Siar bóithrín na smaointe le Friends ar chlár maoithneach milis

Cé gur mheasas go raibh an saothar ábhairín rómhilis go minic bhaineas súp as a bheith i bhfochair an tseisir gheanúil in athuair

Siar bóithrín na smaointe le Friends ar chlár maoithneach milis

Tháinig an tsraith ghrinn sheanbhunaithe Friends chun críche i mí Bealtaine 2004. D’fhéach tuairim is 52 milliún duine ar an ngála deireanach sin le slán a fhágaint le Monica, Rachel, Phoebe, Ross, Joey agus Chandler. I rith na ndeich mbliana roimhe sin bhí Friends ar cheann de na cláir theilifíse ba mhó ráchairt agus éileamh i Meiriceá, agus ar fud an domhain go deimhin. Agus an tsraith in airde láin bhí sí á craoladh in 220 dúthaigh dhifriúil. Deineadh réalta idirnáisiúnta dos na haisteoirí óga anaithnide.

Ar shlí níor tháinig an tsraith chun críche riamh agus í á hathchraoladh de shíor ar an iliomad bealach teilifíse. Tá dream gafa leis an tsraith ná raibh beo nuair a craoladh an gála deireanach, ní áirím an chéad cheann. Go deimhin meastar go bhfuiltear tar éis féachaint ar ghála den tsraith tuairim is céad billiún uair ar fud na cruinne.

Thugadar ar fad geábhanna ar an scáileán mór is beag ina dhiaidh sin ach is cuibheasach seachas maíteach a d’éirigh leo agus níor éirigh le héinne acu an bhuaic chéanna a bhaint amach. Bhíothas ag caint ar scannán agus gálaí speisialta go mion minic ó shin ach níor tugadh aon ní ar an bport. Ar deireadh thiar thall tá an seachtar tugtha le chéile arís le suí ar an gcúits cháiliúil úd, dul ag spaisteoireacht timpeall an tseit so-aitheanta úd agus a gcuimhní cinn a roinnt linn.

Tá an seisear acu neadaithe i scioból samhlaíochta an phobail mar chairde atá sna fichidí agus gan cíos, cás ná cathú orthu. Beidh Lisa Kudrow na trí scór i gceann dhá bhliain agus tá an chuid eile ar fad sna caogaidí chomh maith. Tá an t-am sleamhnaithe tharainn.

Ba chlár maoithneach amach is amach a bhí againn in Friends: Reunion (Now TV, Déardaoin) agus Courtney, Jennifer, Lisa, Matt, David agus Matthew ag dul siar bóithrín na smaointe. Léitheoireacht bhoird á déanamh acu ar mhíreanna áirithe, plé á dhéanamh ar a n-aistear chun cáile agus athchruthú/athléamh á dhéanamh acu ar radharc cáiliúil siúd an tráth na gceist. Is léir go bhfuil an-ghean ag an seisear ar a chéile agus tá splanc eatarthu go fóill. Go deimhin bhí Jennifer agus David an-ionraic faoin splanc a bhí (agus atá?) eatarthu. Ní nach ionadh cuirfidh seo gliondar ar lucht leanta Ross is Rachel.

Bhí cruthaitheoirí na sraithe Marta Kaufmann agus David Crane i láthair agus fuaireas an-bhlas ar a léargais siúd ar an bpróiseas scríbhneoireachta agus roghnú na n-aisteoirí. Bhí raidhse aíonna speisialta againn ó Justin Bieber go David Beckham agus Tom Selleck.

Dar liom nach raibh aon ghnó ann ag cuid acusan agus gur seift gan dealramh a bhí ann.

Cé gur mheasas go raibh an saothar ábhairín rómhilis go minic bhaineas súp as a bheith i bhfochair an tseisir gheanúil in athuair.

Fág freagra ar 'Siar bóithrín na smaointe le Friends ar chlár maoithneach milis'