Síneadh ama go dtí an 5 Bealtaine curtha leis na srianta

Fógraíodh chomh maith tráthnóna go bhfuil scrúduithe na hArdteiste á gcur siar go dtí deireadh mhí Iúil nó mí Lúnasa agus go bhfuil scrúduithe an Teastais Shóisearaigh curtha ar ceal

Síneadh ama go dtí an 5 Bealtaine curtha leis na srianta

Tá síneadh ama fógartha ag an Taoiseach Leo Varadkar ar na srianta atá i bhfeidhm ar shaol sóisialta agus eacnamaíochta na tíre.

Is go dtí Dé Máirt an 5 Bealtaine a mhairfidh na srianta.

Fógraíodh an síneadh ama i ndiaidh d’oifigigh shinsearacha na sláinte poiblí cruinniú a bheith acu inniu chun na chéad chéimeanna eile san fheachtas i gcoinne scaipeadh an choróinvíris a phlé.

Dúirt an Taoiseach go raibh an cinneadh na srianta a chur i bhfeidhm ar feadh trí seachtaine eile bunaithe ar chomhairle na Foirne Náisiúnta um Éigeandáil sa tSláinte Phoiblí.

Dúirt sé gurb é “mian a chroí” go gcuirfí deireadh leis na srianta de réir a chéile tar éis an 5 Bealtaine, ach ní fhéadfadh sé geallúint a thabhairt faoi sin. Bheadh maolú na srianta ag brath ar na hiarrachtaí a dhéanfaí sna seachtainí romhainn, ar sé.

Agus focail Sheamus Heaney á dtarraingt chuige aige, dúirt sé, “má chuireann muid an geimhreadh seo dínn, beidh cead a gcinn againn teacht an tsamhraidh”.

Ag baint macalla eile as Heaney, dúirt an Taoiseach:
“Sna laethanta seo amach romhainn, caithfimid leanúint orainn ag iompú ar ár sála agus ag fanacht amach óna chéile. Dá mhéid a fhanann muid óna chéile is fearr a bheidh muid lena chéile. Fanaigí láidir, fanaigí slán agus fanaigí sa mbaile.”

Fógraíodh chomh maith tráthnóna go bhfuil scrúduithe na hArdteiste á gcur siar go dtí deireadh mhí Iúil nó mí Lúnasa agus go bhfuil scrúduithe an Teastais Shóisearaigh curtha ar ceal.

In áit scrúduithe an Teastais Shóisearaigh, déanfaidh daltaí scrúduithe sa rang sa bhfómhar.

Mhol an tAire Oideachais Joe McHugh do scoláirí sos a ghlacadh i rith na Cásca, “a n-anáil a tharraingt agus scíth a ligean” agus sos eile a ghlacadh i mí an Mheithimh. Foilseofar an clár ama nua do na scrúduithe i mí an Mheithimh agus socrófar dátaí eile do na scrúduithe praiticiúla.

Dúirt an tAire Sláinte Simon Harris go mb’fhéidir go raibh daoine tinn tuirseach dó á rá ach nach stopfadh sé ag rá le muintir na hÉireann gur féidir “le dochtúirí beatha na gcéadta  duine a shábháil  le linn na paindéime seo ach gur féidir linne, an pobal,  beatha “na mílte a shábháil”.
I dtús na ráige seo, bhíodh duine a tholg an galar i dteagmháil le 20 duine eile. Faoi láthair tá líon na dteagmhálaithe íslithe go dtí beirt, a dúirt Harris.
Dúradh arís tráthnóna gurb í an sprioc a chaithfí a bhaint amach chun go bhféadfaí na srianta a mhaolú ná  an líon daoine eile a ndéanann othar le Covid-19 ionfhabhtú orthu a bheith faoi bhun 1. Tá sé gar go maith do 1 faoi láthair.

Ar an 16 Márta tholgadh 4.3 duine eile an galar ó othar amháin ar an meán agus faoi dheireadh na míosa seo caite ní raibh i gceist ach 2.5 duine eile d’othar amháin.

Is ar éigean go bhféadfadh an galar maireachtáil sa phobal dá dtitfeadh an líon daoine eile a ndéanann othar le Covid-19 ionfhabhtú orthu faoi bhun 1, ach fad is go bhfanann sé fiú oiread na fríde os cionn 1 leanfaidh líon na gcásanna nua ag fás “go mall ach go seasta”.

Cillian de Gascún. Pictiúr: RollingNews.ie

Mar atá á dhéanamh ag an Rialtas le roinnt laethanta anuas, d’iarr Liz Canavan i Roinn an Taoisigh arís eile inniu ar an bpobal fanacht sa mbaile séasúr seo na Cásca agus gan “turais nach raibh riachtanach” a thabhairt ar thithe saoire.

Chuir an Dr Cillian De Gascún, cathaoirleach choiste comhairleach shaineolaithe an choróinvíris, fainic ar an bpobal nach bhfuil aon údar againn a bheith réchúiseach agus ár maidí a ligean le sruth chomh fada agus a bhaineann sé leis an gcontúirt a bhaineann le galar an Covid-19. Dúirt  De Gascún “má thugtar an deis sin dó, gabhfaidh an víreas seo ó smacht go forleathan”.

