Sinn Féin is mó atá i mbaol i gCeatharlach-Cill Chainnigh

Sa tsraith speisialta seo, caitheann Donncha Ó hÉallaithe súil ar na dáilcheantair ar fad agus tugann a thuairim faoi cé hiad na hiarrthóirí a mbeidh an lá leo

Sinn Féin is mó atá i mbaol i gCeatharlach-Cill Chainnigh

Dáilcheantar: Ceatharlach-Cill Chainnigh

Líon na suíochán: 5

Cuóta mar % den vóta: 16.7%

Leagan amach an dáilcheantair: Contae Cheatharlach agus contae Chill Chainnigh le chéile, seachas póca in iarthuaisceart an chontae atá i ndáilcheantar Chill Mhantáin 

Teachtaí Dála ag seasamh: Bobby Aylward (FF), John Mc Guinness (FF), Pat Deering (FG), John Paul Phelan (FG) agus Kathleen Funchion (SF)

Staid na bpáirtithe in Olltoghchán 2016 agus i dtoghcháin áitiúla 2019

Páirtí Olltoghchán 2016 (%) Togh Áitiúla 2019 (%)
Fianna Fáil 40 37
Fine Gael 27 31
Lucht Oibre 6 9
Sinn Féin
Comh. Glas
Eile
12
4
10
7
2
14

Anailís: Tá an cúigear Teachtaí Dála a toghadh in 2019 ag seasamh arís anseo.  Is í Kathleen Funchion (SF) an duine is mó atá i mbaol suíochán a chailliúnt. Thóg sí an suíochán an uair dheireanach ón Lucht Oibre. Is ábhar dóchais don Lucht Oibre go bhfuair iarrthóirí ón bpáirtí 9% den vóta sna toghcháin áitiúla anuraidh. Más féidir leis an gComhairleoir Denis Hynes 9% a fháil sa toghchán seo, beidh sé san iomaíocht le haghaidh an tsuíocháin dheireanaigh. Toghadh é ar Chomhairle Chontae Chill Chainnigh anuraidh le 1,098 vóta agus é ag seasamh den chéad uair. Ar an taobh eile den scéal níor éirigh le hiarrthóirí ó Shinn Féin ach 7% den vóta a fháil sna toghcháin áitiúla.

Ba chóir go gcoinneodh Pat Deering (FG) ó Cheatharlach agus an tAire Stáit John Paul Phelan (FG) ó Chill Chainnigh an dá shuíochán d’Fhine Gael, ach an vóta a roinnt go réasúnta cothrom. Fuair an tríú hiarrthóir ag an bpáirtí, an Comhairleoir Patrick O’Neill ó Dheisceart Chill Chainnigh 1,399 vóta sna toghcháin áitiúla. Bheadh sé deacair dhó an suíochán atá ag Fine Gael i gCill Chainnigh a bhaint ón Aire Stáit John Paul Phelan (FG). 

Is as Cill Chainnigh do cheathrar de na Teachtaí a toghadh in 2016, agus Pat Deering (FG) an t-aon duine acu ó Cheatharlach in ainneoin go bhfuil thart ar 40% de na vótaí  i sa chontae sin. Ar an gcúis sin bheifeá ag súil go mbeadh dhá shuíochán as cúig cinn i gCeatharlach in áit ceann. 

Is as Ceatharlach don Seanadóir Jennifer Murnane O’Connor (FF). D’fhéadfadh sí suíochán breise a fháil do Cheatharlach agus má dheineann is cosúil gurb é Bobby Aylward (FF) a chaillfidh amach.

Fuair Malcolm Noonan (CG) 1,485 vóta i gCathair Chill Chainnigh sna toghcháin áitiúla. Bhí suíochán sa Dáilcheantar seo ag Comhaontas Glas cheana, ach chaill siad in 2011 é. Leis an ngaoth aríst i seolta na nGlasach d’fhéadfadh Comhaontas Gals an suíochán sin a fháil ar ais, cé nár éirigh leo ach 2% den vóta a fháil sna toghcháin áitiúla idir Ceatharlach agus Cill Chainnigh. Le seans a bheith aige bheadh ar Noonan an vóta a bhí aige san olltoghchán in 2016 a dhúbailt. Má chuirtear as an rása é beidh a chuid aistriúchán cinniúnach sa gcoimhlint idir Kathleen Funchion (SF) agus iarrthóir Pháirtí an Lucht Oibre, Denis Hynes (LO). Le Sinn Féin ag cur in éadan chánacha ar charbón, d’fhéadfadh go rachadh níos mó de vótaí aistrithe Noonan (CG) chuig iarrthóir an Lucht Oibre.

Ag seasamh do Renua atá Helena Byrne (RN) agus tá an Comhairleoir  de chuid na heite chlé Adrienne Wallace ag seasamh do Phobal Seachas Brabús. Toghadh Wallace ar Chomhairle Chontae Cheatharlach in 2019 le 448 vóta.  San iomaíocht chomh maith, tá Melissa O’ Neill ón Irish Freedom Party, atá ar son Éire imeacht ón Aontas Eorpach. Toghadh í ar Chomhairle Chontae Chill Chainnigh in 2014 mar iarrthóir de chuid Shinn Féin. Sheas sí sa bhfothoghchán i Loch Garman 2019 agus fuair sí 489 vóta.

TUAR:  McGuinness (FF), Murnane O’Connor (FF), Phelan (FG), Deering (FG) agus Funchion (SF)

Fág freagra ar 'Sinn Féin is mó atá i mbaol i gCeatharlach-Cill Chainnigh'