Slad déanta ag Cill Chainnigh ar an gClár chun cáiliú do chluiche ceannais na hÉireann

Thug na Cláirínigh taispeántas uafásach uathu i bPáirc an Chrócaigh agus ceannas iomlán ag Cill Chainnigh ar an gcluiche leathcheannais seo

Slad déanta ag Cill Chainnigh ar an gClár chun cáiliú do chluiche ceannais na hÉireann

Martin Keoghan ag ceiliúradh tar éis dó cúl a scóráil do Chill Chainnigh. Pic: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie

Cill Chainnigh 2-26 An Clár 0-20

Tá iománaithe Chill Chainnigh ar ais i gcluiche ceannais na hÉireann tar éis dóibh slad a dhéanamh ar an gClár sa chéad chluiche leathcheannais an deireadh seachtaine.

Tá Brian Cody ina 24ú bliain i gceannas ar fhoireann shinsir na gCat agus léirigh an taispeántas seo na tréithe a bhíonn uaidh i gcónaí. Fuair nach mór gach duine d’imreoirí Chill Channaigh, na cosantóirí go háirithe, an ceann is fearr ar a gcéilí comhraic. Cliseadh ceart a bhí ann d’fhoireann an Chláir. Bhí drochscéal ag a lucht tacaíochta roimh thús an chluiche nuair a fógraíodh nach mbeadh John Conlon in ann an cluiche a imirt. Is in olcas a chuaigh rudaí ina dhiaidh sin.

24 iarracht a chuir foireann Brian Lohan amú sa chluiche, níos mó ná líon na n-iarrachtaí a chuir siad thar an trasnán. Cuireadh deireadh cuí leis an gcluiche nuair a lasc cúl báire an Chláir, Eibhear Quilligan, ceann eile ar fóraoil.

Is sa chéad leath a rinne Cill Chainnigh an obair uile chun an cluiche a bhuachan. Rinneadh scrios iomlán ar an gClár agus bhí seaimpíní Laighean ceithre phointe dhéag chun cinn ag an mbriseadh, 1-17 in aghaidh 0-6.

Bhí na Cait láidir, cliste agus cruinn sa chéad 35 nóiméad sin agus níor thug a gcosantóirí spás ar bith don Chlár. Bhí ceannas iomlán acu ar an imirt, go háirithe san aer, agus ní raibh na Cláirínigh in ann acu.

Chuir Shane O’Donnell na Muimhnigh chun tosaigh sa chúigiú nóiméad le scór deas ach bhí na Cait chun tosaigh arís taobh istigh de nóiméad agus bhí siad nach mór as radharc go luath ina dhiaidh sin. D’fhág sé phointe as a chéile go raibh siad 0-7 in aghaidh 0-2 chun tosaigh théis 12 nóiméad, cúpla scór deas ó Eoin Cody ina measc. D’aimsigh Cill Chainnigh sé phointe eile as a chéile idir na 22-28 nóiméad chun deich bpointe a chur idir na foirne, 0-15 in aghaidh 0-5. Bhí Adrian Mullen lárnach do na Cait agus trí phointe a fuair sé sa chéad leath.

Pictiúr: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie

Má bhí Cill Chainnigh go maith, áfach, bhí an Clár go hainnis. Bhí Ian Galvin, Peter Duggan agus David Reidy sa líne lántosaithe acu ag an tús ach nuair a scaoileadh isteach fada an sliotar ina dtreo, is i dtreo na bhfear beag – Galvin agus Reidy – a seoladh í agus ní raibh Cill Chainnigh i bhfad á ghlanadh amach.

Baineadh Galvin amach théis 23 nóiméad agus bhí an t-ádh ar roinnt eile, nó an mí-ádh i bhfianaise an tsléacht a bhí á dhéanamh, nár tógadh amach iad. Scóráil Martin Keoghan an chéad chúl sa chluiche do Chill Chainnigh díreach roimh leath ama ach seans go raibh an buille marfach buailte i bhfad roimhe sin.

Léirigh taispeántas Tony Kelly na fadhbanna uile a bhí ag an gClár. Cuireadh Martin Butler á mharcáil agus níor thug an cosantóir orlach spáis dó i rith an chluiche. Ceithre phointe ó naoi n-iarracht a scóráil fear Bhaile Aodha, gan ceann ar bith acu ag teacht ón imirt, agus bhí fadhbanna aige leis na buillí saora freisin. Don tríú cluiche as a chéile, tugadh cúram na mbuillí saora do Peter Duggan tar éis do Kelly roinnt acu a chur amú.

Rinne Diarmuid Ryan agus David Fitzgerald iarrachtaí an fhoireann a spreagadh ach bhí siad ag snámh in aghaidh easa. Is é Shane O’Donnell an t-aon duine den seisear tosaithe a thosaigh don Chlár a scóráil ón imirt agus fiú nuair a bhí an cath caillte acu sa dara leath agus gan aon bhrú orthu, choinnigh na Cláirínigh ag bualadh iarracht i ndiaidh iarrachta amú.

Scóráil Cian Kenny an dara cúl do Chill Chainnigh seacht nóiméad isteach sa dara leath. Cruthaíodh an deis dó nuair a rug Walter Walsh ar phoc amach eile. Bhí na Cait  2-19 in aghaidh 0-10 chun cinn. Lig Cill Chainnigh na maidí le sruth ina dhiaidh sin. Bhí a gcúram déanta go slachtmhar acu agus  cluiche ceannais na hÉireann eile rompu.

Cill Chainnigh: E Murphy; T Walsh; H Lawlor; P Deegan; R Reid, M Butler, M Carey; C Browne, A Mullen (0-5); TJ Reid (0-10, 0-7 ó phocanna saora), P Walsh (0-2), E Cody (0-3); B Ryan (0-2), M Keogan (1-0), C Kenny (1-1). Fir Ionaid: W Walsh (0-1) in áit Keoghan (leath ama), J Donnelly in áit P Walsh (48 nóim), R Leahy in áit Brown (61 nóim), A Murphy in áit Ryan (65 nóim), D Blanchfield in áit Carey (70+1 nóim).

An Clár: E Quilligan; D Ryan (0-3); C Cleary, P Flanagan; R Hayes (0-2), D McInerney (0-1), P Fitzpatrick, D Fitzgerald (0-3), R Taylor (0-1); S O’Donnell (0-4), T Kelly (0-4, 0-3 ó phocanna saora, 0-1 ó ‘65), C Malone; D Reidy, P Duggan (0-1 ó phoc saor), I Galvin. Fir Ionaid: A Shanagher in áit Galvin (23 nóim), M Rodgers (0-2) in áit Reidy (leath ama), C Nolan in áit Fitzparick (leath ama), S Meehan in áit P Duggan (48 nóim), S Golden in áit Tatlor (65 nóim)

Réiteoir: Fergal Horgan.

Fág freagra ar 'Slad déanta ag Cill Chainnigh ar an gClár chun cáiliú do chluiche ceannais na hÉireann'

  • JP

    Luchóga laga an Chláir faoi bhosa na gCat agus a mbolg in airde acu. Ealaín, cruas, comhimirt, díocas agus deaslámhacht na hiomána gan cháim ag an uile Chat acu. Cian Lynch, agus tuilleadh nach é, ag teastáil ó Luimneach (i gcead daoibh a Ghaillimhigh) más fúthu na Cait seo a scóladh.