Sioscadh ar siúl faoi laigí iomadúla Arlene Foster

Is bocht an teist ar aon cheannaire é rialú cúirte go raibh cinneadh a rinne sí neamhdhleathach

Sioscadh ar siúl faoi laigí iomadúla Arlene Foster

Bhí drochlá ag Arlene Foster ar Lá Idirnáisiúnta na mBan. Bhí sí in áiléar na gcuairteoirí i dTeach na nIonadaithe in Westminster nuair a fógraíodh buiséad Thuaisceart Éireann don bhliain romhainn. Bhí súil ag an DUP le dea-phoiblíocht den chéad uair ó chuir Foster deireadh leis na cainteanna i Stormont ar an 14 Feabhra. Thréig an t-ádh arís iad. Ní ar éifeacht, tionchar nó cumhacht an DUP in Westminster a bhí aird an phobail ach ar chinneadh na hArd-Chúirte gur sháraigh Arlene Foster an dlí nuair a bhí sí ina Céad-Aire.

Na buillí ag teacht sa mullach ar a chéile.

Dea-scéal d’éinne é £410 milliún; ceadaíodh sa bhuiséad an méid sin den £1 billiún a gealladh don DUP as a dtacaíocht do rialtas Theresa May. Anuas air sin níor fhógair an Státrúnaí Bradley go raibh pá na dTeachtaí Tionóil i Stormont á chiorrú – ar iarratas ón DUP a cuireadh an fógra sin ar an méar fhada ach maíodh i Westminster go ndéanfar é gan mhoill. Aon trian de phá na dTeachtaí le gearradh, is cosúil de bharr na pairilise i Stormont.

Fógraíodh an buiséad ar bhealach neamhghnách, i bhfoirm ráitis scríofa ón Státrúnaí Karen Bradley. Dá réir, ní raibh díospóireacht ag feisirí faoi agus níor cíoradh na sonraí. Ba léir áfach gur sceach i mbéal bearna é táille an DUP – cosaint ar bhoilsciú do sheirbhísí sláinte agus oideachais. Níor cheil sé an méadú mór ar na rátaí ná na fadhbanna a bhaineann le hathruithe ar an gcóras leasa shóisialaigh, ach rinne an DUP gaisce gurb iadsan a thug maoin abhaile.

Níor bhain sé aird den bhuille a fuair Arlene Foster san Ard-Chúirt i mBéal Feirste, áfach.

Seans gur mó dochar a dhéanfadh sé di dá mbeadh Stormont beo, ach is bocht an teist ar aon cheannaire é rialú cúirte go raibh cinneadh a rinne sí neamhdhleathach.

Bhain cinneadh an Bhreithimh Girvan le dúshlán a thug baintreach Anthony Hughes a maraíodh i 1987. Sibhialtach ab ea é a bhí ag dul thar bráid nuair a bhí buíon ón IRA agus saighdiúirí ón SAS ag scaoileadh lena chéile i Loch gCál.

Tá coiste cróinéara ar a bhás siúd i measc 50 ionchoisne a dteastaíonn maoiniú ón bPríomh-Bhreitheamh chun iad a éisteacht sna blianta beaga seo romhainn.

Chuir Arlene Foster bac ar phlé sa bhFeidhmeannas faoi mholtaí chun an riaráiste sin a ghlanadh – beart neamhdhleathach arsa an breitheamh.

Earráid ab ea cinneadh Foster nach bhféadfaí déileáil leis na hionchoisní astu féin ach mar chuid de phlean uileghabhálach faoi oidhreacht na staire, a dúirt sé. Sárú ar na nósanna imeachta ab ea é an t-eiteachas a thabhairt don iarratas moltaí a chur ar chlár oibre an Fheidhmeannais.

Nocht pobalbhreith a foilsíodh le seachtain gur thit tacaíocht an DUP le deireanas. Tá sioscadh ar siúl ar chúl an téarma faoi laigí iomadúla Arlene Foster mar cheannaire. Tá na feisirí Parlaiminte á cosaint – faoi láthair ar aon nós – mar gur maith leo a cheapadh go bhfuil siad cumhachtach i Westminster.

B’fhéidir go maolóidh a ngrá do Westminster má bhailíonn na feisirí ar nós Stella Creasey agus Conor McGinn ón Lucht Oibre neart sa Pharlaimint dá n-iarrachtaí, d’uireasa Stormont, chun billí a rith le ginmhilleadh agus pósadh comhghnéis, fá seach, a cheadú i dTuaisceart Éireann. Chaithfeadh sé go bhfuil a fhios ag an DUP nach seasfaidh na Tóraithe leo ach a fhad is a fheileann sé dóibh féin.

Ba chosúil i lár na seachtaine go raibh droim láimhe á thabhairt ag an DUP le Stormont. Dúirt Simon Hamilton i dtosach agus ansin Arlene Foster gur beag seans a bhí ann Stormont a athnuachan i mbliana. Chuir Hamilton an milleán ar Shinn Féin, ag rá go raibh an caidreamh imithe chun donais mar gheall ar chur chuige Shinn Féin le cúpla seachtain anuas – ‘rualoisciú’, a thug sé air. Tá Breatimeacht ag cur leis an teannas agus ó bheadh an DUP sa mhionlach faoin mbeart sin i Stormont tá roinnt den bharúil nach mian leo filleadh ag rialtas díláraithe go mbeidh an scaradh déanta.

Ní foláir nó go bhfuil daoine sa DUP ar buile (leo féin) mar go raibh Sinn Féin in ann buntáiste a bhaint as iompar Arlene Foster agus a comhghleacaithe le mí. Cabhair do Shinn Féin is ea drochbholscaireacht an DUP ó chuir Arlene Foster deireadh tobann le cainteanna i Stormont. I dtosach báire shéan an DUP go raibh dréachtmhargadh acu le Sinn Féin. Ansin dúradh go raibh an-chuid dréachtaí acu. Ceap magaidh i measc an phobail trí chéile is ea an cur chuige ciotach sin agus chinntigh sé gur ar an DUP a bhí aird seachas ar an drochmhargadh – gabhaim pardún, dréachtmhargadh – a rinne Sinn Féin.

Is léir don dall gur cuireadh ceangal na gcúig gcaol ar cheannaire an DUP agus a foireann idirbheartaíochta. Ní raibh an obair déanta chun ionadaithe agus a lucht tacaíochta a bhreith leo cé go raibh margadh níos fearr acu ná mar a bhí ag Sinn Féin. Ina dhiaidh sin bhí an páirtí, agus Arlene Foster go háirithe, chomh hamscaí i mbun cumarsáide gur beag nach bhfeicfeá le do dhá shúil féin muinín an phobail iontu ag feo.

Do pháirtí a d’fhás go tiubh le cúig bliana déag i ngeall ar a íomhá mar pháirtí cumasach tá an lagú sin contúirteach. Agus i gcultúr an DUP, a bhí bunaithe ar an gceannaireacht láidir riamh, tá sé sin contúirteach d’Arlene Foster. Is é a sciath chosanta nach bhfuil léiroidhre acu a thabharfadh a dúshlán; ní bonn teann é sin do cheannaire.

Fág freagra ar 'Sioscadh ar siúl faoi laigí iomadúla Arlene Foster'