‘Síneadh ama’ luaite ag May mar mhalairt ar an gcúlstop

Tá ráite cheana ag an Tánaiste Simon Coveney nach mbeadh glacadh ar bith ag an Aontas Eorpach ná ag Éirinn le síneadh ama ar an idirthréimhse Breatimeachta mar mhalairt ar an gcúlstop

‘Síneadh ama’ luaite ag May mar mhalairt ar an gcúlstop

Mhaígh Príomh-Aire na Breataine Theresa May i bparlaimint Westminster tráthnóna gurb í ceist na teorann “an t-aon dris chosáin dáiríre” atá fágtha sna cainteanna Breatimeachta, ach dúirt sí gur “dris chosáin shuntasach” í sin.

Dúirt May nár theastaigh an ‘cúlstop’ maidir le ceist na hÉireann atá molta ag an AE uaithi agus nár theastaigh uaithi ach oiread go gcuirfí síneadh ama leis an idirthréimhse iarBhreatimeachta.

Thug sí le fios áfach go bhféachfaí dá mba ghá ar shíneadh ama gairid a chur leis an idirthréimhse iarBhreatimeachta mar mhalairt ar an gcúlstop atá ag teastáil ón Aontas Eorpach mar chuid d’aon mhargadh imeachta.

Níorbh é sin a rogha, a dúirt May, agus ní raibh ann ach “polasaí árachais” sa chás nach dtiocfaí ar chomhréiteach.

Tagann ráiteas May sna sála ar ráiteas a rinne an Tánaiste agus Aire Gnóthaí Eachtracha Simon Coveney inné inar dúirt sé nach raibh aon rogha eile ann seachas an cúlstop chun teorainn chrua in Éirinn a sheachaint i ndiaidh an Bhreatimeachta.

Dúirt Dominic Raab, aire Breatimeachta na Ríochta Aontaithe, ag an deireadh seachtaine go bhféadfaí fáil réidh leis an gcúlstop agus socrú a dhéanamh ina áit maidir le síneadh ama a chur leis an idirthréimhse iarBhreatimeachta.

Dúirt Coveney, áfach, nach mbeadh glacadh ar bith ag an Aontas Eorpach lena leithéid.

“Ní bheidh aon mhargadh imeachta gan an cúlstop, agus sin deireadh an scéil,” a dúirt Coveney.

Bhí an méid sin aontaithe cheana, a dúirt sé, agus ní bheadh aon ghlacadh ag Éirinn ná ag an Aontas Eorpach le tarraingt siar an chúlstop anois.

Dúirt May chomh maith go bhfuil nach mór 95% den socrú i dtaobh imeacht na Breataine ón Aontas Eorpach déanta.

Thug May óráid uaithi tráthnóna in iarracht maolú a dhéanamh ar an aighneas laistigh dá páirtí faoin easpa dul chun cinn sna cainteanna Breatimeachta.

Tá go leor cainte in Westminster go bhfuiltear ar tí dúshlán May mar cheannaire a thabhairt.

Mhaígh May tráthnóna go bhfuil formhór mór na sonraí maidir leis an margadh Breatimeachta “soiléir” faoin tráth seo.

Chuir sí a cosa i dtaca athuair, áfach, maidir le ceist an chúlstop agus na teorann.

“Faoi mar a leag mé amach an tseachtain seo caite, ní fhéadfaimis glacadh leis an gcéad mholadh ón Aontas Eorpach maidir leis an gcúlstop mar go bhfágfadh sé go mbeadh teorainn chustaim síos Muir Éireann agus go ndéanfadh sé dochar do shláine na Ríochta Aontaithe.

“Ní chreidim go bhféadfadh príomh-aire ar bith de chuid na Ríochta Aontaithe glacadh sin. Agus is cinnte nach glacfaidh mise leis.”

Dúirt Rúnaí Stáit an Tuaiscirt Karen Bradley inniu nach rachadh Rialtas na Breataine siar ar an ngeallúint maidir leis an gcúlstop a tugadh ag deireadh na bliana seo caite.

