Sinn Féin ag súil le dul chun cinn faoi reachtaíocht Ghaeilge taobh istigh de sheachtain

Deir ceannaire Shinn Féin Mary Lou McDonald go raibh cruinniú ‘dian’ ag an bpáirtí le Boris Johnson inniu agus gur léir gurb é a pholasaí ná ‘an DUP a shásamh’

Sinn Féin ag súil le dul chun cinn faoi reachtaíocht Ghaeilge taobh istigh de sheachtain

Deir Mary Lou McDonald, ceannaire Shinn Féin, go bhfuil sí ag súil le “dul chun cinn” a fheiceáil taobh isteach de sheachtain i dtaobh na reachtaíochta don Ghaeilge atá geallta ag Rialtas na Breataine.

Bhí McDonald ag caint i ndiaidh an chruinnithe a bhí ag Sinn Féin le Príomh-Aire na Breataine Boris Johnson i mBéal Feirste tráthnóna.

Bhí roinnt céadta daoine i mbun agóide taobh amuigh de Chaisleán Hillsborough tráthnóna, lucht feachtais na Gaeilge ina measc.

Dúirt Mary Lou McDonald go raibh cruinniú “dian” ag Sinn Féin le Johnson.

Dúirt sí go ndúradh leis an bPríomh-Aire gurb é an rud is tábhachtaí ar fad ná go n-athbhunófaí Feidhmeannas Stormont agus go bhfillfí ar roinnt na cumhachta. Dúirt McDonald nach raibh “aon fhreagra díreach” le fáil ó Johnson faoi cheist an phrótacail agus na sáinne polaitiúla in Stormont.

Tá bac curtha ag an DUP ar fheidhmiú Thionól Stormont mar chuid dá n-agóid in aghaidh an Phrótacail a fhágann go bhfuil teorainn i muir Éireann.

Mhaígh ceannaire Shinn Féin gurb é polasaí Rialtas Boris Johnson ná “an DUP a shásamh”. Má bhí iompar an DUP i leith an Tionóil “náireach” ba “náirí” fós iompar Rialtas na Breataine a bhí ag tacú leo, a dúirt McDonald.

Dúirt Mary Lou McDonald go mba “iontach go deo” an scéal é go raibh Rialtas na Breataine ag cuimhneamh “ar reachtaíocht a thabhairt isteach ar mhaithe leis an dlí a bhriseadh”.

Bhí sí ag tagairt do na tuairiscí go bhfuil Rialtas na Breataine ar tí a fhógairt go dtabharfar reachtaíocht nua isteach a chuirfeadh ar ceal gnéithe den phrótacal a aontaíodh chun teorainn chrua in Éirinn a sheachaint.

Dúirt an Taoiseach Micheál Martin tráthnóna go raibh comhrá fóin “tairbheach” inniu aige le hUachtarán na Comhairle Eorpaí, Charles Michel. Dúirt Martin gur aontaigh siad beirt gur trí chainteanna a dhéanfaí dul chun cinn faoin bPrótacal agus nárbh aon chabhair aon ghníomh aontaobhach.

Lucht agóide lasmuigh de Chaisleán Chromghlinne inniu. @AmandaFBelfast

I ndiaidh chruinniú an DUP le Boris Johnson, dúirt ceannaire an pháirtí, Jeffrey Donaldson, go bhfanfadh sé go bhfeicfeadh sé moltaí Rialtas na Breataine faoin bprótacal sula ndéanfaí cinneadh faoi dhul i mbun rialtais le Sinn Féin.

Mhaígh sé gur áiféis a bhí ann a rá go raibh Príomh-Aire na Breataine “ag taobhú le taobh amháin nó leis an taobh eile”.

An cur chuige “seafóideach” a bhí ag Sinn Féin ná “ionsaí a dhéanamh ar aon duine nach n-aontaíonn leo,” arsa Donaldson.

Deir Boris Johnson nach bhfuil sé i gceist an prótacal a chaitheamh i dtraipisí agus gur mhaith leis dul i mbun idirbheartaíochta leis an AE chun é a leasú, ach tá reachtaíocht ullmhaithe ag Rialtas na Breataine a chuirfeadh gnéithe den phrótacal ar ceal.

Tá cuairt á tabhairt ag Príomh-Aire na Breataine ar Bhéal Feirste inniu, mar a raibh cruinniú aige leis na mórpháirtithe ceann ar cheann.

Gheall Rialtas na Breataine arís an tseachtain seo caite go dtabharfaí isteach reachtaíocht don Ghaeilge in Westminster.

Tá an reachtaíocht chultúir, féiniúlachta agus teanga ina hábhar conspóide ó thuaidh le roinnt blianta.

Gealladh acht don Ghaeilge ar dtús in 2006 agus bhí reachtaíocht chultúir, féiniúlachta agus teanga mar chuid den chomhaontú Ré Nua, Cur Chuige Nua a aontaíodh breis is dhá bhliain ó shin.

Gheall Rialtas na Breataine anuraidh go dtabharfaí an reachtaíocht isteach in Westminster mura ndéanfaí an beart in Stormont.

Nuair nár tharla sin gealladh i mí Eanáir go dtabharfaí isteach an reachtaíocht teanga roimh thoghchán na seachtaine seo caite sa Tuaisceart

Tugadh gealltanas eile in Óráid na Banríona an tseachtain seo caite go dtabharfaí an reachtaíocht isteach.

Tá roinnt beartas don Ghaeilge á ngeallúint, coimisinéir teanga agus stádas oifigiúil don teanga ina measc.

Deir Conradh na Gaeilge go raibh sé suntasach go ndéanfaí tagairt in Óráid na Banríona don reachtaíocht teanga, ach go raibh níos mó ná “caint” ag teastáil ó phobal na Gaeilge.

Gealladh chomh maith go dtabharfaí cumhachtaí do Státrúnaí Thuaisceart Éireann gníomhú lena chinntiú go gcuirfidh an Feidhmeannas in Stormont na gealltanais i reachtaíocht teanga i gcrích.

 

Fág freagra ar 'Sinn Féin ag súil le dul chun cinn faoi reachtaíocht Ghaeilge taobh istigh de sheachtain'