’Sí an Spáinnis atá á labhairt anois san áit a mbíodh an Ghaeilge…’

In ainneoin na n-athruithe agus na ndeighiltí, tá an dóchas agus an creideamh sa dul chun cinn beo láidir i Stáit Aontaithe Mheiriceá

’Sí an Spáinnis atá á labhairt anois san áit a mbíodh an Ghaeilge…’

“Good for you: I hope you get there!” Fear sa taobh seo tíre a bhíodh ag tabhairt léargais ar an difríocht a chonaic seisean idir Sasana agus Meiriceá. D’fhéadfá rá le Meiriceánach go raibh sé i gceist agat turas a thabhairt chomh fada leis an Mol Thuaidh agus thugadh sé misneach agus ugach duit: “I hope you get there!” Dá ndéarfá an rud céanna le fear ag an obair i Sasana agus ba dhóigh ná a mhalairt go ndéanfadh sé: “Are you fuc*king out of your head, mate?”

Chaith an fear atá i gceist sealanna blianta i chaon tír acu. Bhíodar togha i Sasana, a deir sé, ach ba mhó sásamh agus solamair a bhain sé as California. Thugadh meoin na háite ardú croí duit, a deir sé.

Ní raibh an tUachtarán Joe Biden baileach chomh drámatúil ag tabhairt breithiúnais ar bhuanna pearsanta mhuintir Mheiriceá ina óráid insealbhaithe an lá cheana – ach thug sé iarraidh mhaith faoi: “We are a restless people and a bold people and we are an optimistic people”, arsa an tUachtarán.

Sin é a fheiceann cuimse daoine as tíortha ar fud an domhain sna Stáit Aontaithe. Beag beann ar an olc agus ar an easaontas, feiceann siad tír a thugann spás agus saoirse dóibh – tír a thugann deis dóibh dul chun cinn a dhéanamh. Feiceann siad tír a thugann luach saothair agus aitheantas don té atá sásta a chuid a shaothrú.

Anois, tá sé ina imní faoi Mheiriceá mar go bhfuil coimhthíos thar an ngnáth idir páirtithe móra polaitiúla na tíre – coimhthíos atá cothaithe, a bheag no a mhór, ag athrú suntasach ar an roinnt atá ar na ciníocha sa tír anois seachas mar a bhíodh.

Tá eití den Pháirtí Poblachtánach ag seasamh go daingean lena leagan de Mheiriceá dúchasach, an tír agus na bealaí saoil a mhúnlaigh muintir na hEorpa, den chuid is mó. Tá an mheoin sin gafa thar fóir agus teannadh curtha leis le ceithre bliana ag Donald Trump. Ar an taobh eile den scéal, tá aicmí den Pháirtí Daonlathach atá éirithe ardnósach agus a chuireann blas ar leith orthu féin. Daoine gan ‘oideachas’ – bíonn an téarmaíocht níos gairbhe ná sin scaití – sna Stáit ó dheas atá ag taobhú leis na Poblachtánaigh, dar leis an aicme seo Daonlathach.

Tráthúil go leor, ba iad polasaithe na gCinnéideach sa Teach Bán a chuir tús leis an rud ar a dtugtar ‘The Browning of America’. Agus ní cosúil gur thuigeadar go rabhadar leis an athrú ollmhór sin a chur ar Mheiriceá.  

Go traidisiúnta, bhí fabhar láidir ag tíortha na hEorpa sa gcóras inimirce i Meiriceá. Bunaíodh an córas sin ar an lear daoine as tíortha éagsúla a bhíodh ag teacht go Meiriceá i 1920, tráth gurbh as an Eoraip os cionn 90% acu.

Shocraigh an tUachtarán Ó Cinnéide i dtús na 1960idí go n-athrófaí dlí na himirce agus go dtabharfaí cothrom na Féinne de thíortha san Áise, i Meiriceá Theas, san Afraic agus in áiteacha eile seachas an Eoraip.

Leagadh de chúram é ar dheartháir an Uachtaráin, an Seanadóir Edward Kennedy, an Bille nua inimirce a stiúradh thrí Thithe na Comhdhála in Washington agus shínigh an tUachtarán Lyndon Johnson an Immigration and Nationality Act 1965 faoi scáth Dhealbh na Saoirse i Nua-Eabhrac an bhliain sin.

Ceapadh go forleathan nach mbainfeadh na tíortha nua mórán leasa as an stádas nua a bhí tugtha dóibh ach ní mar sin a tharla.

Go deimhin, agus é ag labhairt sa Seanad i bhfabhar na reachtaíochta seo, dúirt an Seanadóir Edward Kennedy: “Our cities will not be flooded with a million immigrants annually. The ethnic mix of this country will not be upset.”

Bhí dul amú air. Tháinig 25 milliún imirceach isteach as na tíortha nua idir sin agus 1980. Cuimhnigh nach raibh daonra 200 milliún sna Stáit Aontaithe go dtí 1968. Bhí an ‘Browning of America’ tosaithe.

