Slán leat agus go mba fada buan tú a John Muldoon, ‘Gile Mear’ an Bhóthair Bhig…

Ní hiontas go mb’éigean do lucht Chúige Chonnacht seastáin bhreise a thógáil laistiar de na cúil le deis a thabhairt do phobal an Iarthair slán a fhágáil aréir le John Muldoon

Slán leat agus go mba fada buan tú a John Muldoon, ‘Gile Mear’ an Bhóthair Bhig…

Laoch Chonnacht, John Muldoon. Pictiúr: INPHO/James Crombie

Ag bun an chnoic i Sráid Foster agus mé ag teacht i ngiorracht an Bhóthair Bhig tráthnóna inné is ea a rith sé liom go mba é sin an chéad uair riamh agam a bheith ag tabhairt aghaidh ar chluiche rugbaí de chuid Chonnacht agus gan oiread sin suime agam sna figiúirí a bheadh crochta ar chlár an scóir nuair a bheinn teacht ar ais le fána.

Ba é tráthnóna deiridh an tséasúir é, fad tagtha sa lá, 21 cluiche imeartha i gcomórtas ina raibh foirne as an Afraic Theas páirteach den chéad uair riamh agus Cúige Laighean tagtha anuas chun na hiargúltachta, seachtain díreach tar éis dóibhsean an fhoireann is fearr sa mBreatain Bhig a chur faoina gcosa.

De ghnáth is í an chloch is mó a bheadh ar mo phaidrín ná iad siúd a chur soir abhaile agus a gcuid eireaball ina ngabhail acu – ach níorbh amhlaidh an geábh seo!

Seó sráide ab ea an imirt aréir i gcomparáid lena raibh ar siúl ina thimpeall.

Siúráilte ba dheas an rud an lámh in uachtar a fháil, rud a d’fhágfadh nár thug ceachtar d’fhoirne na hÉireann an bua leo as Gaillimh an séasúr seo, ach is deacair a bheith ag feadaíl ag dul isteach geataí an Bhóthair Bhig na laethanta seo agus gan buaite ansiúd ach cluiche sraithe amháin ó thús na bliana.

Ach ar ndóigh ní leis an mbuachan ná leis an gcailliúint amháin a bhaineann cúrsaí spóirt. Saolaíonn fiú na coimhlintí is lú agus is fánaí acu a gcuid laochra féin. Mar sin ní hiontas go mb’éigean seastáin bhreise a thógáil laistiar de na cúil le deis a thabhairt do phobal an Iarthair slán a fhágáil aréir ag ‘Gile Mear’ an Bhóthair Bhig tar éis dósan 327 cluiche a bheith imeartha aige sa ngeansaí glas.

Bhí an scoil náisiúnta i nGort an Iomaire fágtha ina dhiaidh ag John Muldoon nuair a rug sé ina ghlac ar liathróid rugbaí den chéad uair riamh – an sliotar ba mhinice sa nglac chéanna sin roimh. Cén t-iontas nuair a bhí leithéidí Damien Hayes in aon rang leis agus na Cannings, Joe agus Ollie, ag teacht roimhe agus ina dhiaidh.

In aice láimhe i Scoil Phobail Phort Omna a fuair Muldoon a chéad bhlaiseadh den rugbaí – an cluiche tugtha chun na scoile ag múinteoir a d’imir do Chonnachta é féin lá den saol, fear darbh ainm Daithí Frawley.

Cúpla bliain ina dhiaidh agus an IRFU ag bagairt deireadh a chur le foireann rugbaí an chúige, bhí an dalta scór bliain d’aois anois agus cluiche nó dhó imeartha aige do Chonnacht. Bhí Frawley ar dhuine acu siúd a d’eagraigh an feachtas a mháirseáil chuig doirse na heagraíochta i mBóthar Lansdúin agus a thug ar na húdaráis a theacht ar athrú intinne.

