Sinn Féin spárálach leis na fíricí…agus leis an aithreachas

Chuir an phraiseach a rinne Sinn Féin de na ceisteanna a d’eascair as cás Michael McMonagle alltacht ar dhaoine

Sinn Féin spárálach leis na fíricí…agus leis an aithreachas

Comhartha sóirt ar Shinn Féin na linne seo is ea an smacht a choinnítear ar gach rud. Cén uair dheiridh a chuaigh ionadaí ar rith aonair? Cén fhad ó chualathas faoi dhíospóireacht theasaí inmheánach, ní áirím achrann nó easumhlaíocht? Cén t-iontas mar sin go ndeachaigh sé rite leo a chur i gcion ar dhaoine gur bhotún faoi ndear an chaoi ar láimhseáil siad cás an chiontóra gnéis Michael McMonagle, iar-phreasoifigeach dá gcuid?

Chuir an phraiseach a rinne Sinn Féin de na ceisteanna a d’eascair as cás McMonagle alltacht ar dhaoine toisc gur bhain sé le sábháilteacht páistí. Rinne sé dochar don bpáirtí féin mar a bhí soiléir nuair ab éigean do Mary Lou McDonald leasú ó bhonn ar ghnásanna rialachais an pháirtí a ordú. Mhaígh Teachtaí in Stormont go ndearna sé dochar don Tionól agus beidh le feiceáil an dtiocfaidh Michelle O’Neill slán sa bhfadtéarma ó iarmhairtí an scannail.

Ciontaíodh Michael McMonagle i nDoire an mhí seo caite nuair a phléadáil sé ciontach as 14 de chionta gnéis in aghaidh páistí. Gearrfar pianbhreith air ar an 8 Samhain.

Gabhadh é i dtosach i mí Lúnasa 2021. Chuir sé Sinn Féin, a fhostóir in Stormont, ar an eolas agus cuireadh ar fionraí é láithreach. Sa Mheitheamh dár gcionn, in 2022, níor deineadh athnuachan ar a chonradh.

In insint Shinn Féin shílfeá gur imigh sé de dhroim na talún ansin.

Ní raibh eolas ar bith acu faoi agus ní fhaca Michelle O’Neill é os a comhair amach ag imeacht in Stormont leis an British Heart Foundation. Bhí sé ansin mar phreasoifigeach na carthanachta, post a fuair sé i mí Mheán Fómhair 2022. Fuair an BHF teistiméireachtaí ar a shon ó bheirt in oifig preasa Shinn Féin, an feidhmeannach sinsearach Seán Mac Uidhir agus Caolán McGinley. Ní dhearna siad aon tagairt d’fhiosrú na bpóilíní ná don bhfionraíocht ó Shinn Féin.

Fuair an BHF amach i mí Iúil anuraidh go raibh McMonagle cúisithe. Briseadh as a phost é agus cheistigh an charthanacht bainisteoir na n-acmhainní daonna i Sinn Féin faoin bhfeidhmeannach a thug teistiméireacht dó. An bainisteoir sin a chuir McMonagle ar fionraí. Tá an duine sin imithe as an bpost anois, a deir Michelle O’Neill agus níor insíodh don gceannaireacht faoi cheist an BHF.

Mhaígh Sinn Féin nach raibh tada ar eolas acu faoi theistiméireachtaí nuair a cheistigh nuachtán iad an tseachtain ar ciontaíodh McMonagle. Bunaíodh fiosrú smachtaithe ach faoi dheireadh na seachtaine sin, ag Ard-Fheis Shinn Féin in Áth Luain bhí Seán Mac Uidhir in easnamh agus é féin agus McGinley éirithe as a bpostanna agus as ballraíocht sa pháirtí.

An tseachtain seo caite rinne Conor Murphy agus Michelle O’Neill iarrachtaí chun an scéal a chur ó dhoras ag rá go ndearna siad a ndualgas go cuí nuair a cuireadh McMonagle ar fionraí agus nuair a bhris siad é. Anuas air sin rinne siad beirt claontagairtí a thabharfadh le fios go raibh an BHF á cháineadh acu mar nach ndearna an charthanacht ‘dícheall cuí’ maidir le duine a fhostú.

Spreag sé sin ráiteas ón BHF chun a chur in iúl gur labhair siad leis an mbainisteoir acmhainní daonna anuraidh. Níor ghá teastas slándála a fháil mar nach mbeadh McMonagle ag déileáil le páistí ina aonar, dar leis an gcarthanacht, ach rinne siad a ndícheall nuair a bhí siad i dteagmháil leis an iarfhostóir Shinn Féin.

B’éigean do Shinn Féin a scéal a athrú i bhfianaise an ráitis ón BHF. D’eisigh siad ráiteas Dé Satharn a bhí mar bhunús leis na freagraí a thug Michelle O’Neill san Tionól Dé Luain nuair a rinneadh diancheistiú uirthi.

Dúirt sí go raibh sí féin agus Sinn Féin tiomanta do chosaint páistí. Ghabh sí leithscéal leis an BHF faoin dochar dá gcáil a ghortaigh an fhoireann. Ba léir nár shásaigh na freagraí gach éinne in Stormont. Rinneadh roinnt tagairtí do chásanna eile a bhain le mí-úsáid ghnéis nuair a cáineadh Sinn Féin faoi fhaillí i gcosaint na n-íobartach ach níor dhrann an Chéad-Aire leo. Ceapadh gur i dTeach Laighean a bheadh an chéad dreas eile den imirt ach ba chosúil nach bhféadfadh an Tionól a dhul i bhfad eile leis an scéal –mura dtagann a thuilleadh eolais nua chun solais.

Tá an BHF ag súil gurb é sin deireadh an scéil. Ní taise sin do Shinn Féin: tógfaidh athchóiriú ghnásanna rialachais tamall agus beidh na ceannairí ag súil le ciúnas fad a bheidh an obair sin ar siúl.

Chaithfeadh sé go bhfuil ceachtanna foghlamtha acu a d’fhéadfaí a chur i bhfeidhm go luath. B’aisteach nár scrúdaigh siad gach ar bhain le cás McMonagle ón lá a cúisíodh é. Thuigfeadh éinne go gcuirfí ceisteanna orthu dá gciontófaí é. Níor bhuntáiste ar bith dóibh é a bheith spárálach leis na fíricí ná a bheith ag iarraidh milleán a scaipeadh; seans go mbeadh an nimh bainte as an gconspóid ag an tús dá mbeidís oscailte, dá ndéarfaidís gur deineadh praiseach agus dá léireodh siad aithreachas.

Is iomaí dá sa mhéid sin.

Fág freagra ar 'Sinn Féin spárálach leis na fíricí…agus leis an aithreachas'