Tá siopa leabhar Liam Ruiséal a bhfuil cáil mhór air i measc Gael chathair Chorcaí le dúnadh níos deireanaí i mbliana i ndiaidh di a bheith i mbun gnó le breis agus céad bliain.
Is í Bríd Hughes, gariníon an bhunaitheora atá i mbun shiopa Liam Ruiséal faoi láthair ach tá sé deimhnithe aici go mbeidh an siopa ag dúnadh faoi cheann cúpla mí. Níl sé ach dhá bhliain ó bhí an siopa ag ceiliúradh céad bliain a bhunaithe.
Tá cáil bainte amach ag an siopa leabhar neamhspleách, atá lonnaithe ar Shráid Oilibhéar Pluincéad sa chathair, i measc Gael na cathrach agus an-chuid leabhar Gaeilge agus staire ar fáil sa siopa, chomh maith le leabhair shainspéise.
Tá iarArd-Mhéara Chorcaí, an comhairleoir Des Cahill ina measc siúd a chuir a ndíomá in iúl go bhfuil an siopa le dúnadh.
Níl sé fógartha go fóill cén fáth go díreach go bhfuil an siopa le dúnadh ach tá siopaí neamhspleácha buailte go dona ag daoine a cheannaíonn a gcuid leabhar ar líne, go háirithe leabhair scoile.
Ní bheidh ach siopa leabhar neamhspleách amháin anois fágtha i gcathair Chorcaí nuair a dhúnfaidh siopa Liam Ruiséal.
Gael agus poblachtach aitheanta ab ea bunaitheoir an tsiopa, Liam Ruiséal. Bhí sé ina bhall de Chonradh an Gaeilge ag tús an chéid.
I 1916, d’oscail sé siopa leabhar darbh ainm The Fountain Bookshop ar Shráid an Chapaill Bhuí sa chathair. Ba mhinic a dhéanadh an RIC ruathair ar an siopa le linn Chogadh na Saoirse.
D’aistrigh sé an gnó go dtí an áit ina bhfuil sé faoi láthair i 1929 agus é faoina ainm féin. Bhásaigh Liam Ruiséal i 1978.
leitheoir
Cad a thiocfaidh ina áit? ‘Donor kebabs’? (Cé hiad na deonaithe?) ‘Starbucks’ eile? ( bíonn go leor boicíní ag caitheamh a dtóna sa vhathair sin cheana féin). Nó ‘Toys R Us’ b’fhéidir? Nó ..Dia idir sinn is an greim gasta…Big MacD féin!