Faoin am sin bhí bonn craoibhe mionúir iománaíochta ina phóca ag John.  Bhí sé ina ionadaí ar an bhfoireann a bhuaigh ar Chorcaigh i gCluiche Ceannais na hÉireann i mBliain na Mílaoise, agus Damien Hayes ar pháirc na himeartha leis. Níos luaithe an bhliain chéanna sin bhí an bheirt acu ar fhoireann rugbaí faoi-18 Chumann Urmhumhan/an tAonach, nuair a bhuaigh siadsan Craobh Faoi 18 na hÉireann.

Ba don rugbaí a thug John Muldoon a dhílseacht as sin amach, in Acadamh Chonnacht i dtús báire agus ansin ar an bhfoireann shinsearach ó d’imir sé dóibhsean don chéad uair in aghaidh Chríocha Theorainneacha na hAlban (Crìochan na h-Alba) in 2003.

John Muldoon i ngeansaí 23 d’fhoireann mhionúir na Gaillimhe in 2000 agus i ngeansaí 8 Chonnacht i gcluiche ceannais Pro12 in 2015.

Faoin mbliain 2008 ba é a bhí ina chaptaen, cúram a bhí anois arís air le ceithre bliana anuas.

Ní haon rún é go ndearna foirne eile iarraidh Muldoon a mhealladh chun na Fraince, go Sasana agus chun na Breataine Bige agus é i mbarr a mhaitheasa agus cé gur tairgeadh níos mó tuarastail dó ná mar a bhí sé a fháil sa mbaile, ba é an t-eiteach a thugadh sé i gcónaí.

Níorbh fhurasta an rud é sin a dhéanamh, déarfainn. I mbun an tábla ba mhinice le Connachta a bheith sna sraithchomórtais, bhí cúig bliana seirbhíse tugtha ag Muldoon nuair a bhaineadar na babhtaí ceathrú ceannais amach den chéad uair agus ionann is deich mbliana tugtha aige nuair a fuair sé blaiseadh de Chorn Heineken.

Ach níor chlis ar a dhílseacht ná ar a mhisneach riamh agus sin an fáth lucht na scafall agus na seastán a bheith chomh cruógach sin timpeall an Bhóthair Bhig an tseachtain seo caite.

Is maith an chuimhne atá ansiúd acu ar an seanfhocal a deir nach mór duitse a bheith go maith don té a bhí ar an gcuma chéanna leat féin agus mura bhfuil sin le rá faoi Mhaoldúnach Ghort an Iomaire.

Nach tráthúil gur dhá bhliain díreach glan a bhí caite ón lá ar fhág sé slán ag an mBóthar Beag inné agus an lá ab iontaí i saol rugbaí a chúige – nuair a ghlac sé seilbh ar Chorn Sraithe Pro 12 i Murrayfield ar an 28 Bealtaine 2016.

Tugadh oiread aer don ‘West’s Awake’ i gCathair na dTreabh aréir agus go bhfuil tinneas cinn ar na préacháin ansiúd ar maidin ní áirím orthu siúd a bhí ag gabháil fhoinn.

I bhfoisceacht míle nó dhó don áit ar thóg an Búrcach, Iarla Chlann Riocaird, Caisleán Phort Omna a tógadh agus a múnlaíodh John Muldoon. D’fhág an dara véarsa deireanach den amhrán tocht i scornacha go leor aréir.

For often in O’Connor’s van
To triumph dashed each Connacht clan
And fleet as deer, the Normans ran
Thro’ Corr Sliabh Pass and Ardrahan
And later times saw deeds as brave
And glory guards Clanricarde’s grave
Sing oh, they died their land to save
At Aughrim’s slopes and Shannon’s wave

Go mba fada buan tú a John Muldoon na féasóige agus an chaipín bobailín agus ár míle buíochas.

Fág freagra ar 'Slán leat agus go mba fada buan tú a John Muldoon, ‘Gile Mear’ an Bhóthair Bhig…'

  • Padraic de Bhaldraithe

    Nár laga Dia thú a Mhártain.
    Ní hamháin “nár thug ceachtar d’fhoirne na hÉireann an bua leo as Gaillimh an séasúr seo” ach níor thug aon cheann de na trí fhoireann ghairmiúla eile in Éirinn an bua leo ach an oiread!