Slogfaidh Luimneach Gaillimh má thugtar an deis dóibh

Meastar gurb iad Luimneach agus Gaillimh an dá fhoireann is fearr sa tír i láthair na huaire agus casfar ar a chéile iad i gcluiche leathcheannais na hÉireann inniu

Slogfaidh Luimneach Gaillimh má thugtar an deis dóibh

Aiden Harte (Gaillimh) agus Tom Morrissey (Luiimneach). Pictiúr: INPHO/Lorraine O’Sullivan

Luimneach v Gaillimh – Páirc an Chrócaigh, 4.00i.n. (Beo ar RTÉ 2)

Seans go bhfuil cluiche na bliana romhainn anocht agus boic mhóra na craoibhe, Luimneach agus Gaillimh, ag tabhairt aghaidh ar a chéile i bPáirc an Chrócaigh. Meastar gurb iad seo an dá fhoireann is fearr sa tír i láthair na huaire a bhuíochas do na boic mhóra thréana atá acu fud fad na páirce.

Nuair a chas na foirne seo ar a chéile i gcluiche ceannais na hÉireann dhá bhliain ó shin, rinneadh an-chuid cainte roimh ré faoi na coimhlintí a bheadh idir imreoirí ar leith agus tá an chaint chéanna ann faoin gcluiche seo.

Daithí Burke agus Aaron Gillane. Joseph Cooney agus Gearóid Hegarty. Conor Whelan agus Seán Finn. Joe Canning agus Kyles Hayes, b’fhéidir. D’fhéadfadh gach aon cheann acu a bheith cinniúnach.

Tá Luimneach gan sárú i mbliana agus is ceart gurb iad rogha na coitiantachta do chluiche an lae inniu. Ba iad an fhoireann ab fhearr i rith na sraithe luath sa bhliain agus níl aon chosúlacht ann gur chuir an briseadh mór fada isteach orthu beag ná mór.

Ar ndóigh dúradh nach mór an rud céanna fúthu anuraidh sular chlis orthu sa chluiche leathcheannais in aghaidh Chill Chainnigh. Goilleann an chailliúint sin go mór ar John Kiely agus a chuid imreoirí agus is cinnte go ndéanfaidh siad a seacht míle ndícheall a leithéid a sheachaint inniu.

Tabharfaidh taispeántas Luimnigh i gcluiche ceannais na Mumhan beagáinín misnigh do Ghaillimh. Chuir Port Láirge Luimneach faoi bhrú aisteach an lá sin agus chonacthas botúin ó fhir Luimnigh nach ndéanfaidís go hiondúil. Bua ceithre phointe a bhí ag Luimneach an lá sin ach meas tú an mbeidh Gaillimh chomh díograiseach agus a bhí na Déisigh?

Thuas seal thíos seal a bhí Gaillimh go dtí seo sa chraobh, cé gur thuas níos minice ná thíos a bhí siad.

Bhí Gaillimh ar fheabhas in aghaidh Loch Garman agus arís ar feadh 60 nóiméad in aghaidh Chill Chainnigh i gcluiche ceannais Laighean ach thit an tóin astu i gcoinne na gCat ar deireadh. D’fhéadfadh go mbeadh tionchar ollmhór ag an tréimhse drochimeartha sin ar chraobh na bliana seo, áfach.

Seachas a bheith ag ligean a scíthe roimh chluiche leathcheannais na hÉireann, bhí ar Ghaillimh cluiche crua, fisiciúil a imirt in aghaidh Thiobraid Árann an tseachtain seo caite. Thug na Gaillimhigh na cosa leo ach beidh na cosa céanna tuirseach go maith agus an fhoireann ag imirt don tríú deireadh seachtaine as a chéile in aghaidh na foirne is díograisí sa tír.

Cúis imní do Shane O’Neill go ndeachaigh a fhoireann ina gcoladh tamaillín sa dá chluiche dheireanacha agus íocfaidh siad as má tharlaíonn sé arís in aghaidh Luimnigh. Stad ná staonadh ní thagann ar leithéidí Cian Lynch, Gearóid Hegarty agus Aaron Gillane agus slogfaidh siad Gaillimh má thugtar an deis dóibh.

Bhí daoine ag súil le cluiche den scoth nuair a thug na foirne seo aghaidh ar a chéile i gcluiche ceannais na hÉireann dhá bhliain ó shin ach droch-chluiche a bhí i bPáirc an Chrócaigh an lá sin, dá dhrámata dá raibh an chríoch.

Bhí Gaillimh go hainnis don chuid is mó an lá sin. Níor cheart go mbeadh seans dá laghad acu an cluiche a bhuachan ach baineadh tuisle as Luimneach i dtreo an deiridh.
Níor cheart go mbeadh an fhadhb chéanna ag foireann Luimnigh inniu. Ní bheidh aon slua i láthair agus ní bheidh leathshúil ag na himreoirí ar Chorn Mhic Cárthaigh.

An fhoireann a bhuafaidh tráthnóna, beidh siad céim mhór níos gaire don chorn luachmhar sin.

Fág freagra ar 'Slogfaidh Luimneach Gaillimh má thugtar an deis dóibh'