Sinn Féin ag moladh go mbeadh dualgas ann mórimeachtaí spóirt agus eile a chraoladh i nGaeilge

Tá dualgas ann imeachtaí atá áirithe mar imeachtaí atá tábhachtach don tsochaí a chraoladh saor in aisce ar mhaithe le leas an phobail agus tá Sinn Féin ag moladh go mbeadh na himeachtaí sin ar fáil i nGaeilge chomh maith

Sinn Féin ag moladh go mbeadh dualgas ann mórimeachtaí spóirt agus eile a chraoladh i nGaeilge

Tá Sinn Féin ag moladh go mbeadh dualgas ann aon ócáid a aithnítear mar ócáid ar gá í a chraoladh saor in aisce a chraoladh i nGaeilge chomh maith le Béarla.

Tá dualgas ann imeachtaí náisiúnta atá tábhachtach don tsochaí a chraoladh saor in aisce ar mhaithe le leas an phobail agus tá athbhreithniú á dhéanamh ar an liosta imeachtaí ainmnithe sin faoi láthair.

Tá cluichí ceannais sinsir na hÉireann, na Cluichí Oilimpeacha Samhraidh agus Corn Sacair an Domhain uile i measc na n-ócáidí atá ar liosta na n-imeachtaí ainmnithe i láthair na huaire.

D’fhógair an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin le gairid go raibh athbhreithniú le déanamh ar an liosta agus go raibh tús á chur aici le comhairliúchán poiblí maidir leis na himeachtaí spórt agus eile a ainmneofar mar imeachtaí atá fíorthábhachtach don tsochaí.

Tá molta ag Sinn Féin gur cheart go gcraolfaí i nGaeilge chomh miath na himeachtaí ainmnithe.

“Ba cheart an deis seo a thapú mórócáidí tábhachtacha, idir chluichí agus ócáidí eile, a chur ar fáil i nGaeilge chomh maith leis an mBéarla,” a dúirt urlabhraí Gaeilge agus Gaeltachta Shinn Féin, Aengus Ó Snodaigh le Tuairisc.ie.

Aengus Ó Snodaigh

Deir an Roinn gur cinneadh do na craoltóirí atá ann cén teanga ina gcraolfar na himeachtaí.

“Is é is aidhm leis an gcomhairliúchán seo ná athbhreithniú a dhéanamh ar an liosta imeachtaí atá ainmnithe lena saorchraoladh faoi láthair agus aon imeachtaí eile ar chóir iad a bhreithniú le haithint,” a dúirt urlabhraí ón Roinn.

“Is faoi na craoltóirí fós a bheidh craoladh imeachtaí, lena n-áirítear an teanga ina gcraolfar iad, mar go bhfuil siadsan neamhspleách maidir lena gcinntí eagarthóireachta i gcomhréir le halt 98 den Acht Craolacháin.”

Is iad RTÉ, TG4 agus Virgin Media atá aitheanta mar chraoltóirí cáilithe chun na himeachtaí ainmnithe a chraoladh. Faoi láthair, ní chraoltar aon cheann de na himeachtaí atá ar an liosta sin beo ar TG4.

De réir liosta na n-imeachtaí ainmnithe faoi láthair caithfear na himeachtaí seo a leanas a chraoladh beo saor in aisce:

  • Na Cluichí Oilimpeacha Samhraidh
  • Cluichí Ceannais Chraobhchomórtais Sinsir Idirchontae na hÉireann sa Pheil agus san Iománaíocht
  • Cluichí cáilithe na hÉireann ag baile agus as baile i gCraobhchomórtas Peile na hEorpa agus i gCorn Domhanda FIFA
  • Cluichí na hÉireann i gCraobhchomórtas Peile na hEorpa agus i gCorn Domhanda FIFA
  • Cluichí oscailte, Cluichí Leathcheannais agus Craobhchomórtais Peile na hEorpa agusCorn Domhanda FIFA
  • Cluichí na hÉireann i gCraobhchomórtas Chorn an Domhain sa Rugbaí
  • An Grand National agus Darbaí na hÉireann
  • Corn na Náisiún ag Seó Capall Bhaile Átha Cliath

Caithfear craoladh iarbheo a dhéanamh in aisce ar cluichí na hÉireann i gCraobhchomórtas Rugbaí na Sé Náisiún chomh maith.

Tá an Roinn anois ag tabhairt cuireadh don phobal moltaí a dhéanamh i dtaobh imeachtaí ba cheart a chur ar an liosta nó a bhaint de.

Is féidir freagraí a sheoladh chuig an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán tríd an suirbhé ar líne atá ar fáil anseo. Is é an dáta deireanach ar a nglacfar le tuairimí ná 14 Eanáir 2021.

Fág freagra ar 'Sinn Féin ag moladh go mbeadh dualgas ann mórimeachtaí spóirt agus eile a chraoladh i nGaeilge'

  • Mánus

    Mo náire thú Aengus Ó Snodaigh. Breathnaigh a leac do dhorais fhéin ar dtús.

    Brú cnaipe na Gaeilge ar shuíomh SF agus an t-aon rud a fheicfidh tú ná go athróidh na focail atá ag bun an leathnaigh
    “Contact, Privacy, Accounts, Accessibility, RSS Feed”
    go
    “Teagmháil, Príobháideachas, Cuntais, Inrochtaineacht, Fotha RSS”
    agus nuair bhrúfaidh tú cúpla focal sin na Gaeilge is i mBéarla ar fad atá gach rud!!!!
    https://www.sinnfein.ie/ga/

  • Pádraig MacAinmhire

    Aontaím leis an mholadh go láidir.

  • S. Mac Muirí

    Sílim a Mhánuis gur scríobh tú mórán mar a chéile faoi bhéalchráifeacht SF tamall gairid ó shoin 7 d’aontaigh mé leat an t-am soin. Níl idirlíon ar fónamh anseo ach chaith mé súil ar na suíomhanna éagsúla ar ball 7 is féidir a mhaíomh gur conláin (.i. páirtithe) iad dreamanna na 26 co. / (móide 6 co.: Glasaigh 7 SF) atá:

    1. Dílis do theanga na banríona (nach Beatrix í 😊) bunáite na gconlán ‘éireannach’. 1.2 Is féidir náire a chur ar FF go fóill nó bhí iarracht déanta acu; Daoine roimh Bhrabús: tá alt G. amháin acu.

    2. Bhí dhá eisceacht a shásaigh mé. Páirtí Cumannach na hÉireann agus
    An Páirtí Náisiúnta. Is fiú cuairt a thabhairt ar an dá shuíomh soin. Tá an 2 theanga geall le bheith cothrom acu.

    Is léir gur dream cloíte iad na hÉireannaigh a labhraíonn 7 a scríobhann gach ní – a n-ainmneacha féin fiú amháin – ar dhóigh nach ngoilleas ar a lucht cinsil. Saothróidh siad go dúthrachtach teanga daoine eile 7 rachaidh an chuid acu is mó i gcré dall ar a dteanga féin. Ní scéal trua go dtí iad.
    Tá an ceart agat a bheith ag líomhain na fimíneachta le SF.