Mhaígh Theresa May inniu go raibh go leor eile aontaithe sna cainteanna Breatimeachta, ag áireamh stádas Ghiobráltar, socrú maidir le bunáit mhíleata na Ríochta Aontaithe sa Chipir agus socrú maidir le córas chun réiteach a fháil ar aon aighnis leis an Aontas Eorpach amach anseo.

Dúirt May chomh maith go raibh socrú déanta cheana maidir le cearta saoránaigh de chuid an Aontais Eorpaigh atá ag cur fúthu sa Ríocht Aontaithe agus saoránaigh de chuid na Ríochta Aontaithe atá ag maireachtáil thar lear.

“Tá an méid go léir atá aontaithe le trí seachtaine anuas sa bhreis ar an méid a bhí aontaithe againn roimhe sin.

“San áireamh anseo, tá socruithe maidir le cearta saoránach, an t-aontú airgeadais agus an tréimhse cur i bhfeidhm,” arsa May.

Dá dtabharfaí dúshlán May mar cheannaire, theastódh tacaíocht ar a laghad 158 den 315 feisire parlaiminte atá ag na Tóraithe uaithi chun go dtiocfadh sí slán.

Beidh cruinniú oíche Dé Céadaoin ag an gCoiste 1922, grúpa parlaiminte na dTóraithe. Má táthar chun dúshlán May a thabhairt, chaithfeadh 48 ball den choiste sin scríobh chuig cathaoirleach an choiste, Graham Brady ag éileamh go gcuirfí rún mímhuiníne sa Phríomh-Aire faoi bhráid na parlaiminte.

Tá brú mór á chur ar Theresa May in Westminster maidir le ceist na teorann, go háirithe mar go bhfuil sí ag brath ar thacaíocht an DUP atá glan i gcoinne aon socrú iarBhreatimeachta a d’fhágfadh nach bhfanfadh ach an Tuaisceart amháin san aontas custaim.

Is ionann an margadh imeachta agus an conradh a shíneodh an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe i Márta na bliana seo chugainn.

Tá aontaithe cheana féin go mbeidh idirthréimhse ann ina dhiaidh sin go dtí mí na Nollag 2020 chun go leanfaí leis na cainteanna iarBhreatimeachta maidir le cúrsaí trádála agus eile.

Le linn na tréimhse sin, chaithfeadh an Bhreatain cloí le rialacha an Aontais Eorpaigh ach ní bheadh aon chumhacht acu maidir leis na rialacha sin. Mura dtiocfar ar aon mhargadh imeachta, ní bheidh aon idirthréimhse ann agus thiocfadh deireadh láithreach mí an Mhárta leis na socruithe trádála agus custaim idir an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe.

Mí na Nollag seo caite, d’aontaigh an tAontas Eorpach agus Rialtas na Breataine go mbeadh ‘cúlstop’ mar chuid d’aon mhargadh Breatimeachta a dhéanfaí, is é sin go mbeadh barántas sa mhargadh nach mbeadh aon teorainn chrua in Éirinn sa chás nach dtiocfaí ar aon chomhréiteach eile a sheachnódh a leithéid.

Tá Rialtas na Breataine ag iarraidh go gcuirfí socrú nua in áit an chúlstop a d’fhágfadh go mbeadh an Ríocht Aontaithe go léir mar chuid d’aontas custaim leis an Aontas Eorpach ar feadh tréimhse áirithe i ndiaidh an Bhreatimeachta.

Tá na ballstáit eile suite de gurb é Tuaisceart Éireann amháin a bheadh san aontas custaim le linn na gcainteanna iarBhreatimeachta agus tá socrú idirghabhálach uathu a chinnteodh nach mbeadh aon teorainn chrua in Éirinn.

Fág freagra ar '‘Síneadh ama’ luaite ag May mar mhalairt ar an gcúlstop'