‘Sibhse an dream deireanach a bheidh ag caitheamh an gheansaí seo’ – géarchéim Iorras Aintheach

Labhair an Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh an tseachtain seo caite faoin mbail atá ar Iorras Aintheach – ceantar Charna agus Chill Chiaráin – cheal fostaíochta. Rinne sé a chion ‘ar son an gheansaí’

‘Sibhse an dream deireanach a bheidh ag caitheamh an gheansaí seo’ – géarchéim Iorras Aintheach

‘Ná ligigí síos an geansaí seo, sibhse an dream deireanach a bheidh á chaitheamh’. Tuairiscítear gurb in a dúirt duine d’imreoirí peile Charna lena chomhghleacaithe cúpla bliain ó shin agus iad ag dul ar an bpáirc. Tá cúpla bliain freisin ann ó dúirt Seán Ó Cualáin, bainisteoir fhoireann shinsir Charna/an Chaisil gur ar éigean a bheadh an cumann in ann foireann ar bith a chur ar an bpáirc faoin mbliain 2020 nó 2021. Chaill Carna a stádas mar fhoireann shinsir peile in 2016. Bhíodar scáinte an lá ar imríodh an cluiche cinniúnach, agus gan acu ach cúpla fear ionaid, fir a bhí thar cionn scaitheamh ach a raibh an lá sin caite.

Tá mórsheisear eile a bhíodh ag an bhfoireann imithe arís le cúpla bliain.

B’fhíor don Seanadóir de chuid Shinn Féin Trevor Ó Clochartaigh a labhair le déanaí faoin ngá le plean ar leith d’Iorras Aintheach. “Níl,” a dúirt an Seanadóir, “aon duine ag fanacht thiar ann.”

Bhí leagan eile ar leic an teallaigh ag fear i gceann de na bailte fearainn in Iorras Aintheach ar an scéal le gairid. “Tá an áit seo réidh, tá chuile dhuine ann ar comhaois,” a dúirt sé.

Ní raibh aon ghá le staidéar mór sóisialta/eacnamaíochta. Bhí sé buailte ar an speireach ag fear den bhaile.

An chomhaois a bhí i gceist aige ná comhaois na ndaoine a bhí ag teannadh amach sna blianta. Ní fhéadfadh bailte fearainn mar sin maireachtáil an-fhada.

Tá an scéal gafa go Teach Laighean anois, pé ar bith líon daoine a thug aird air ansin. Ach, ba dual don Seanadóir Ó Clochartaigh, fear arb as an Aird Mhóir é agus a chuaigh chun na scoile i bPobalscoil Charna, an cheist a tharraingt anuas ar ardán poiblí náisiúnta.

An mheánscoil ar fhreastail Trevor Ó Clochartaigh uirthi, tá sí gafa i léig go mór. Bhí 215 dalta i Scoil Phobail Mhic Dara i 1990. Is é a chloch nirt é má tá 90 ansin anois. Ní fhéadfadh sé a bheith ar a mhalairt caoi – fiú agus go bhfuil roinnt daltaí as an áit ag dul soir go Ros Muc. Tá ísliú 50% ar an líon gasúr i mbunscoileanna Iorras Aintheach ó 1990 i leith. Gar do 1,700 a bhí sa bpobal de réir Dhaonáireamh 2011. Tá an daonra ag sleamhnú de réir a chéile, agus rud fíor-thromchúiseach, is i dtreo na haoise atá an daonra ag dul.

Taispeánann na staitisticí freisin go bhfuil an ráta dífhostaíochta an-ard sna trí thoghroinn sa cheantar – atá ag bordáil ar na ceantair dhubha dífhostaíochta náisiúnta.

Ar ndóigh, tá an scéal céanna, a bheag ná a mhór, le haithris i bpobail eile in iarthar Chonamara, idir Ghaeltacht agus Ghalltacht. Mar a deir an fear ar an teallach, chuile dhuine ar comhaois agus ag dul in aois. Agus mar a deir Trevor Ó Clochartaigh, “níl aon duine ag fanacht thiar”.

Beidh daoine ann – agus bíonn cúiseanna polaitíochta agus mórtas áite leis seo scaití – a déarfadh gur dona an rud é go labhrófaí go poiblí mar a rinne an Seanadóir Ó Clochartaigh. Beidh daoine ann a déarfaidh go bhfuil an saol níos fearr ná sin. Ach, ní leigheas ná faoiseamh ar dhrochscéal ar bith a bheith ag éalú uaidh agus má tá leigheas le fáil, ní bhfaighfear é nó go n-inseofar an scéal mar atá dáiríre agus go rachfar go bun an údair. Tá seirbhís tugtha ag Trevor Ó Clochartaigh dá phobal dúchais, ar an gcaoi sin, agus níl ‘an geansaí ligthe síos aige’.

Dúirt an Clochartach gur cheart d’Údarás na Gaeltachta tascfhórsa, nó a mhacasamhail, a bhunú do cheantair ar nós Iorras Aintheach.

Céard a dhéanfadh tascfhórsa in Iorras Aintheach?

