Siar bóithrín na smaointe le Maradona, fear draíochta beag talmhaí na hAirgintíne

An tseachtain seo tugann ár léirmheastóir scannán turas maoithneach siar bóithrín na smaointe go dtí Corn an Domhain 1986

Siar bóithrín na smaointe le Maradona, fear draíochta beag talmhaí na hAirgintíne

Diego Maradona. Pictiúr: INPHO/Billy Stickland

Do mhórán a bhfuil dúil acu sa sacar tá draíocht faoi leith ag baint le Corn an Domhain 1986, go mórmhór dóibh siúd a bhí ag teacht chun coinlíochta ag an am, an scríbhneoir seo ina measc. Maoithneachas faoi na hochtóidí nó an chéad Chorn an Domhain gur cuimhin liom, b’fhéidir. Ní hé gur andúileach sacair mé, ach tá rud éigin speisialta faoi Chorn an Domhain, agus ba chomórtas ar leith an ceann úd.

Gan amhras ní féidir comórtas na bliana sin a lua gan trácht a dhéanamh ar Diego Maradona, an tAirgintíneach talmhaí, sciliúil a rug greim scrogaill ar an gcomórtas agus a chinntigh gur chroch an Airgintín corn Jules Rimet leo ó dheas.

Níor éirigh le haon imreoir an tseilbh chéanna a ghlacadh ar an gcomórtas. Faoi mar is eol do chách d’imigh Diego bocht ar shlí na fírinne an tseachtain seo caite agus ní nach ionadh táthar ag tabhairt a ghaiscí ar pháirc na himeartha chun cuimhne, éachtaí Mheicsiceo san áireamh.

Ní haon iontas mar sin go bhfuil Hero (1987), clár faisnéise oifigiúil FIFA faoi chomórtas 1986, tar éis teacht ar an scáileán teilifíse is ardáin eile le breis is seachtain. Go deimhin tá os cionn 600,000 duine tar éis féachaint air ó tháinig sé ar YouTube in athuair cúpla lá ó shin. Chuireas mo chroí sa chlár nuair a chonac den chéad uair é, agus b’fhéidir gurb é an saothar seo a neadaigh Mexico 86 i scioból mo shamhlaíochta.

Chuir an ceol sintéisithe, na hamhráin Me Das Cada Día Más is Special Kind of Hero, an cur chuige drámatúil rómánsach, tráchtaireacht bhinn Michael Caine agus an eagarthóireacht shnoite beocht thar na bearta sa chuntas. Chabhraigh sé go raibh comórtas corraitheach, eachtrúil idir chamáin.

Meabhraíonn an saothar dúinn go raibh plúr na n-imreoirí ar na páirceanna imeartha, gaiscígh atá sa Táin anois: Platini na Fraince, Socrates, Careca agus Zico na Brasaíle, Francescoli na hUngáire, Lineker Shasana, Sanchez Mheicsiceo, Rummenigge Iarthar na Gearmáine, Butragueño na Spáinne, Elkjær, Laudrup agus Olsen na Danmhairge agus, gan amhras, El Diego na hAirgintíne.

Soláthraíodh cluichí nótáilte; gaisce na Danmhairge i gcoinne na hUngáire nuair a bhuaileadar lúdó 6-1 orthu, comhrac bradáin na Fraince is na Brasaíle agus cá mbeimis gan an cluiche leathcheannais idir an Airgintín agus Sasana bocht.

Gan ach cúpla bliain caite ó bhíodar i bpíobáin a chéile faoi Las Malvinas. Draíocht choise agus caimiléireacht láimhe Maradona ag cur na Sasanach, agus a mbéal ar leathadh acu, de dhroim seoil.

Ceann de na cúil is míchlúití riamh agus an cúl is clúití riamh. Ní fhéadfá a leithéid a chumadh.

Bhí cluiche ceannais drámatúil againn ag deireadh an chomórtais. Cuma na maitheasa ar an Airgintín agus iad dhá bháide chun cinn i dtosach an dara leath. Teacht aniar na nGearmánach agus buille scoir na nAirgintíneach; trí bháide in achar dhá nóiméad déag.

É sin ar fad agus an mhaidhm Mheicsiceach, an liathróid Azteca, Pique an tsonóg agus teacht aniar mhuintir Mheicsiceo is iad ag reáchtáil an chomórtais ocht mí tar éis do chrith talún creathadh a bhaint as iarthar na tíre.

Cé go bhfuil éirithe le clár faisnéise Asif Kapadia léargas níos cuimsithí a thabhairt ar shaol agus ar mheon Diego tá rómánsaíocht ag baint le Hero. Cuntas ealaíonta, rómánsúil ar imreoir cumasach ar leith i mbarr a mhaitheasa. Cuntas chomh maith ar cheann de Choirn an Domhain is suaithinsí riamh, comórtas atá neadaithe i samhlaíocht lucht an mhaoithneachais.

 

Fág freagra ar 'Siar bóithrín na smaointe le Maradona, fear draíochta beag talmhaí na hAirgintíne'