Síneadh cúig bliana ar mhaolú stádas na Gaeilge san AE á lorg ag an Rialtas

Déanfar 'scóip an mhaolaithe a chúngú' idir 2017 agus 2021 má éiríonn leis an Rialtas teacht ar chomhaontú le Comhairle an Aontais Eorpaigh

28/2/2012 European Union Flags

Tá an Rialtas ag iarraidh síneadh cúig bliana eile a chur leis an maolú ar stádas na Gaeilge san Aontas Eorpach.

Tá sé deimhnithe ag Aire Stáit na Gaeltachta Joe McHugh i gcomhfhreagras le Tuairisc.ie inniu go mairfidh an maolú go dtí an 31 Nollaig 2021 ach comhaontú a fháil ó Chomhairle an Aontais Eorpaigh.

Tá cinneadh d’aon ghuth ó Chomhairle an Aontais Eorpaigh ag teastáil maidir le síneadh a chur leis an maolú, sin nó deireadh a chur leis, ó 2017 ar aghaidh.

Ceadaíonn an maolú don Aontas Eorpach gan na seirbhísí céanna a chur ar fáil i nGaeilge is a chuirtear ar fáil i dteangacha oifigiúla eile an Aontais. Tugadh isteach nach mór deich mbliana ó shin é mar gur measadh nach raibh dóthain daoine cáilithe chun na seirbhísí breise éagsúla a chur ar fáil i nGaeilge.

Dúirt an tAire Stáit go raibh sé “an-tábhachtach don Rialtas go mbeidh an Ghaeilge ina teanga oibre iomlán in institiúidí an AE” agus go bhfuil siad “tiomanta do dheireadh a chur leis an maolú”.

Ina ainneoin sin, bhí síneadh ama á lorg ag an Rialtas toisc imní a bheith orthu faoi cheisteanna earcaíochta agus acmhainní a fhad is a bhaineann siad le haistriúchán agus dlítheangeolaíocht.

Thug Aire na Gaeltachta le fios chomh maith go raibh faoin Rialtas comhaontú a lorg maidir le seirbhísí breise Gaeilge a bheith ar fáil ón Aontas Eorpach le linn thréimhse an mhaolaithe shínte.

Dhéanfadh an cur chuige seo “scóip an mhaolaithe a chúngú” le linn na tréimhse sin.

Dúirt McHugh go raibh beart “suntasach” á fhógairt ag an Rialtas chun a chinntiú go mbeidh dóthain céimithe cáilithe le Gaeilge ar fáil chun riachtanais earcaíochta an Aontais a shásamh.

Bhí socruithe nua á ndéanamh, a dúirt sé, maidir le cúrsaí ardscileanna Gaeilge.

“Is é is aidhm leis na socruithe nua seo ná an ráta rathúlachta i gcomórtais earcaíochta an AE a fheabhsú, chomh maith le céimithe a ullmhú d’fhostaíocht in institiúidí an AE,” a dúirt McHugh i gcomhfhreagras le Tuairisc.ie.

D’fhógair an tAire chomh maith go mbunófar Ionad Barr Feabhais do Ghairmeacha san Aontas Eorpach ina mbeidh fáil ar eolas faoi riachtanais earcaíochta an Aontais Eorpaigh.  D’fheidhmeodh an tIonad chomh maith mar “phointe teagmhála d’institiúidí an Aontais Eorpaigh ar mian leo daoine a fhostú ar chonarthaí sealadacha”.

Fág freagra ar 'Síneadh cúig bliana ar mhaolú stádas na Gaeilge san AE á lorg ag an Rialtas'

  • Seán Mag Leannáin

    Tá an cheist seo fíor-thábhachtach agus lárnach do thodhchaí na teanga. Gan réimse úsáide níos leithne a chruthú don Ghaeilge sa saol poiblí leanfaidh a cúlú ar aghaidh gan stad. Tabharfaidh an t-aitheantas oifigiúil mar theanga riaracháin ar chomhchéim leis na teangacha eile sa chomhphobal stádas nua agus réimse inúsáidte thar a bheith tábhachtach di. Lena chois sin b’fhéidir go gcuirfidh sé iachall ar an rialtas anseo rud éicint a dhéanamh, nó ar a laghad náire a chur orthu, faoin a laghad aitheantais atá ann d’úsáid na Gaeilge sa chóras riaracháin ag baile. Is cinnte go bhfuil a chion déanta ag Pádraig B. Ó Laighin faoin gceist murab ionann agus go leor de mhaithe agus mhóruaisle eile na Gaeilge sna hollscoileanna agus áiteanna eile. Táimid uilig faoi chomaoin aige.

  • Fearn

    Pleoid air mar Rialtas

  • Dáithí Mac Cárthaigh

    Dea-scéala go mbeidh an maolú ag meath i gcaitheamh na gcúig bliana agus daoine á n-earcú ag Institiúidí an AE i rith an ama.
    Ba cheart do phobal na Gaeilge – go háírithe sinne a dheineann na cúrsaí léinn cuí a sholáthar – féachaint ar an tréimhse 5 bliana mar thréimhse uasta agus iarracht a dhéanamh í a shárú faoi mar a dhein na Máltaigh.