Sín chugam an buidéal labhandair, tá an scoil sa mbaile á dúnadh arís!

Bhí fuadar faoi na páistí agus iad ag aistriú ón scoil sa mbaile go dtí an fhíorscoil

Sín chugam an buidéal labhandair, tá an scoil sa mbaile á dúnadh arís!

Tá áthas orm a fhógairt go mbeidh na doirse ag dúnadh arís ar an scoil sa mbaile a d’oscail i lár mhí Eanáir.

Níor shocraigh mé fós cén ceiliúradh a bheidh agam don bhronnadh céime, ach tá mé leath ag cuimhneamh an mhaidin a chaitheamh i mo shuí sa dorchadas ag bolú de bhuidéal labhandair.

Níl mé ag iarraidh a bheith ag caitheamh anuas ar an scoil sa mbaile, ach chaithfinn a admháil gur sórt raingléis d’eagraíocht a bhí inti agus í caite le chéile faoi dheifir.

Ná níl mé a’ rá nach ndearna muid ár ndícheall ach más léiriú ar bith é an phocléimneach a rinne an Cailín Mór Beag ag geataí na fíorscoile, tá áthas uirthi a bheith ag dul ar ais ann.

‘Caithfidh mé an weetabix a ithe chuile mhaidin,’ a dúirt an Babaí liom maidin amháin agus iad cúpla lá ar ais ag an scoil.

‘Nach bhfuil mé á rá sin leat le fada?’ a dúirt mé agus fios agam nach mórán airde a fhaigheann mo chuid moltaí ar chúrsaí beatha sa teach seo.

‘Ní cheapaim é, Mamaí,’ a deir sé liom go lom díreach.

‘Nach bhfuil mé a’ rá leat do bhricfeasta a ithe chuile lá sula dtéann tú ag an scoil?’ a d’fhreagair mé agus mé ag éirí coipthe.

‘Bhuel ní bhíonn tú a’ rá tada faoi weetabix, agus bíonn tú in ann rith an-sciobtha má íosann tú do weetabix!’, a dúirt sé, ‘agus beidh rása agam in aghaidh Phádraic inniu sa gclós agus caithfidh mé é a bhuachtáil.’

‘Ok, ok,’ a deir mé.

‘Tabhair dom trí cinn,’ a dúirt sé agus misneach spreagúil á léiriú aige in éadan an dúshláin.

‘Beidh lasracha fút anois,’ a dúirt mé leis.

‘Tá a fhios agam,’ a deir sé agus é an-dáiríre faoin traenáil is aiste bia dhian dhocht na lúthchleasaíochta.

Ní raibh aon chaint ón gCailín Mór Beag fad is a bhí Usain Bolt ag ithe a bhricfeasta ach í thall ag doras an tí, a mála scoile ar a droim agus í ina capaillín breabhsach sa stalla ag fanacht ar oscailt an dorais.

Chríochnaigh an lúthchleasaí a bhricfeasta mór millteach ar deireadh, d’éirigh ón mbord go tiomanta, ghlan a bhéal de dhroim a láimhe agus rug ar a mhála scoile. ‘Tá mé réidh!’ a d’fhógair sé.

D’oscail mé an doras agus rith an bheirt amach tharam ina dtintreacha agus d’imigh síos an bóthar is lúcháir orthu, na málaí scoile ag preabadh suas agus síos mar a bheadh jacaithe beaga ar a ndroimeanna acu.

‘Cén chaoi a raibh do lá?’ a d’fhiafraigh mé den Bhabaí an tráthnóna sin agus muid ina suí ag an dinnéar.

‘Iontach uilig!’ a dúirt sé. ‘Bhuaigh mé rása ina aghaidh Phádraic den chéad uair i mo shaol,’ agus ríméad air.

‘Chaithfeadh gur oibrigh an weetabix más ea,’ a dúirt mé.

‘D’oibrigh,’ a dúirt sé. ‘Agus bhuaigh mé wrestle in aghaidh Billí freisin!’ a deir sé agus é an-sásta go deo leis féin.

‘Níor bhuaigh tú an choraíocht,’ a dúirt an Cailín Mór Beag os íseal. Chaithfeadh go raibh an iomarca cainte cloiste aici. Ar mhaithe leis a bhí sí, gan amhras, ar fhaitíos go gcaillfeadh sé guaim air fhéin mar gheall ar na buanna móra go léir a bhí aige. 


‘Bhuel…’, a deir sé agus é ag iarraidh a mhisneach a choinneáil in éadan an dúshláin, ‘bhí muid cothrom!’

Fág freagra ar 'Sín chugam an buidéal labhandair, tá an scoil sa mbaile á dúnadh arís!'

  • Niall na Naoi bPiontaí

    An-mhaith ar fad! :-)