 5.30pm
Cur síos: Taispeántas a léiríonn stair na Gaeilge i nDoire ó aimsir an Ghorta Mhóir go dtí an lá atá inniu ann.
Eolas: gaeilge@derrystrabane.com
Faoi na Réaltaí
Áit: Réadlann Chaisleán na Dúcharraige, Corcaigh
Am: 10.00am go 5.00pm
Cur síos: Taispeántais agus turais i nGaeilge sa Réadlann
Eolas: info@bco.ie
An Ghaeltacht-Sur-Seine
Áit: Ambasáid na hÉireann, Paris
Am: 5pm
Cur síos: Dhá sheisiún plé agus díospóireachta. Díreofar ar úsaid na Gaeilge san ionad oibre sa lá atá inniu ann sa chéad seisiún, agus díreofar ar na hidirbheartaíochtaí COP21 sa dara ceann.
Eolas: cngparas@hotmail.fr
Geothaisce (Geochaching) i nGaillimh
Áit: Gaillimh
Am: Am ar bith
Cur síos: Tóraíocht taisce nua-aimseartha atá sa geothaisce, agus é oiriúnach don chlann, don duine (fásta) aonair nó do ghrúpa. Curtha ar fáil i nGaeilge ag Glór na nGael do Sheachtain na Gaeilge.
Eolas: Dara, 083 8676063
Ceardlann Scéalaíochta / Léitheoireachta / Puipéadóireachta do pháistí
Áit: Leabharlann Loch Garman
Am: 12.45, 2.45, 3.45. Ní mór áit a chur in áirithe.
Cur síos: Ceardlanna scéalaíochta / léitheoireachta / puipéadóireachta do pháistí idir 2-7 bliain d’aois le Gráinne Bleasdale
Eolas: 053 9196760
Fág freagra ar 'SnaG17: Lá 1, imeachtaí agus pictiúir'