Slán le ‘Cáca Milis’ agus ‘Géibheann’ – dánta agus scéalta nua fógartha do shiollabas Gaeilge na hArdteiste

Tá an siollabas reatha do Ghaeilge na hArdteiste i bhfeidhm ó 2010 ach tá liosta nua de na scéalta agus na dánta a bheidh á staidéar ag daltaí amach anseo foilsithe ag an Roinn Oideachais

Slán le ‘Cáca Milis’ agus ‘Géibheann’ – dánta agus scéalta nua fógartha do shiollabas Gaeilge na hArdteiste

Tá athrú iomlán le déanamh ar na roghanna filíochta agus próis atá ann do scrúduithe Gaeilge na hArdteiste.

Tá an siollabas reatha do Ghaeilge na hArdteiste i bhfeidhm ó 2010 ach ní fada eile a mhairfidh sé agus liosta nua de na scéalta agus na dánta a bheidh le staidéar ag daltaí amach anseo foilsithe ag an Roinn Oideachais.

Tiocfaidh an siollabas nua isteach go dtí an bhliain seo chugainn agus is in 2027 a fheicfear ceisteanna faoin litríocht nua ar pháipéir Ghnáthleibhéil agus Ardleibhéil na hArdteiste den chéad uair.

Ar na saothair atá molta don phrós comónta ainmnithe agus a d’fhéadfadh a bheith ar na páipéir Ghnáthleibhéil agus Ardleibhéil, tá; Laochas le Séamus Ó Searcaigh; An Fear a Phléasc le Mícheál Ó Conghaile; Gáire in Éag le Seán Ó Muireagáin; An Bóthar go Santiago le Mícheál de Barra; Sciorrann an tAm le hOrna Ní Choileáin; agus An tIriseoir le Michelle Nic Pháidín. Tá an dráma ‘An Féileacán agus an Crann Úll’ a scríobh Mícheál Mac Carthaigh agus an gearrscannán Eoinín na nÉan a léirigh ROSG ar an liosta comónta chomh maith.

Mná Dána: Dornán Drámaí le Celia de Fréine; An Nollaig Thiar le Breandán Ó hEithir; Deirdre le Darach Ó Scolaí, Dordán le hÉilís Ní Dhuibhne agus Bláth na dTulach, a chuir Réaltán Ní Leannáin in eagar, na saothair atá ainmnithe don Litríocht Bhreise a bheidh mar rogha ag daltaí atá ag tabhairt faoin bpáipéar Gaeilge ag an ardleibhéal.

Meascán den sean agus nua atá ann i dtaobh na filíochta atá ainmnithe ar an siollabas chomh maith.

Tá ‘Dínit an Bhróin’ le Máirtín Ó Direáin agus ‘Deireadh na Feide’ le hAilbhe Ní Ghearbhuigh ar phéire de na dánta don Fhilíocht Chomónta Ainmnithe a bheidh á staidéar ag daltaí Gnáthleibhéil agus Ardleibhéil. Tá ‘An tEarrach Thiar’ leis an nDireánach ar cheann de na dánta atá bainte den siollabas.

Tá na dánta ‘Iníon’ le hÁine Durkin, ‘Glaoch Abhaile’ le hÁine Ní Ghlinn agus ‘Úirchill an Chreagáin’ le hArt Mac Cumhaidh ainmnithe ar an liosta comónta chomh maith.

Ar na dánta breise a bheidh sé mar rogha ag daltaí Ardleibhéil staidéar a dhéanamh orthu, tá ‘Trén bhFearann Breac’ le Colm Breathnach; ‘Eanáir 1991’ le Biddy Jenkinson; ‘Ag Tiomáint Siar’ le Nuala Ní Dhomhnaill; ‘Dijeridiú’ le Louis de Paor agus ‘Anthony Daly’ le hAntaine Raiftearaí.

Fág freagra ar 'Slán le ‘Cáca Milis’ agus ‘Géibheann’ – dánta agus scéalta nua fógartha do shiollabas Gaeilge na hArdteiste'

  • Siob

    ‘Tá ‘An tEarrach Thiar’ leis an nDireánach ar cheann de na dánta atá bainte den siollabas”.

  • Phyl Herbert

    Mna Dana.