Smionagar an R116 aimsithe amach ó chósta Mhaigh Eo agus ‘dóchas’ go dtiocfar ar an triúr atá ar iarraidh

Tá súil ag lucht cuardaigh anois go dtiocfar gan mhoill ar an triúr fear atá ar iarraidh le hocht lá

Smionagar an R116 aimsithe amach ó chósta Mhaigh Eo agus ‘dóchas’ go dtiocfar ar an triúr atá ar iarraidh

Thángthas ar smionagar an Rescue 116, an héileacaptar a thit i bhfarraige amach ó chósta Mhaigh Eo an tseachtain seo caite, 200 méadar ón Tor inniu.

Aimsíodh a bhfuil fágtha den héileacaptar le róbat fothoinn a chuir long de chuid Choimisinéirí Shoilse na hÉireann, an Granuaile, san uisce ar maidin.

Tugadh gaolta na bhfear atá ar iarraidh ó thuairteáil an héileacaptar Dé Luain seo caite amach ar an bhfarraige ar bord ar an LÉ Eithne ar maidin, agus bhí siad gar don Tor nuair a tháinig an scéala gur thángthas ar an smionagar.

Tá gaoth láidir ag cur isteach ar obair an róbait fhothoinn, áfach, agus meastar nach mbeidh feabhas ar an aimsir go dtí Dé hAoine. D’fhill an Granuaile ar an bhFód Dubh ag thart ar a dó a chlog agus tháinig teaghlaigh na bhfear i dtír arís. Tá an LÉ Samuel Beckett anois i mbun oibre sa cheantar.

Dúirt an Ceannfort Tony Healy, ó stáisiún Gardaí Bhéal an Mhuirthead, gur “céim mhór chun cinn” a bhí ann san obair aisghabhála atá ar bun.

“Táimid tar éis teacht ar smionagar agus táimid á scrúdú sin go mion faoi láthair agus ag déanamh measúnú ar a bhfuil faighte againn. Tá píosaí den ingearán R116 aitheanta againn,” a dúirt an Ceannfort.

Dúirt príomhchigire an Aonaid um Imscrúdú Aerthionóiscí (AAIU) Jurgen Whyte go raibh dóchas aige anois go dtiocfar go luath ar choirp na bhfear, an Captaen Mark Duffy, oibrí an unlais Paul Ormsby agus fear an unlais Ciarán Smith.

Dúirt sé gurb í an chéad chéim eile anois ná an róbat fothoinn a chur isteach sa chnámharlach agus tumadóirí de chuid an Gharda Síochána agus de chuid an Chabhlaigh a chur ag obair thíos freisin.

“Níl ann ach ceist na haimsire agus deis a fháil an róbat a chur síos lena bhealach a dhéanamh tríd an smionagar. Is faoi oibrithe an róbait agus na tumadóirí ón gCabhlach agus ó na Gardaí a bheidh sé ansin.

“Ar ndóigh, beifear an-tuisceanach agus an obair ar bun, agus má táimid in ann dul isteach san árthach, bheadh súil againn go n-éireodh linn baill an chriú atá ar iarraidh a thabhairt ar ais,” a dúirt Whyte.

Tá na tumadóirí atá ar bord an Granuaile i mbun measúnaithe faoi láthair ar an obair fothoinn atá rompu. Idir an dá linn tá staidéar á dhéanamh ag eolaithe de chuid Institiúid na Mara ar an bhfíseán a thaifead an róbait fhothoinn.

Dúirt Jurgen Whyte gurb í an chloch is mó ar an bpaidrín anois ag lucht cuardaigh ná teach ar an triúr fear.

“Le cúnamh Dé, má éiríonn linn an triúr ball den chriú a thabhairt ar ais díreoimid ár n-aird ar an taifeadán, agus ar an árthach féin ansin más féidir,” a dúirt sé.

Dúirt sé nach bhféadfadh sé a rá cén chuma a bhí ar an héileacaptar faoi láthair ó tharla nach raibh físeán an róbait fhothoinn feicthe aige.

Tá cuardach cladaigh fós ar bun ar chósta iarthar Mhaigh Eo agus tá cuardach ón aer ar bun freisin.

Tá smionagar an héileacaptair 60m amach ón Tor agus é 40m faoin uisce, idir an Tor agus staic mhara, san áit ar chualathas torann ó ‘bhosca dubh’ héileacaptair an tseachtain seo caite.

Fág freagra ar 'Smionagar an R116 aimsithe amach ó chósta Mhaigh Eo agus ‘dóchas’ go dtiocfar ar an triúr atá ar iarraidh'