Ait go leor, bhí tréimhse ann deich mbliana fichead ó shin nuair a bhí borradh maith go leor faoin gceantar agus an fhostaíocht níos fairsinge ná mar a bhí sí le scaitheamh maith roimhe sin. Tionscal na feilméarachta bradán ba chúis leis sin. D’imigh an tionscal sin i léig nuair a tháinig laghdú ar phraghsanna ar feadh roinnt blianta, nuair a bhuail galair na bradáin, agus nuair a thug lucht na timpeallacha foghanna faoin tionscal.

Rinne na bancanna féin cúlú ón tionscal an uair sin freisin, agus ní raibh ach fíorbheagán daoine fostaithe ann sa deireadh.

Tá obair mhór déanta ag Údarás na Gaeltachta ag cur roinnt beochta sa bhfeilméaracht bradán arís.

Leagann Údarás na Gaeltachta béim mhór ar acmhainní nádúrtha i gceantair ar nós Iorras Aintheach mar gur ar éigean, a deirtear, go dtiocfaidh tionscal ar bith eile níos faide anoir ná Cois Fharraige.

Go praiticiúil ciallaíonn acmhainní nádúrtha ceithre rud – feilméaracht éisc (bradáin go háirithe), tionscal na feamainne, turasóireacht agus an Ghaeilge.

Is maith ann a bhfuil fanta den fheilméaracht éisc ó thaobh na fostaíochta de, tá sé cruthaithe le cúpla bliain anuas arís go bhfásann na bradáin go maith sa gceantar, ach theastódh cuimse eile bradán le go mbeadh na postanna ann ar feadh na bliana, óir is obair shéasúrach go leor di anois.

Tá borradh suntasach geallta do thionscal na feamainne le fada ach tá ceisteanna ann faoin lear daoine a bhainfidh feamainn amach anseo agus faoi chearta feamainne. Ní furasta ceachtar fadhb acu sin a réiteach.

Tugann an Ghaeilge, mar thionscal, roinnt airgid isteach ach den chuid is mó, is tionscal séasúrach é sin freisin.

Maidir leis an turasóireacht, tá finscéal sa tír go gcuirfidh an tionscal sin cosa faoi cheantair iargúlta mar Iorras Aintheach. Arís, is tionscal séasúrach é agus fiú agus dá gcuirfí borradh faoi, ní thabharfadh sé slán pobail in iarthar Chonamara. An méid sin uilig ráite, chuideodh forbairt ar na hacmhainní nádúrtha seo.

Ach cén chaoi, nó an féidir dáiríre, an fhorbairt sin a dhéanamh sula mbeidh an pobal scáinte?

Mar a deir an Béarla, tá eilifint mhór sa seomra.

Tá ceist mhór amháin a gcaithfear aghaidh a thabhairt uirthi – bíodh tascfhórsa ann no ná bíodh – agus sin go bhfuil trí cheathrú cuid, ar a laghad, de na daltaí atá ag fágáil na meánscoile céanna ar fhreastail Trevor Ó Clochartaigh uirthi ag dul ar aghaidh go dtí an t-oideachas tríú leibhéal anois. Ní ar mhaithe le postanna séasúracha nó le dhul ag baint fheamainne (obair ghnaíúil agus obair bhreá ar a bealach féin) a dhéanann siad a gcuid staidéir.

Beidh siadsan sa tóir ar phost atá ag teacht lena gcuid oideachais agus ní bhfaighidh siad an post sin in Iorras Aintheach, nó in aice láithreach.

Má tá seans réadúil ar bith ag a bhformhór ar phostanna feiliúnacha, mar a fheictear dóibhsean é,  réasúnta gar do bhaile, is i gcathair na Gaillimhe é. Ach fiú agus má fhaigheann tú an post sin tá an bealach isteach, ó thuaidh agus ó dheas, róchasta agus rochorrach agus rómhall le bheith ag súil go ndéanfadh mórán as iarthar Chonamara an t-aistear sin isteach agus amach as ceantar na cathrach.

Cén bhrí ach is ar imeall thoir chathair na Gaillimhe atá go leor de na postanna a d’fheilfeadh. Anois tá tranglam tráchta na Gaillimhe agus drochbhóithre Chonamara romhat. Mar a tharlaíonn sé, tá a fhios ag chuile dhuine cén leigheas atá ar fhadhb na mbóithre.

Is cinnte go dtabharfadh bóithre ar ardchaighdeán deis níos fearr dóibh siúd ar mhaith leo fanacht sa bpobal agus taisteal chuig an obair. Chuirfeadh córas ceart leathanbhanda leis na deiseanna a bheadh ann freisin do dhaoine a bhfuil ardoiliúint orthu.

Agus tá a fhios againn, sa saol atá ann anois, go gcuidíonn infreastruchtúr maith, ar nós bóithre agus banda leathan le chuile thionscal, feamainn, feilméaracht na mara, an turasóireacht agus an Ghaeilge ina measc.

Dá bhféadfaí fadhbanna na mbóithre agus an leathanbhanda a leigheas ar dtús, bheadh seans ann na geansaithe a choinneáil ar dhromanna imreoirí na foirne peile freisin.