Sibhialtaigh teanntaithe ag ionsaithe na Rúise, a deir an Úcráin

D’fhógair an Rúis níos túisce inniu go n-osclófaí ‘bealaí éalaithe’ do dhaoine ón Úcráin, ach dúradh gur plean ‘mímhorálta’ a bhí ann toisc gur chun na Rúise agus na Bealarúise amháin a bhí na bealaí le dul

Sibhialtaigh teanntaithe ag ionsaithe na Rúise, a deir an Úcráin

Tá stop á chur le teitheadh sibhialtach ag tréanionsaithe sliogán na Rúise ar chathracha faoi léigear, a deir Rialtas na hÚcráine.

D’fhógair an Rúis níos túisce inniu go n-osclófaí “bealaí éalaithe” do dhaoine ón Úcráin a bhí ag iarraidh teitheadh ó Kyiv, Kharkiv agus na bailte sa deisceart, Mariupol, Sumy, Volnovakha agus Mykolayiv.

Ach dúirt Rialtas na hÚcráine gur moladh “mímhorálta” a bhí i bplean na Rúise nach bhféadfaí glacadh leis. Dúradh gurbh amhlaidh gur chun na Rúise agus na Bealarúise amháin a rachadh na bealaí éalaithe a bhí á moladh ag an Rúis.

Chuir Uachtarán na Fraince Emanuel Macron i leith Vladimir Putin, Uachtarán na Rúise, gur “soiniciúlacht ó thaobh na moráltachta agus na polaitíochta” ba bhun lena phlean i dtaobh na mbealaí éalaithe agus na sosanna cogaidh áitiúla.

Dúirt údaráis na Polainne go raibh milliún duine tagtha thar an teorainn ón Úcráin ó cuireadh tús le hionradh na Rúise agus de réir na bhfigiúirí is déanaí ó na Náisiúin Aontaithe 1.7 milliún duine atá teite ón dtír.

Cuireadh ó mhaith iarrachtaí a rinneadh aréir daoine a bhogadh as Mariupol agus cathracha eile nuair a ionsaíodh sibhialtaigh a bhí ag iarraidh éalú.

Tá Mariupol timpeallaithe ag fórsaí na Rúise le roinnt laethanta anuas. Tá bia agus uisce gann sa chathair chalafoirt sa deisceart agus daoine fágtha gan aon chumhacht ná gréasán cumarsáide.

Dúirt Mykhailo Podoliak, comhairleoir ag ceannasaí Oifig Uachtarán na hÚcráine, gur scriosadh 202 scoil, 34 ospidéal agus breis is 1,500 foirgneamh cónaithe ó cuireadh tús leis an gcogadh 12 lá ó shin. Mhaígh sé go raibh breis is 1,000 baile agus sráidbhaile fágtha gan leictreachas, uisce ná teas.

Tuairiscítear go bhfuil fórsaí na Rúise ag géarú ar na hionsaithe atá á ndéanamh ar shibhialtaigh agus infreastruchtúr sibhialta.

Tá sé ina imní gurb é an bás a bheidh i ndán do na mílte Úcránach sna laethanta amach romhainn murar féidir cabhair dhaonnúil a chur ar fáil dóibh gan mhoill.

Tháinig ceantair chónaithe in Mykolaiv faoi bharáiste airtléire na Rúise chomh maith agus fórsaí na hÚcráine ar a ndícheall ag iarraidh seilbh a choimeád ar an gcathair sa deisceart.

Reáchtáladh an tríú babhta cainteanna idir ionadaithe de chuid na Rúise agus na hÚcráine inniu.

Dúirt Vladimir Medinsky, duine de thoscaireacht na Rúise, nach raibh na cainteanna chomh tairbheach “lena rabhthas ag súil i Moscó”.

“Tá súil againn go n-éireoidh linn dul chun cinn níos mó a dhéanamh an chéad uair eile,” ar sé.

Fág freagra ar 'Sibhialtaigh teanntaithe ag ionsaithe na Rúise, a deir an Úcráin'