Ag fágáil an dream ar a dtugtar na Forchinígh Gheala nó na ‘White Supremacists’ ar leataobh uilig, tá an Meiriceá traidisiúnta sin atá bunaithe den chuid is mó ar shliocht mhuintir na hEorpa ag lagan sna Stáit.

Mar a luaigh Jimmy Mac an Ríogh, a bhfuil ionann agus 40 bliain caite aige ar shuíomhanna tógála i mBoston, in alt a scríobh sé in irisleabhar bliantúil Chill Chiaráin agus Charna i gConamara le gairid, “Sí an Spáinnis [imircigh as Meicsiceo] atá á labhairt anois san áit a mbíodh an Ghaeilge.”

Nuair a rith Marty Walsh do phost an Mhéara i mBoston in 2013, cuireadh de dhualgas ar Mhaidhc Newell as Ros Muc i gConamara ó dhúchas, déileáil le glaonna ó chainteoirí Spáinnise.

Go gairid, ach a n-athróidh an Méara Marty Walsh chuig post sa Rialtas Náisiúnta in Washington, is dóigh ná a mhalairt go mbeidh Kim Janey ar an gcéad Mhéara riamh den chine dubh ar chathair mhór na nGael i Meiriceá – Boston.

Beidh ‘deighilteanna’ i gcónaí i dtír chomh mór agus chomh measctha le Stáit Aontaithe Mheiriceá. Tá curtha go mór leis an meascán sin ó rinneadh an t-athrú bunúsach ar an gcóras inimirce beagnach trí scór blianta ó shin. Beidh a lorg sin ag éirí níos feiceálaí de réir mar a bheidh na glúnta daoine as tíortha ar fud na cruinne ag dul ar aghaidh.

Tá sé tite mar dhualgas ar Joe Biden, duine de shliocht na hÉireann agus an tseanchórais inimirce, an tír ollmhór seo agus an tír mheasctha seo a láimhsiú agus stiúradh. Más féidir leis teanntás agus cairdeas a mhúnlú leis na Poblachtánaigh in Washington, beidh tús maith déanta aige. Chuile sheans go raibh eolas aige ar fhear a rinne beart mar sin sna 1980idí.

Ar ndóigh tá daoine fós sna Stáit Aontaithe a chaitheann súil siar go maoithneach ar thréimhse an Uachtaráin Ronald Reagan, Poblachtánach. Níl teist níos fearr ar chumas ceannaireachta Reagan ná go raibh daoine in Dorchester – ceantar láidir Daonlathach na nÉireannach in Boston an tráth sin – a chaith vótaí dó. Bhíodar i measc na Reagan Democrats. Bhí an oiread de na Daonlathaigh sin ann ar fud na tíre gur baisteadh an teideal sin orthu. Bhíodar chomh tógtha le Reagan agus go rabhadar sásta tacú leis sa mboth vótála agus fanacht ina nDaonlathaigh san am céanna.

Cé nach raibh ceannas ag na Poblachtánaigh ar Thithe na Comhdhála sna blianta sin bhí an tUachtarán Reagan in ann comhoibriú go tairbheach agus go gnaíúil leis na Daonlathaigh.

Tar éis thréimhse chorrach Uachtaránachta Donald Trump, is fiú éisteacht leis an óráid a thug Ronald Reagan agus é ag críochnú sa Teach Bán. Thugadar an ‘Great Communicator’ air ach bíonn níos mó ná sin ag ceannaire a mbíonn tóir mhór air. Bíonn an croí aige le dul i gcion ar dhaoine. B’iontach an difríocht a bhí idir an óráid sin a thug Reagan agus é ag fágáil Washington agus an bealach ar chaith Donald Trump leis an tír i ndeireadh a thréimhse.

Beidh deighilteanna i Meiriceá, ach mar a deir an tUachtarán Joe Biden, tá an dul chun cinn agus an dóchas beo láidir sa tír i gcónaí. Tá fear maith de shliocht na hÉireann sa Teach Bán agus súil ag an saol go n-éireoidh le Joe Biden agus dream Chonamara atá in éineacht leis.

“Good for you: I hope you get there.”

Fág freagra ar '’Sí an Spáinnis atá á labhairt anois san áit a mbíodh an Ghaeilge…’'

  • Eoghan O Néilll

    Cúpla poinnte, ní fheicim aon fhaidhb le fear as Ros Muc sg labhairt spáinise le hoibhrithe i mBoston ach tuigim gur gráin le forchinigh gheala anglo aon teanga ach an béarla. Sílim gur cine donn a bhí ann sular díbríodh as a dtailte iad ( Choctaw, Cherokee etc.). Ba chuid de Phoblacht México Iarthar SAM sular ionsíodh í tráth a raibh an Gorta Mór i réim in Eireann (bhí Gaeil bainteach leis an tréimhse sin féach Na San Patricios!).

