Tá Sinn Féin ‘tiomanta’ d’Acht Gaeilge a chinntiú, dar le hiarrthóir toghcháin dá chuid, an an t-iarAire Cultúir Carál Ní Chuilín.
Dúirt Ní Chuilín, a chuir próiseas comhairliúcháin ar bun maidir le hAcht Gaeilge in 2015 go bhfuil bród ar Shinn Féin as an méid atá déanta ag an bpáirtí agus ag a n-airí ar son na Gaeilge agus ar son chearta na gcainteoirí Gaeilge ó thuaidh.
“Our ministers have delivered unprecedented investment in the Irish Language in the north. Investment that has positively impacted the development of the Irish Language in our communities and in our schools,” a dúirt sí.
Luaigh Ní Chuilín na dréachtaí d’Acht Gaeilge agus do Straitéis Ghaeilge, chomh maith leis an scéim ‘Líofa’ a bunaíodh faoi aireacht Shinn Féin mar shamplaí den “dul chun cinn” don teanga a tharla faoi réimeas an pháirtí agus thug geallúint nach mbeadh a páirtí “ag cúlú” ón dul chun cinn sin.
Dúirt sí go dtuigeann Sinn Féin a thábhachtaí is atá sé aitheantas a thabhairt do phobal na Gaeilge agus gur thug an páirtí deis agus ardán araon d’eagraíochtaí teanga a dtuairim a chur in iúl sna hinstitiúidí ó thuaidh.
Cháin sí seasamh an DUP i leith na Gaeilge agus “an dóigh a gcaitheann” an páirtí sin leis an teanga agus le ceist na féiniúlachta Éireannaí.
Dúirt sí nach bhféadfaí na hinstitiúidí polaitíochta a chur ar bun arís mura gcuirtear na geallúintí a tugadh faoi Chomhaontuithe Aoine an Chéasta agus Chill Rímhinn i bhfeidhm.
“No political institutions can be reformed without the fulfilment of previously agreed commitments. We are committed to ensuring that there will not be a return to the status quo,” a dúirt sí
Tá diúltaithe, áfach, ag Sinn Féin a rá gur bunphrionsabal margála ag an bpáirtí í ceist an Achta Gaeilge.
Agus Conor Murphy, iarrthóir eile toghcháin de chuid Shinn Féin, faoi agallamh ar an gclár The Nolan Show ar BBC Radio Ulster an tseachtain seo caite, thug láithreoir an chláir, Stephen Nolan, deis dó 13 uair “geallúint” a thabhairt do lucht vótála nach rachadh Sinn Féin i mbun roinnt na cumhachta leis an DUP d’uireasa geallúint a bheith tugtha go dtabharfaí Acht Teanga isteach.
Dúirt Murphy go bhfuil geallúint tugtha i gComhaontú Chill Rímhin maidir le hAcht Teanga a thabhairt isteach agus go raibh Sinn Féin ar son gach geallúint dá leithéid a chomhlíonadh.
Dúirt sé gur “ceist thábhachtach” nó “key issue” í ceist an Achta Teanga do Shinn Féin, ach dhiúltaigh sé arís agus arís eile a rá nach rachadh Sinn Féin i mbun roinnt na cumhachta leis an DUP d’uireasa geallúint ón bpáirtí sin faoin ábhar seo.
Dúirt ceannaire Shinn Féin ó thuaidh Michelle O’Neill an tseachtain seo caite go mbeadh geallúint faoin Acht Gaeilge ina “ceist thábhachtach” in aon chainteanna a bheadh ar bun i ndiaidh thoghchán Stormont na míosa seo chugainn, ach ní raibh sí sásta a rá go gcuirfí margadh leis an DUP ó mhaith d’ uireasa a leithéid de gheallúint.
Tá ceist an Achta Gaeilge ina cnámh spairne agus an feachtas toghcháin faoi lán seoil ó thuaidh. Tá ráite go soiléir ag Arlene Foster, ceannaire an DUP, nach nglacfaidh a páirtí choíche le hAcht Gaeilge. Chuir sí Sinn Féin i gcomparáid le crogaill nach bhféadfaí a shásamh agus í ag tagairt d’éileamh an pháirtí phoblachtánaigh ar an Acht.
Fág freagra ar 'Sinn Féin ‘tiomanta’ d’Acht Gaeilge a chinntiú ó thuaidh — Ní Chuilín'