Sinn báite i bhfarraige an bhróin i ‘Manchester by the Sea’

Ceann de thaispeántais na bliana tugtha ag Casey Affleck sa saothar brónach, greannmhar, daonna seo

Sinn báite i bhfarraige an bhróin i ‘Manchester by the Sea’

Manchester by the Sea
Stiúrthóir: Kenneth Lonergan
Cliar: Casey Affleck, Lucas Hedge, Michelle Williams, Kyle Chandler, Gretchen Mol

Ag an bpointe seo d’fhéadfaí a mhaíomh gurb é Casey Affleck an té is cumasaí de na deartháireacha Affleck, os comhair an cheamara ach go háirithe. Cé gur mó de réalt é Ben, is leis an bpeann agus cathaoir an stiúrthóra is mó a bhíonn sé os cionn a bhuille. Ó 2007 i leith tá sraith de thaispeántais chuidsúlacha tugtha ag Casey uaidh – The Killer Inside Me (2010), Gone Baby Gone (2007) agus The Assassination of Jesse James by the Coward Robert Ford (2007) – taispeántas a thuill ainmniúchán Oscar dó. Táthar ag tuar cheana féin gurb é atá ar thosach cadhnaíochta don duais Oscar.

I dtosach an scannáin seo chonaiceamar Lee Chandler (Affleck) ag maireachtaint ón lámh go dtí an béal mar fhear faire i dtionóntán i mBostún. Cuireadh leadrán na hoibre agus cantal na dtionóntaí abhaile orainn go paiteanta. Fear é a chuimil daoine in aghaidh an fhionnaidh agus bhí a bhainisteoir i ndeireadh na feide. Tar éis dó cúpla piúnt a dhiúgadh ina aonar i dteach tábhairne, tharraing sé achrann is troid seachas deis slataíochta a thapú. D’fhill sé ar a árasán suarach fé thalamh. Tuigimid gur deasghnáth é seo a dhein a bhfuil ina chroí istigh a cheilt. Ní uisce faoi thalamh go dtí é.

Bhí an t-uisce sin le fáil i mbaile Manchester cois farraige atá uair an chloig ó thuaidh. Bhí air filleadh ar an bhfód dúchais nuair a bhásaigh a dheartháir (Chandler) a raibh fadhb chroí dholeigheasta aige. Tháinig cor sa scéal nuair a cuireadh in iúl dó go raibh a nia, Patrick (Hedges) fágtha faoina chúram. Ba í an idirghníomhaíocht idir an dá éan corr seo a sholáthraigh na míreanna grinn a thug faoiseamh dúinn ón ngruaim; caint faoi choiscíní, sicín reoite agus corpán a chur i mbúit cairte mar go bhfuil sé chomh fuar sin.

A luaithe is a shroich Lee an fód dúchais thug an chogarnaíl agus na sracfhéachaintí i leataobh le fios gur bhain tubaiste de ná féadfaí labhairt faoi fiú. Nocht na hiardhearcthaí an cineál saoil a bhí aige roimhe sin agus tugadh éachtaintí ar thábhacht na farraige dó, cé nár deineadh an toise áirithe seo a chíoradh chun mo shástachta. Níor deineadh scéal mhadra na n-ocht gcos de léiriú na tubaiste ach í a chur inár láthair go lom, caolchúiseach gan aon chulaith ghaisce.

Ba í an chiontacht, crá croí agus brón príomhthéamaí an scannáin agus deineadh sinn a bhá iontu. Níor thug an scannán mórán faoisimh don charachtar ná don lucht féachana ach sinn a tharraingt trí umar na hainnise.

Barr buaice an bhróin ba ea an comhrá beagfhoclach, achrannach idir Lee agus a bhean (Williams). Radharc corraitheach ina raibh beirt nach raibh in ann cumarsáid a dhéanamh le chéile ag comhrá go liobarnach. 

Barr buaice d’Affleck féin an taispeántas seo. Bhí teanntás fé leith de dhíth le léiriú chomh ciúin agus cumhachtach leis seo a thabhairt. Bhí sé goilliúnach, daonna, inchreidte. Ceann de na taispeántais is fearr atá feicthe agam le tamall.

Ní raibh aon fhuascailt i ndán do Lee ag an deireadh ach b’fhéidir go raibh léas dóchais éigin le feiscint.

Fág freagra ar 'Sinn báite i bhfarraige an bhróin i ‘Manchester by the Sea’'