  • Gabriel Rosenstock

    “Tá fear maith de shliocht na hÉireann sa Teach Bán” . . . Déarfadh daoine atá ar an eolas nach bhfuil ann ach sionnach i gcraiceann na caorach, i.e. coirpeach cogaidh.
    https://www.theguardian.com/commentisfree/2020/feb/17/joe-biden-role-iraq-war
    Bheadh sé go deas dá ngabhfadh sé leithscéal le muintir na hIaráice as tacú le sléacht na milliún ann.

  • Máirtín Ó Catháin

    Bail ó Dhia oraibh, a chairde,
    Go raibh maith agaibh as na freagraí ar an alt; is deas an rud i gcónaí go dtiocfadh léitheoirí ar ais chuig duine.
    I gcás na bpoinntí a chur Eoghan i láthair, bhféidir go bhfuil mí-thuiscint bheag i gceist. Is é atá dá léiriú sna scéalta faoi Jimmy Mac an Ríogh agus Madhc Newell ná an t-athrú atá tárlaithe i gcathair in imeacht na mblianta – An t-athrú ar an daonra agus an t-athrú saoil. Níl ceachtar acu ag caitheadh anuas ar dhream ar bith. Níl fadhb dá laghad le Maidhc a bheith ag labhairt Spáinníse! Bail ó Dhia air, is breá uaidh Gaeilge, Béarla agus Spáinnís a labhairt.
    Cinnte ba daoine dúchasacha ar dhath donn a bhí i Meiriceá i bhfad siar ; tá roint acu ann i gcónaí. Ach tá an téarma “the Browning of America” tagtha sa gcaint le riar blianta de bharr an athruithe atá tárlaithe sa daonra, go mór mhór le cupla scór blianta. Tabharfaidh tú faoi deara é sin ag siúl na sráide duit.
    Na San Patricios – buíonn Naomh Pádraic. Tá scríofa agam futhu seo na blianta ó shin. Mar a thárlaíonn sé ba as Conamara an Ceannaire a bhí orthu, John Riley. Tá an staraí i Massachusetts, Peter Steevens, an eolgasach ar an scéal sin agus leabhar scríofa aige futhu. Is dóigh go bhfuil fáil air i gcónaí ar Amazon agus gréasáin dá short.
    Feicim go bhfuil trácht Ghabriel díríthe ar Joe Biden agus alt as an Guardian curtha ar fáil aige mar thaca lena thuairim gur “coirpeach cogaidh” é an tUachtarán nua. Níl saoi gan locht ná Uachtarán gan locht, sin cinnte. Tá tréimhse an-fhada caite ag Joe Biden sa saol poiblí agus dÁ réir sin, ní bheidh sé saor ó chonspóidí. Is cuimhneach liom a bheith i Meiriceá i dtús na 1990aidí nuair a bhí an chonspóid faoi Anita Hill agus Clarence Thomas ar bun; chonaic mé mórán chuile nóiméad den Éisteacht. Bhí Biden ina Chathaoirleach ar Choiste Thíthe na Comhdhála a bhí ag fiosrú an scéil. Rinneadh roint mhaith cáineadh air sna blianta ó shin faoin láimhsiú a rinneadh ar sin. Go deimhin, tá fianaise ann go raibh Biden in aghaidh an chóras “busing” sna Státaí. Féach Charlestown, South Bostona agus áiteacha eile sna Státaí sna 1970óidí agus 1980óidi.
    Maidir leis an bhótáil agus an ghníomhaíocht a bhain le Cogadh na hIaráice (an dara ceann) is léir go raibh cuimse eile polaitéoirí ar a shon freisin. Is uafásach an rud cogadh ar bith; faraíor tá cogaidh ar bun in áiteacha ar fud an domhain i gcónaí. Bhfear nach mbeadh gá le fórsa míleata ar bith ar fud an domhain; bhfearr go scriosfaí airm niúcléacha. Ach, is deacair an lá sin a shamhlú.
    Faraíor, is baolach go mbeidh tíortha cumhachtacha (míleata) an domhain bainteach le caismirtí agus cogadh. Níl mórán Uachtarán Meiriceánach ó aimsir an Dara Cogadh Domhanda (tógfaidh muid an tréimhse sin) nach bhfuil lorg caismirtí míleata ar a lámha agus bás daoine mar thoradh air. An bhfuil an Iaráic ar an sampla is measa? Bhféidir é.
    Tráchtaire amháin é Mark Weisbrott. Tá sé díríthe isteach ar chuid amháin de shaol agus d’obair pholaitiúil Biden anseo. Ceart go leor. Tá tráchtairí eile i Meiriceá a scríobhadh ar bhealaí eile faoi Joe Biden. Tá aithnea agam féin ar dhaoine a bhfuil eolas maith acu ar Biden agus tá trácht air mar dhuine macánta, díreach agus uasal. I bhfocla eile, fear maith.
    An ndéanfaidh sé Uachtarán maith? Is maith an scéalaí í an aimsir.