Síneadh curtha leis na srianta taistil thar lear go dtí an 20 Iúil

Baineann 17% de na cásanna nua de Covid-19 leis an taisteal thar lear, méadú ó 13% an tseachtain seo caite

Síneadh curtha leis na srianta taistil thar lear go dtí an 20 Iúil

Tá ráite ag an Taoiseach Micheál Martin go bhfuil síneadh á chur leis na srianta taistil thar lear de bharr an víris go dtí an 20 Iúil.

Tugadh le fios chomh maith go mbaineann 17% de na cásanna nua de Covid-19 leis an taisteal, méadú ó 13% an tseachtain seo caite.

Dúirt sé go raibh “cur chuige cúramach” á ghlacadh ag an rialtas i dtaobh an taistil thar lear mar gheall ar “a luainí”is atá scaipeadh an ghalair go hidirnáisiúnta.

Fágann cinneadh an rialtais inniu gurb í an chomhairle sláinte phoiblí a bheidh ann go dtí an 20 Iúil ná gan dul thar sáile mura mbíonn an turas riachtanach. 

Cuirfear ar fáil an uair sin an liosta glas de thíortha a síltear go bhfuil sé sábháilte ag daoine turas a thabhairt orthu gan dul ar coraintín a luaithe is a thagann siad ar ais.

Dúirt an Taoiseach gurb é an rud is tábhachtaí ná an víreas a choimeád faoi chois agus go gcaithfí sin a dhéanamh chun go bhféadfaí na scoileanna a oscailt sa bhfómhar agus chun go bhféadfadh na hospidéil a gcuid oibre nach mbaineann le Covid-19 a dhéanamh mar ba chóir.

Dúirt Príomhoifigeach Cliniciúil Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, an Dr Colm Henry, níos túisce inniu go dtacaíonn sé féin leis an moladh go mbeadh coraintín éigeantach le cur díobh ag daoine a thagann isteach go hÉirinn as tíortha ardriosca ó thaobh Covid-19 de, mar nach rómhaith a d’éirigh le rianú agus le faire daoine.

Níos túisce inniu dúirt an Taoiseach Micheál Martin go bhféadfadh go mbeadh ar an Rialtas athoscailt iomlán na dtithe tábhairne ar an 20 Iúil a chur ar athló de bharr daoine a théann ag teach tábhairne agus a sháraíonn rialacha an scoite shóisialta.

Dúirt Martin go raibh an-imní ar an Rialtas faoin méid a bhí le feiceáil in áiteanna mar Shráid an Dáma agus Barra an Teampaill i mBaile Átha Cliath ag an deireadh seachtaine.

Bhí na sluaite cruinnithe ar na sráideanna sin agus in áiteanna eile gan aon aird acu ar na treoirlínte sláinte maidir leis an scoitheadh sóisialta.

“Mar is eol daoibh bhí na tithe ósta ar fad le hoscailt arís ar an 20 Iúil. D’fhéadfaí an oscailt sin a chur ar athló murar féidir le daoine iad féin a iompar mar is cuí. Gheobhaimid comhairle ó na hoifigigh sláinte phoiblí ach is údar imní dúinn an scéal,” a dúirt an Taoiseach.

Dúirt sé go ndearna na Gardaí thart ar 5,500 cuairt chigireachta ar bhialanna agus tithe ósta ag an deireadh seachtaine mar chuid dá bhfeachtas Operation Navigation.

Nuair a fiafraíodh den Taoiseach an raibh sé in am ag daoine ‘ciall a bheith acu” ar eagla go gcuirfí an chéad chéim eile i scaoileadh na srianta i mbaol, dúirt an Taoiseach:

“Sin léamh maith ar an scéal, ní féidir linn dul i gcontúirt.”

Idir an dá linn, bhí níos mó ná 130,000 duine básaithe i Stáit Aontaithe Mheiriceá faoin Luan agus brúisc mhór den Covid-19 sa tír.

Tá an víreas tolgtha ag beagnach trí mhilliún duine sa tír sin anois, an líon  is measa in aon tír sa domhan, agus a dhá oiread cás agus atá deimhnithe sa dara tír is measa, an Bhrasaíl.

Fág freagra ar 'Síneadh curtha leis na srianta taistil thar lear go dtí an 20 Iúil'