Slí Bhréan an Atlantaigh Fhiáin

Is olc lenár gcolúnaí bruscar tí agus loitiméireacht a fheiceáil ag Toit Chonáin, láthair seandálaíochta, samhlaíochta agus seanchais a hóige

Slí Bhréan an Atlantaigh Fhiáin

Teaspach chugainn is an tír ag rith le brothall. Na haerfoirt plódaithe agus gan sclábhaí acu le déileáil leis na málaí móra. Feachtas fairsing fógraíochta ann ag rá linn fanacht ag fálróid sa mbaile agus na scamhóga a ghlanadh ar Shlí an Atlantaigh Fhiáin agus slám airgid a chur i bpócaí na muintire. 

Ní mé cé acu Senchán Torpéist nó Dallán Forgaill féin a chuala an moladh mór ach nár cuireadh scéala chuig Conán Maol faoin gcraic uilig cois an Atlantaigh agus seo ar ais ar an dúchas ar an gCaorán é. An uair dheiridh a raibh Conán i gCois Fharraige bhí sé ina réabadh idir é féin agus Cailleach an Chláir agus gan uaidh ach lán a bhoilg de bheatha an chladaigh a ithe ar a chompord. Is mór an trua nár fágadh aon tuairisc againn ón mbean fhéin ach chuirfinn geall go raibh údar maith lena cuid cantail. Ní haon dea-cháil a bhí ar fhear na mallachtaí is an éigin. Is léir gur moghlaeirí a chaitheamh le chéile an éiric a bhíodh acu an tráth sin seachas a ghabháil chun cúirte, agus bhí an spreac iontu. Ní seifide ar bith an fear a bhí in ann Ceann Caillí a chaitheamh trasna Loch Lurgan ná an bhean a chaith a sean-iarraidh de dhaba ar ais. 

Agus taighde seandálaíochta nua á léamh agam le gairid faoi na carnáin sliogán [midden] a bhíodh fairsing i gcuid mhaith den Eoraip tráth, thug m’aghaidh go Toit Chonáin, an ceann is gaire domsa. Mo léan ní fhaca mé Conán féin ach mura bhfaca féin bhí lorg nua fágtha ina dhiaidh aige.

Nuair a bhí Conán Mac Morna ansin go deireanach aimsir na bhFiann, carnán sliogán a d’fhág sé againn agus lán a bhoilg de bheatha na farraige ite aige sa spota álainn sin. Is léir go bhfuil a bhéile agus a ghnás athraithe aige ó shin mar ar a chuairt deiridh ar Shlí Atlantaigh Fhiáin Fháilte Éireann féirín eile a d’fhág sé againn.

Plaisteach, stán, giobail agus bréantais dhóite eile atá anois fágtha ag láthair seo na seandálaíochta agus an tseanchais, láthair atá aitheanta ar mhapaí na suirbhéireachta ordanáis. 

Ní mé an bhfuil idirlíon, éisteacht, léamh ná scríobh ag Conán na haoise seo mar is léir nár chuala sé smid faoin bhfeachtas Ná Fág Lorg. Is deacair milleán a chur ar an bhfear bocht ach an oiread faoina aineolas faoi na bancanna buidéal, faoin athchúrsáil ar earraí an tsaoil nua seo – plaisteach, gloine is cannaí. Cén chaoi a mbeadh a fhios ag an bhFiann go bhfuil na saoráidí sin i bhfoisceacht míle ar chaon taobh dá Thoit agus go dtagann leoraí an bhruscair gach Máirt.

Agus mé ag casaoid le duine faoin bpráisc ag Toit Chonáin, séard a dúradh liom gur mhór leis a raibh de phictiúir á dtógáil ag Molscéal is cleas TG4 dá chnocán agus go raibh sé ag iarraidh iad a chur ó dhoras.

Is iomaí sin gábh a chuir na sinsir díobh agus ba mhinic a shantaigh siad an leasú fiúntach a bheadh sna sliogáin sin a bheathaigh Conán ach níor leag siad lámh orthu. Is mór an rabh babhns a rinne muid féin anuas le fána ar an gcnocáinín glas sin ina ngasúir ach an sliogán fhéin ní thabharfadh muid linn. Bhí cat mór glas fágtha ag Conán ar garda ar an Toit agus cé nach bhfaca aon duine ar ár n-aithne an boc sin ní tharraingeodh muide orainn é.

Is léir go raibh an cat glas, an béaloideas agus na pisreoga i bhfad níos éifeachtaí ag gardáil na séadchomharthaí náisiúnta agus stair ár ndúchais ná Oifig na nOibreacha Poiblí, an Chomhairle Contae ná pobal an lae inniu.

Céard is fiú saoránacht is náisiún nuair a lasfadh Gael a chual bruscair ar chnocán glas sliogán a d’fhéadfadh a bheith ansin cúpla míle bliain roimh Chríost, níos sine ná pirimidí na hÉigipte? Cén polasaí talmhaíochta a ligeann d’fheilméara plaisteach na mburlaí féir a leagan ar ionad stairiúil agus an fuílleach a dhó ansin? Cén t-údarás atá ag maoir na Comhairle Contae agus iad ag fiosrú loitiméireacht dá leithéid?

Is olc an t-éan a shalaíonn a nead féin. Nach breá Gaelach an liodán mallachtaí a chuirfeadh Conán Maol ar an ainbhiosán a bhréanaigh a láthair fulachta. 

Áiméan, a deirimse.

Fág freagra ar 'Slí Bhréan an Atlantaigh Fhiáin'

  • Rita Ní Rathaille

    Sách ráite mar is iondúil agat a Mháire

  • Éilís Ní Anluain

    An-alt, idir sheanchas, teagasc agus teanga.

  • JP

    An dtuigeann an duine brocach go bhfuil an nósmhaireacht seo salach, brocach, mínádúrtha? Caithfidh gi dtuigeann! arsa tusa. Nó muna dtuigeann cén ‘lacuna’ intinne atá air? An mbíonn an teach salach gránna freisin? Nó an ndéanann sé deighilt ina aigne féin idir ‘istigh’ agus ‘amuigh’?
    Comharsa béal dorais dom féin (sean-iascaire) a raibh de nós aige le sinsearacht an cóngar a ghabhàil trí mo phaiste féin chun a chuid dramhaíola a chaitheamh le haill síos isteach sa bhfarraige. Sea, adeirim, sean-iascaire! Uair sa tseachtain, gach seachtain. Níor chuir sé aon nath ann.
    Níor thuig sé, nó… ar thuig? Ach bhíodh an teachín sciomartha sciúrtha aige i gcónaí…i gcónaí. Bhuail mé isteach chuige lá agus dúirt mé leis go raibh truailliú á dhéanamh ar an bhfarraige aige (sean-iascaire!) agus nach gceadóinn dó gabháil trí mo chuidse talún níos mó chun an sailiú seo a dhéanamh. Bhí mé cortha glan den mbréantas agus BHÍ orm é a rá leis. B’in dhá bhliain ó shin anois agus oiread is focal amháin níor labhair sé liom go nuige seo. An féidir le síceolaí ar bith é seo a mhíniú dom? (‘Blow-in’ sea mé, dála an scéil)