‘Sin í Stoirm Emma! An mbreathnaíonn tú ar news ar bith, a Mhamaí?’

‘Tá an dá stoirm tagtha le chéile agus ba da bing, ba da boom - sneachta!’ – saineolaithe sneachta agus aimsire gach duine sa teach na laethanta seo

‘Sin í Stoirm Emma! An mbreathnaíonn tú ar news ar bith, a Mhamaí?’

‘Tá an sneachta tagtha, Mamaí,’ a bhéic an Cailín Mór Beag aníos ón gcistineach. Bhí trí lá caite againn ag faire ar an spéir, ach dheamhan calóg a bhí feicthe againn, go dtí sin. Cheap mé cinnte nach raibh an sneachta le theacht chomh fada le Gaillimh.

Ach anois.

Bhreathnaigh mé amach an fhuinneog ar orduithe ón gCailín Mór Beag is chonaic mé go raibh an sneachta tagtha sa deireadh. Sheas muid go ciúin ag an bhfuinneog ag breathnú ar an mbrat geal calógaí ag rince san aer.

‘Sin í Emma anois, a Mhamaí,’ a dúirt sí théis píosa.

‘Cé?’ a dúirt mé.

‘Emma! Nár chuala tú  aon chaint ar Emma, Mamaí?’ a dúirt sí ansin agus ba léir go raibh sí den tuairim nár mhór dom oideachas a chur orm féin.

‘Tá Emma i mo rangsa,’ arsa an Babaí go cabhrach.

‘Ní hin í an Emma chéanna!’ a dúirt sí agus í lagtha ag gáire.

‘Stoirm atá inti,’ a mhínigh sí dúinn agus údarás ina glór.

Bhreathnaigh sí orm ansin agus imní le feiceáil ar a héadan. ‘An mbreathnaíonn tú ar news ar bith, a Mhamaí?’ a d’fhiafraigh sí díom.

Lig Beainín na Naíonáin Bheaga osna mhór aisti. Thuigfeá uaithi gur mór an t-ualach uirthi an slua aineolaithe a bhí in aontíos léi agus é de dhualgas uirthi soilsiú intinne a thabhairt dóibh, nó ‘dúinn’ is dóigh ba cheart dom a rá.

‘Ní hin í Emma,’ a mhínigh sí agus a foighid caillte aici leis an bplé. ‘Nach hin é an Beast from the East!’ ar sí agus í ag dáileadh a saineolas meitéareolaíochta orainn.

‘Hea?’ arsa an Cailín Mór Beag, ‘cén beast?’

Ní raibh an Babaí ag tabhairt aon aird ar an gcaint. ‘Caithfidh mé gléasadh go beo!’ a dúirt sé agus d’imigh sé suas an staighre de ropadh.

Tháinig sé anuas théis, b’fhéidir, cúig nóiméad, agus é gléasta amach. Bhí stocaí, treabhsar, t-léine agus geansaí air, a éadan nite agus a chuid fiacla glan. Is beag nár thit mé as mo sheasamh le teann iontais.

Ní raibh a fhios agam go dtí an nóiméad sin go raibh sé breá ábalta é fhéin a ghléasadh ar maidin agus gurb amhlaidh nach raibh an fonn sin air aon lá roimhe sin.

‘Seo’d é an lá is fearr de mo shaol!’ a d’fhógair sé agus é ag streachailt ag iarraidh a chuid wellingtons a chur air.

Bhí anonn is anall fós idir an Cailín Mór Beag agus Beainín na Naíonáin Bheaga is iad ag díospóireacht faoin gcionsiocair a bhí leis an sneachta. An í Emma ba chúis leis nó an Beast from the East?

‘Tá mé a cheapadh go bhfuil an ceart ag an mbeirt agaibh,’ a dúirt mé agus dhírigh mé suas mé fhéin agus gaisce agam as mo shaineolas féin ar chúrsaí aimsire.

‘Séard atá ann,’ a dúirt mé agus mé ag iarraidh cuma an údaráis a chur orm féin, ‘ná dhá stoirm. Tá Emma thíos ó dheas agus tá an Beast from the East ag teacht ó…’

‘Tá’s ainn, tá’s ainn Mamaí, stop stop stop!’ a d’ordaigh Beainín na Naíonáin Bheaga dom, sula raibh deis agam m’óráid mheitéareolaíochta a chur i láthair i gceart.

‘Tá stoirm amháin ó dheas, stoirm eile thuas sa Rúis agus tá siad tagtha le chéile agus ba da bing, ba da boom – sneachta!’

Fág freagra ar '‘Sin í Stoirm Emma! An mbreathnaíonn tú ar news ar bith, a Mhamaí?’'