‘Siabhrán intinne’ ar fhear as an gCeathrú Rua atá cúisithe i ndúnmharú a dhearthár, de réir fianaise chúirte

Dúradh sa Phríomh-Chúirt Choiriúil inniu go raibh Declan Ó Cualáin chomh 'tógtha sin le ceist na péidifilia' gur tháinig siabhrán air a d’fhág go raibh amhras gan bhrí gan bhunús air 'go raibh an fhadhb sin ag a dheartháir agus go dtarlódh gur bhain sé mí-úsáid ghnéis as duine eile dá dteaghlach

000934f6-642-1

Dúradh sa Phríomh-Chúirt Choiriúil inniu go raibh fear, 41 bliain d’aois, as an gCuileán ar an gCeathrú Rua i gConamara, a phléadáil neamhchiontach as ‘dúnmharú de bharr gealtachta’ a dhearthár, chomh “tógtha sin le ceist na péidifilia” gur tháinig siabhrán air a d’fhág go raibh amhras gan bhunús air “go raibh an fhadhb sin ag a dheartháir agus go dtarlódh gur bhain sé mí-úsáid ghnéis as duine eile dá dteaghlach”.

Tá sé curtha i leith Declan Ó Cualáin, a bhfuil seoladh aige ar an gCuileán ar an gCeathrú Rua i gConamara, gur mharaigh sé a dheartháir Adrian Folan (Ó Cualáin) i Lislorkin Thuaidh i Lios Ceannúir i gCo. an Chláir ar an 4 Iúil 2014.

Phléadáil Declan Ó Cualáin neamhchiontach ‘as dúnmharú de bharr gealtachta’.

Maidin inniu dúirt Anthony Sammon, an t-abhchóide ar son an ionchúisimh, leis an ngiúiré naonúr fear agus triúr ban, go raibh “fadhbanna meabhairghalair le fada” ag dul don té a bhfuil cúis curtha ina leith. Dúirt Sammon go raibh an bheirt síciatraithe a bhí ag plé leis an gcás den tuairim go raibh an té a bhfuil cúis curtha ina leith as a mheabhair ag an am a líomhnaítear gur mharaigh sé a dheartháir.

Dúiradh sa chúirt inniu gur thángthas ar chorp Adrian Folan gar do Lios Ceannúir agus Aillte an Mhothair. Dúradh gur thángthas ar a chorp a bhuíochas d’eolas a tugadh do na Gardaí.

“Fuarthas a chorp i lochán éadomhain uisce agus é folaithe faoi chlocha ag an té a bhfuil cúis curtha ina leith,” a dúirt an tUasal Sammon.

Dúirt an tAbhcóide go raibh an tUasal Ó Cualáin gealta agus é ‘faoi thionchar siabhráin ar leith’ ag an am.

Dúirt an tUasal Sammon go soiléir leis an ngiúiré: “Níor cheart d’aon duine aon tábhacht a leagan ar na siabhráin a bhí in intinn an Uasail Uí Chualáin nuair a mharaigh sé a dheartháir agus roimhe sin. Bhí meabhairghalar air ag an am agus bhí an galar dubhach ag dul dó go dona roimhe sin.”

Dúradh sa chúirt go raibh post ag an gcúisí in institiúid airgeadais nuair a chaill sé a shláinte.

Thosaigh an Cualánach ag obair i réimse an cheoil ansin.

“Bhí an galar dubhach ag dul dó le fada ach bhí sé ag déanamh go maith ar an gcóir leighis. Uair éigin roimh an dáta seo, d’athraigh an tUasal Ó Cualáin an cur chuige a bhí aige lena chóir leighis agus bhuail drochráig siabhráin é,” a dúirt an t-abhcóide.

Dúradh sa chúirt gur éirigh an cúisí ‘an-tógtha le ceist na péidifilia’ agus ‘go ndeachaigh sé sa chloigeann aige go raibh an fhadhb sin ag a dheartháir agus go dtarlódh gur bhain sé mí-úsáid ghnéis as duine eile dá dteaghlach’.

“Siabhrán intinne ar fad atá ansin agus níor cheart aon tábhacht a leagan air. Cuirfear fianaise ar fáil faoin siabhrán intinne sin,” arsa an t-abhcóide.

Dúirt an tUasal Sammon leis an ngiúiré gur thug daoine a raibh aithne mhaith acu ar Adrian Folan faoi deara go raibh sé ar iarraidh agus tosaíodh á chuardach.

“Ar deireadh, is amhlaidh a d’inis Declan Ó Cualáin do chara dá chuid, Paul Taylor, céard a tharla agus gur mharaigh sé a dheartháir. Mhínigh an cúisí don Uasal Taylor gur in aice le hAillte an Mhothair a tharla sé. Mar dhuine freagrach, chuaigh an tUasal Taylor i dteagmháil leis na Gardaí i Stáisiún Bhaile Átha Luain,” arsa an t-abhcóide.

Dúirt an t-abhcóide leis an gcúirt gur le cúnamh an Uasail Uí Chualáin a tháinig na Gardaí ar chorp a dhearthár sa deireadh agus é faoin uisce ‘i lochán uisce agus clocha os a chionn’.

Ar an 7 Iúil 2014 ghabh na gardaí Declan Ó Cualáin agus cuireadh faoi choimeád é ag Stáisiún an Gharda Síochana i nGaillimh.

Leanfar leis an triail amárach agus tabharfaidh an Dr Ronan Mullaney, an síciatraí comhairleach a chuir scrúdú ar Declan Ó Cualáin, fianaise ar maidin. D’fhéadfaí glaoch freisin ar roinnt finnéithe eile.

 

Fág freagra ar '‘Siabhrán intinne’ ar fhear as an gCeathrú Rua atá cúisithe i ndúnmharú a dhearthár, de réir fianaise chúirte'