Sleacht Néill ag iarraidh a gcoróin a chosaint in aghaidh na Sáirséalach

Tá go leor ag tarlú ó thaobh na hiománaíochta an deireadh seachtaine seo – cluichí móra club, cluichí sraithe agus cinntí comhdhála

Sleacht Néill ag iarraidh a gcoróin a chosaint in aghaidh na Sáirséalach

Pictiúr: INPHO/Morgan Treacy

Beidh an t-aicsean ar siúl sa seomra boird agus ar pháirc na himeartha araon an deireadh seachtaine seo.

 

Beidh ócáid an-tábhachtach ar siúl i bPáirc an Chrócaigh amárach agus cluichí ceannais idirmheánacha agus sinsir na gclub ar siúl sa chamógaíocht. Sa chéad chluiche, tabharfaidh club as Port Láirge, An Ghailltír, faoi chumann Naomh Raghnach as Uíbh Fhailí. Chaill an club as na Déise sa chluiche ceannais anuraidh ach beidh seans eile acu amárach agus le taithí na bliana anuraidh bheinn ag ceapadh go bhfuil buntáiste acusan.

Sa chluiche sinsir is iad seaimpíní Shleacht Néill as Doire a bheidh ag iarraidh a gcoróin a chosaint in aghaidh na Sáirséalach as Gaillimh.

Dar ndóigh, ní haon scéal nua ag Cumann Shleacht Néill é a bheith ag imirt i bPáirc an Chrócaigh mar go bhfuil cosán dearg déanta acu ansin le tamall. Ní bréag a rá ach go bhfuil ré órga ann d’fhir is do mhná an chlub bhig seo faoi láthair agus an svae leis na mná go dtí seo. Amárach, beidh an club tréitheach seo ag iarraidh a gceathrú craobh shinsir Éireann i ndiaidh a chéile a bhuachan. Tá sé seo dochreidte ar mhórán fáthanna, ach is é an rud is iontaí ar fad gur club beag tuaithe as Cúige Uladh iad.

Rompu amárach beidh Na Sáirséalaigh. Tá dhá chraobh na hÉireann buaite ag fir an chumainn seo níl aon cheann curtha i gcófra na gcorn ag na mná go fóill.

Ach tá an club agus an fhoireann seo ag neartú le tamall. Seo é an tríú huair acu dul chomh fada leis an gcluiche ceannais agus ait go leor, seo an tríú huair an freasúra céanna a bheith rompu sa chluiche ceannais.

Ní fada in aon chor ó imríodh na cluichí sin. Bhí an chéad chluiche ceannais eatarthu in 2017 agus ar an ócáid sin bhí dhá chúilín le spáráil ag club Dhoire. In 2018 bhí cúig chúilín sa bhreis an cailíní Shleacht Néill.

Is léir mar sin gur beag atá eatarthu ó thaobh taithí de ach gach seans go bhfuil an lámh in uachtar ag Sleacht Néill chomh fada agus a bhaineann sé le muinín agus misneach.

Ní mór a rá gur léirigh na Sáirséalaigh an-chumas i gcoinne Naomh Uinseann Bhaile Átha Cliath sa chluiche leathcheannais agus bhí ocht gcúilín le spáráil acu.

Sa chluiche leathcheannais eile bhí An Scairbh/Tuath Ó gConaíle an Chláir buille ar bhuille le Sleacht Néill go dtí an deireadh agus ní raibh eatarthu ach cúl amháin ar shéideadh na feadóige deiridh.

Maidir leis na staitisticí, is léir go mbeidh an dá chlub is fearr sa tír le tamall ag imirt i bPáirc an Chrócaigh amárach. Sleacht Néill sa tóir ar a gceathrú craobh as a chéile agus Sáirséalaigh na Gaillimhe ag imirt sa chraobh don tríú bliain le ceithre bliana.

Dar ndóigh bhuaigh Aillí na Buffairí as Scabhat na mBodach, Loch Garman ceithre chraobh i ndiaidh a chéile idir 1981 agus 1984. An mbeidh comhluadar acu i ndiaidh chluiche an lae amárach? Neosfaidh an aimsir.

Tá babhta a cúig de shraith Allianz ag leanúint ar aghaidh agus na cluichí go léir i Roinn a 1 ar siúl amárach. Tá siad go léir tábhachtach ar shlí amháin nó ar shlí eile. Ag an bpointe seo caithfidh go bhfuil na bainisteoirí nua, Liam Cahill Phort Láirge agus Brian Lohan an Chláir, thar a bheith sásta leis an tús atá curtha ag a gcuid foirne leis an séasúr nua.

Thar aon rud eile táimse ag súil an deireadh seachtaine seo le cinntí ciallmhara ó Chomhdháil Chumann Lúthchleas Gael i bPáirc an Chrócaigh inniu agus mé ag súil freisin le taispeántais stuama ó na réiteoirí amárach.

Rinne cúpla duine de na réiteoirí céanna praiseach dá gcluichí an tseachtain seo caite. Tá súil agam go bhfuil níos mó saoirse tugtha ag na measúnóirí dóibh agus nach mbeidh an méid céanna pocanna saora á dtabhairt ar bheagán údair i gcás eachtraí nach raibh mórán dochair iontu. 

Fág freagra ar 'Sleacht Néill ag iarraidh a gcoróin a chosaint in aghaidh na Sáirséalach'