“Ní bheidh an gnáthshaol againn arís go luath. Tá bóthar fada romhainn fós,” a dúirt sé agus é ag caint ar chlár RTÉ Morning Ireland.

Dúirt sé go raibh súil aige go dtiocfadh feabhas an-mhór ar chúrsaí tástála sa gcúig go seacht lá seo ag teacht mar go mbeadh saotharlanna ábalta níos mó a thástáil.

Meastar go gcuirfear go mór le líon na dtástálacha agus na gcuardach teagmhálaithe de réir mar a bheidh na srianta á gcur ar ceal de réir a chéile.

Dúirt an Dr Cillian De Gascún nár mhór a bheith ábalta an tástáil agus an cuardach nó rianú teagmhálaithe a dhéanamh laistigh de 24-48 uair an chloig más linn an galar a cheansú.

An tOllamh Sam McConkey

Dúirt an saineolaí ar ghalair thógálacha, an tOllamh Sam McConkey, go raibh dhá rogha ag an Rialtas maidir leis an ngalar seo a smachtú.

Dar leis-sean, féadfaidh an Rialtas coinneáil leis an iarracht an cuar a chothromú as seo go ceann sé nó naoi mí nó an   rogha  ‘dian’ a dhéanamh – is é sin iarracht a dhéanamh an víreas a ghlanadh amach ar fad in “achar gearr” le “dianbhearta”.

Rogha na déine atá á chur i bhfeidhm sa Chóiré Theas agus sa Nua-Shéalainn agus dar leis go n-oibreoidís sin in Éirinn ó tharla gur oileán muid.

“Ní bheadh sé éasca agus níor mhór srianta a chur ar thaisteal agus coraintín a chur ar aon duine a thiocfadh isteach sa tír,”arsa an tOllamh Sam McConkey le Newstalk.

Rud eile de, chun go n-oibreodh an “rogha ghéar ghasta”, chaithfí é a chur i bhfeidhm ar bhonn 32 contae, a dúirt sé.

“Is dóigh liom gur cinneadh é a chaithfí a dhéanamh ar bhonn náisiúnta, chaithfimis na sé chontae a thabhairt linn ar an aistear sin.  Chaithfeadh sé a bheith i bhfeidhm ar an oileán ar fad. Ba cheart é a phlé sa tír ar fad agus gach páirtí sa tuaisceart a bheith istigh ar an bplé,” a dúirt Sam McConkey.

Dúirt sé go raibh an baol ann dá roghnófaí an  “rogha ghéar ghasta” go bhféadfadh go mbeadh gá le hathruithe sa dlí agus gur ghá aipeanna GPS a úsáid chun súil a choinneáil ar an áit a raibh  daoine.

Tá an Nua-Shéalainn ar cheann den bheagán tíortha a bhfuil sé de straitéis acu an galar seo a ghlanadh ar fad as an tír.

Tá an chuma air go bhfuil an straitéis sin ag oibriú agus is daoine a bhí ag taisteal agus atá ag filleadh abhaile anois iad formhór na gcásanna nua agus tá said siadsan ar coraintín ag an teorainn. Tá leithlisiú á dhéanamh ar gach cás sa bpobal agus cuardach gasta á dhéanamh ar na teagmhálaithe ar fad.

Tá an Nua-Shéalainn ar fad fós faoi dhianghlasáil d’fhonn an galar a ghlanadh ar fad as an tír.

Na tíortha is fearr a n-oibreodh an straitéis sin ann ná na tíortha sin atá in ann a gcuid teorainneacha a rialú go docht agus atá in acmhainn tástálacha agus cuardach teagmhálaithe a dhéanamh go forleathan.

Dúirt an Dr Catherine Motherway, uachtarán Chumann Dianchúraim na hÉireann go raibh ag éirí leis na haonaid dianchúraim dul i ngleic leis an ngéarchéim seo mar go raibh áiméar acu pleananna a dhéanamh roimh ré agus cúrsaí a atheagrú laistigh de na hospidéil.

“Beidh muidne in ann déileáil leis an bpráinn chomh fada agus go gcuideoidh an pobal linn an bhrúisc a chosc.”

Dúirt sí gur mhór an cuidiú comhoibriú an phobail agus iad ag cloí leis na srianta a bhí i bhfeidhm.

“Ta an-difríocht déanta ag an gcomhoibriú sin. Ní fhaca muidne na huafáis a bhí acu san Iodáil, i Maidrid agus i Londain. Ba chóir dúinn a bheith an-bhródúil asainn féin agus leanacht orainn ag fanacht sa mbaile. Tá an phráinn faoinár smacht. Tá a fhios ag gach duine sa tír conas an tubaiste seo a sheachaint.”

 

 

Fág freagra ar 'Síneadh ama go dtí an 5 Bealtaine curtha leis na srianta'