Siar bóithrín na smaointe i gCortina na gcuimhní…

Níl a fhios agam féin cén uimhir atá agam, ach nach iontach an tsuim atá ag na fir i gcarranna?

Siar bóithrín na smaointe i gCortina na gcuimhní…

Tar éis mo chuairt ar Reachlainn an tseachtain seo caite, chaith mé tamall ag Féile an Lammas i mBaile an Chaistil – tá sé ina ábhar díospóireachta cé acu é féin nó Féile an Phoic is sine i measc na n-aonach. Ach níl aon dabht ach go bhfuil an Fhéile seo ar cheann de na haontaí talmhaíochta is sine sa tír.

Bíonn rudaí ón seansaol fós ar díol ann – ón duileasc go dtí an ‘Fear Buí.’ Agus gach saghas ainmhí ar taispeáint agus ar díol ann freisin – capaill, beithígh agus caoirigh ina measc.

Go deimhin bhí níos mó ná ceárta ‘shoghluaiste’ amháin ann – oigheann seachas tine oscailte ag an ngabha agus gach rud faoi réir aige le crú a chur ar chapall nó crúba na n-asal a bhearradh.

Agus mé ag breathnú air seo ar fad, tháinig gleo mór i mo threo, seo chugam tríd an mbaile paráid na seantarracóirí. Bíonn an-tóir ar na seanmhótair, idir tharracóirí agus sean-charranna ag na taispeántais talmhaíochta seo. Ina lár bhí carranna Meiriceánacha, tarracóirí beaga bídeacha agus carranna gan díon. Go tobann ansin, i lár na paráide, leag mé mo shúil ar an sean-Chortina.

Bhí sé díreach cosúil le ceann a bhíodh againne sa mbaile fadó. Thug sé siar mé ar bhóithrín na smaointe ar an bpointe.

Bhí an-mheas ag m’athair ar charranna Ford. Bhíodh béim mhór ar earraí Éireannacha a cheannach an t-am úd agus bhí monarcha mhór ag Ford i gCorcaigh.

Ó dheas leis go Corcaigh agus cheannaigh sé a chéad charr. Ach bhí deacracht bheag amháin aige; níor thiomáin sé riamh trí chathair ná trí bhaile mór. D’inis sé dúinne, más fíor bréag é, gur íoc sé leathchoróin leis an meicneoir chun an carr a thiomáint tríd an gcathair agus eisean agus a Ford a fhágáil amuigh ar imeall na cathrach.

Ar aon nós, nuair a chonaic mé an sean-Chortina, chuir mé teachtaireacht chuig mo dheartháir i Meiriceá-  fear eile a dtaitníonn seancharranna leis. Mheabhraigh mé an sean-Chortina dó. Ar cuimhin leis é? FDI 43 – carr glas díreach cosúil le carr an ‘Lammas.’

Tháinig an scéala ar ais ar WhatsApp ar an bpointe – ‘Cuimhne mhaith! Tháinig sé sin sna sála ar BDI 539!’ (Cortina liath más buan mo chuimhne.) Nach iontach an tsuim atá ag na fir i gcarranna? Níl a fhios agam féin cén uimhir atá ar an gcarr – tá sí scríofa síos áit éigin sa bhfón ar fhaitíos go dteastódh sí.

Ach i gcás na bhfear – bíonn i bhfad níos mó i gceist – baineann scéal le gach carr.

Ar Beidh Aonach Amárach, an tsraith teilifíse faoi aontaí na tíre a mbím ag obair uirthi, bhí mír ann anuraidh faoi scata fear as Gaeltacht Láir Dhún na nGall atá páirteach i gclub seancharranna. Ní carranna ‘vintage’ iad amach is amach agus bheadh ‘FDI 43’ an-chompordach ina gcomhluadar.

Ag caint faoi mhná agus mileoidin, agus faoi fhreastal ar thaispeántas talmhaíochta a bhí na seanleads sa chlár. Thug mé féin leads ‘Last of the Summer Wine’ orthu toisc gur chuireadar an dream ón gclár teilifíse sin i gcuimhne domsa.

Nuair a d’éirigh m’athair as na Cortinas, d’fhan sé dílis do Henry Ford (cheap sé go bhfanfadh Henry dílis do Chorcaigh, ach mo léan…).

Thosaigh sé ag ceannach Ford Escort as sin amach agus ina dhiaidh sin, an Ford Fiesta (de réir mar a bhí na cúraimí air ag laghdú, laghdaigh an carr).

Ach le linn réimeas an Escort, bhí leantóir aige agus é in ann beithíoch nó dhó a thabhairt ag an marglann sa leantóir sin. Bhí an deartháir atá i gCarolina Thuaidh anois, sa charr ag cabhrú leis nuair a thugadar bullán chuig an marglann i Ros Comáin.

Ach, ochón, bhí an ‘doras caorach’ fágtha gan ghlas agus nuair a leaindeáil siad i Ros Comáin, chuir fear a bhí i gcarr a bhí páirceáilte taobh leo sa charrchlós ceist orthu: ‘Seans ar bith go raibh ainmhí agat sa leantóir sin?’

Ainmhí eile a thaistil leis sa charr go minic, go háirithe le linn shéasúr na seilge, ná an mada. ‘Bran’ a thugtaí i gcónaí ar mhada ar bith sa teach s’againne. Ach murab ionann agus peataí boga an lae inniu, is taobh amuigh a mhaireadar agus leaba de shaghas éigin sa seid taobh amuigh acu.

Ach lá amháin, ba léir go raibh an Bran áirithe seo ar iarraidh. An raibh sé imithe ar strae, cosúil leis an mBran a d’imigh ón teach sa Spidéal agus a frítheadh gar do dhroichead na bhForbacha? Tar éis tráthnóna a chaitheamh ag cuardach, tháinig an chomharsa béal dorais isteach.

‘Tá fuaim aisteach ag teacht ó bhúit an Escort,’ ar seisean. ‘Cineál caoineadh…’

Fág freagra ar 'Siar bóithrín na smaointe i gCortina na gcuimhní…'

  • Cluain Sceach

    Go haluinn mar is gnath!