Slán leis an gceolfhoireann – tá deireadh ag teacht de réir a chéile le saol sóisialta ár máthar

CUIMHNE AGUS DEARMAD: Níl an néaltrú tar éis cur as go rómhór go fóill do chumas mháthair ár gcolúnaí ar an dordveidhil, ach mar sin féin tá slán á fhágáil aici le ceolfhoireann a bhí mar dhlúthchuid dá saol sóisialta le tríocha bliain anuas 

Slán leis an gceolfhoireann – tá deireadh ag teacht de réir a chéile le saol sóisialta ár máthar

Seinneann mo mháthair, a bhfuil galar Alzheimer uirthi, an dordveidhil. Ball í de cheolfhoireann shiansach leathphroifisiúnta le breis agus tríocha bliain anuas.

Ag tús na bliana seo, shocraigh mo dheartháir óg agus mé féin teagmháil a dhéanamh le coiste stiúrtha na ceolfhoirne chun iad a chur ar an eolas go bhfuil néaltrú ar ár máthair.

Ba é an chaoi go raibh camchuairt ar an nGearmáin á beartú don samhradh seo. Bhí ár máthair ar bís faoin turas sin ach bhí amhras orainne. Ar an dea-uair, níl an galar tar éis cur as go rómhór go fóill do chumas ceoil mo mháthar, ach cailleann sí a bealach ina cistineach féin.

Cén chaoi a n-éireodh léi in óstán i dtír strainséartha? Agus dá gcaillfeadh sí a pas? 

Phléigh coiste stiúrtha na ceolfhoirne an cheist agus tháinig siad ar ais le freagra gan mhoill. Ní bheadh cead ag mo mháthair dul ar an gcamchuairt. Ní raibh an coiste stiúrtha sásta an fhreagracht sin a thógáil. Lena chois sin, bhí sé le léamh idir na línte i bhfreagra an choiste go raibh amhras orthu maidir le ballraíocht mo mháthar sa cheolfhoireann san fhadtréimhse. 

Thuig muid dóibh, ach chuir muid ar a súile do chathaoirleach an choiste nach raibh fúinne an drochscéal a thabhairt dár máthair. Ba é sin freagracht an choiste. Dúirt an cathaoirleach gurbh fhearr léi fanacht go dtí díreach roimh an gcamchuairt, ar eagla go mbeadh uirthi an scéal a mhíniú arís is arís eile.

Ansin tháinig an coróinvíreas.

Ní raibh cleachtaí ag an gceolfhoireann (a bhfuil cuid mhór de na baill go maith anonn sna blianta) le trí mhí anuas. Tá an turas go dtí an Ghearmáin curtha ar ceal. Nuair a thosóidh na cleachtaí arís i mí Mheán Fómhair beidh ar lucht na ngaothuirlisí cleachtadh leo féin, scartha ón gcuid eile de na ceoltóirí.

Idir an dá linn, tá cinneadh tógtha ag mo mháthair, as a stuaim féin, go dteastaíonn uaithi éirí as an gceolfhoireann. Tá sí cinnte faoina cinneadh: tá sé ráite aici linn níos mó ná uair amháin go dteastaíonn uaithi an cheolfhoireann a fhágáil.

An chúis oifigiúil a thugann sí dúinn ná go mbíonn na cleachtaí ar siúl go rómhall san oíche, ach ar mhothaigh sí teannas éigin san aer ag na cleachtaí deireanacha roimh an bpaindéim? Cá bhfios. 

Níl bhíonn néal gan gealán agus thiocfadh le duine a rá gur mhór an gar a rinne an coróinvíreas do mo mháthair, do choiste na ceolfhoirne agus dom féin agus do mo dheartháir óg sa chás seo.

Mar sin féin, goilleann sé orainn a fheiceáil go bhfuil deireadh ag teacht, de réir a chéile, le saol sóisialta ár máthar agus rith sé linn go mbeadh sé go deas dá smaoineodh an coiste ar bhealaí chun baill a mbeadh galar Alzheimer orthu a choinneáil sa cheolfhoireann chomh fada agus is féidir.

Agus líon na ndaoine a bhfuil an galar sin orthu ag dul i méid seasta, is dóichí ná a mhalairt nach í seo an uair dheireanach go mbeidh orthu dul i ngleic le cás mar seo.

Fág freagra ar 'Slán leis an gceolfhoireann – tá deireadh ag teacht de réir a chéile le saol sóisialta ár máthar'