Slán fágtha ag Craig linn, ach an bhfuil buille Bond tugtha?

Tá Daniel Craig tar éis slán a fhágaint le Bond agus ní fios cad atá i ndán do 007

Slán fágtha ag Craig linn, ach an bhfuil buille Bond tugtha?

No Time to Die
Stiúrthóir:
Cary Joji Fukunaga
Cliar: Daniel Craig, Léa Seydoux, Ana de Armas, Rami Malek, Lashana Lynch, Ralph Fiennes, Ben Whishaw, Naomie Harris, Jeffrey Wright, Christopher Waltz

Seo chugainn an scannán Bond is faide riamh agus tarrac ar thrí uair an chloig ag Daniel Craig slán a rá leis an gcarachtar atá á léiriú aige don chúigiú babhta. Míreanna aicsin snasta, láithreacha breátha, bithiúnaigh shuntasacha, carúil ghrinn, cairteacha deasa, giuirléidí aisteacha – táid ar fad anseo.

Tá éirithe le Craig a chuid féin a dhéanamh de Bond is tacaíocht bhreá aige ón gcuid eile den chliar. An cheist is mó atá ag dó na geirbe agam anois ná an bhfuil buille Bond tugtha? Táim in amhras go bhfuil, nó ar a laghad, níl aon dul siar chuig an Bond a bhí againn ó 1962 i leith. Tá an tuairim sin bunaithe ní hamháin ar na heachtraí sa saothar is déanaí faoi agus an tslí ar fágadh slán le ré Craig ach ar na hathruithe sa tsochaí ó tháinig sé ar scáileán den chéad uair.

Seo an cúigiú scannán ar fhichead faoi ghníomhartha buile is gaisce Shéamuis agus sé Craig an séú haisteoir a thug faoin ról. I gcaitheamh na mblianta lean an cnuasach ag treabhadh leis fiú nuair a seoladh an carachtar ar aghaidh ó aisteoir go haisteoir. Na comharthaí sóirt céanna a bhí sa chnuasach: an bhanaíocht, an t-ólachán, carúil ghrinn, láithreacha suaithinseacha, míreanna aicsin agus giuirléidí áiféiseacha.

Le teacht na mílaoise nua agus Craig ag tabhairt faoin ról den chéad uair bhíothas ann a chreid go raibh a ré caite mar nár oir an carachtar do shaol agus do thuiscintí an lae inniu. Tá na tuairimí is na tuiscintí sin neartaithe go mór le blianta beaga anuas. Níorbh fhéidir leis, agus ní féidir leis, leanúint ar aghaidh mar a bhí.

Go deimhin tá ré Craig, agus an t-aisteoir féin, tar éis claochlú áirithe a dhéanamh ar an gcarachtar. É beagán níos daonna agus mothúcháin le haithint air. I gcaitheamh an scannáin seo ní bhíonn caidreamh gnéis aige ach le bean amháin, bean dála an scéil a bhfuil sé go mór i ngrá léi. Peacaí marfacha i gcruinneshamhail Shéamais an leathair. Ina theannta sin tá na leath-thagairtí gnéis imithe chomh maith. Táim in amhras chomh maith go bhfuil ré an Bond Girl caite.

Lena chois sin tá nasc idir scannáin Craig sa tslí is go bhfeicimid Bond ag tosú amach sa ghairm sa chéad scannán agus go bhfuil slán á fhágáil againn leis sa cheann deireanach. Tá saolré á haithint ag an gcnuasach den chéad uair. Go deimhin tá deireadh an scannáin chomh críochnúil sin go bhfuil sé ana-dheacair a dhéanamh amach cá rachfar anois.

Gan amhras tá an cnuasach róluachmhar le fágaint sa chófra ach tá cinntí móra le déanamh ag na léiritheoirí Barbara Broccoli agus Michael G. Wilson. Táthar ag caint le tamall faoi dhuine nach den chine geal a chur sa ról, é sin agus/nó bean a chur sa ról. Má chuirtear bean sa ról an ndéanfaidh sé an carachtar a athrú ó bhonn? An mbeadh sé níos fearr carachtar eile ar fad a chumadh agus ligint do 007 sleamhnú leis? Cén t-ainm a thabharfar ar an gcarachtar?

Déantar rudaí a thriail sa gceann seo. Is gníomhaire 00 í Nomi (Lynch), fágtar an teideal 007 le huacht léi nuair a éiríonn James as; caochadh súl agus leid b’fhéidir faoina bhfuil i ndán don chnuasach seo. Lena ceart a thabhairt do Nomi is carachtar caithiseach, inchreidte í agus tugann Lynch taispeántas breá uaithi.

Tá go leor féidearthachtaí ann. Níl na freagraí chomh soiléir sin.

Is maoithneachas agus aithne is mó atá ag mealladh an lucht féachana. Má dhéantar an rogha mhícheart d’fhéadfaí an cnuasach a chur go tóin poill.

Fág freagra ar 'Slán fágtha ag Craig linn, ach an bhfuil buille Bond tugtha?'